Seolann an Coimisinéir Faisnéise agus an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil , Emily O'Reilly, a Tuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2012
Sheol an Coimisinéir Faisnéise agus an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, Emily O’Reilly, a Tuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2012 inniu, Dé Máirt 14 Bealtaine. Seo an cúigiú tuarascáil bhliantúil déag ó bunaíodh an Oifig sa bhliain 1998.
Luann an Coimisinéir:
- An méadú de 38% a tháinig ar líon na n-iarratas ar athbhreithniú SF a fuair a hOifig ón mbliain 2012.
- An dul chun cinn atá déanta ar an mBille um Shaoráil Faisnéise (Leasú) agus an cur i bhfeidhm uathoibríoch atá molta ar an reachtaíocht SF i leith gach comhlachta phoiblí nuabhunaithe.
- Go bhfáiltíonn sí roimh an deis atá ag a hOifig páirt a ghlacadh i ngrúpa athbhreithnithe a bunaíodh chun beartú ar fheabhsuithe san úsáid a bhaintear as an Acht agus chun an dea-chleachtas a chur chun cinn.
- Go bhfuil díomá uirthi gur cinn an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta scor den chleachtas staidrimh a bhailiú ó thuairisceáin SF mar thoradh ar ualach oibre nach raibh inmharthana ó thaobh riaracháin de. Mar thoradh air sin ní raibh an Coimisinéir in ann faisnéis a fhoilsiú agus tráchtaireacht a sholáthar ina Tuarascáil Bhliantúil maidir le hiarratais SF a rinne comhlachtaí poiblí ón mbliain 2012 i leith.
I measc phríomhchinntí 2012 bhí siad seo a leanas:
- Go scaoilfí tuarascálacha arna dtiomsú ag FSS tar éis imscrúdaithe a rinneadh ar ghearáin i gcoinne teach altranais.
- Go scaoilfí ainmneacha na ndaoine a raibh áitribh ar cíos ag an IDA uathu idir na blianta 2007 agus 2010.
- Go scaoilfí – ar mhaithe le leas an phobail – taifid i ndáil le rátaí mortlaíochta in Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo.
I measc na gcinntí gan faisnéis a scaoileadh bhí siad seo a leanas:
- Taifid i ndáil le cúrsaí airgeadais an Stáit, lena n-áirítear leachtacht an chórais bhaincéireachta.
- Sraith iarratas ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar an mbonn gurbh ionann iad agus pátrún de ghníomhartha a bhí míréasúnta ó bhonn.
- Iarratais le haghaidh taifid leighis a bhain le hathair básaithe an iarratasóra ar an mbonn nach mbeadh a athair tar éis toiliú iad a scaoileadh dá mbeadh sé fós beo.
An Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil
Baineann Cuid II de Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara le haghaidh 2012 lena ról ar leithligh mar Choimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil. Díríonn sé ar chinntí a rinne a hOifig tar éis achomhairc a fháil faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis Chomhshaoil (RFC) 2007.
- Luaigh an Coimisinéir gurb é cuspóir foriomlán an chórais RFC ná feabhas a chur ar an gcomhshaol trí rochtain níos fearr a sholáthar don phobal ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus ar an gcaoi sin níos mó rannpháirtíochta éifeachtaí a spreagadh i measc an phobail sa chinnteoireacht faoin gcomhshaol.
- Cibé scéal é, luaigh sí go raibh díomá uirthi faoin líon cuíosach beag d’achomhairc RFC a fuair a hOifig sa bhliain 2012.
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le:
Stephen Rafferty, Príomh-Imscrúdaitheoir - 01 639 5680 / 087 4110557
R-phost: stephen_rafferty@oic.gov.ie
Fiosruithe ó na meáin
David Nutley, An tAonad Cumarsáide – 01 639 5610
R-phost: david_nutley@ombudsman.gov.ie
Tá Tuarascáil Bhliantúil 2012 ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara ag ww.oic.gov.ie.