An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015
Is é is aidhm don Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi cé a bhfuil brústocaireacht á déanamh air agus faoi cad a bhfuil brústocaireacht á dhéanamh ina thaobh. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag www.lobbying.ie.
Ceanglaítear le hAlt 6(4) den Acht ar gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí shainithe an chomhlachta a fhoilsiú. Is é seo a leanas cuspóir an liosta sin:
- daoine den phobal a chumasú daoine ar oifigigh phoiblí shainithe iad a shainaithint
- an liosta a úsáid mar acmhainn do bhrústocairí ar gá dóibh teacht ar shonraí oifigigh phoiblí shainithe agus tuairisceán don Chlár á chomhdú.
Is é Oifig an Ombudsman a chuireann an rúnaíocht don Oifig an Choimisinéara Faisnéise ar fáil. Tá sonraí faoin Oifigeach Poiblí Sainithe d’Oifig an Ombudsman ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Ombudsman