Tuarascálacha-Bhliantúil 2013
Sheol an Coimisinéir Faisnéise agus Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, Peter Tyndall, a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2013, arb í an séú tuarascáil déag í ó bunaíodh an oifig in 1998.
Is í seo an chéad Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisinéir Faisnéise ó cheap an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn é, mí na Nollag 2013.
Tuarascáil Bhliantúil Oifig an Choimisinéara Faisnéise 2013 (ar líne)
Íoslódál PDF
Déanann an Coimisinéir:
- Méadú 29% a thabhairt dá aire ar líon na n-athbhreithnithe a cuireadh i gcrích in 2013, i gcomparáid leis an mbliain 2012.
- A mheas gur dócha go mbeidh méadú suntasach ar an éileamh ar sheirbhísí a Oifige i ngeall ar an mBille um Shaoráil Faisnéise (Leasú) agus leathnú an Achta chun gach cuideachta phoiblí a chur san áireamh, lena n-áirítear cuideachtaí ar nós Bhanc Ceannais na hÉireann, GNBS, GBCN agus An Garda Síochána.