Ról, Feidhmeanna agus Cumhachtaí an Choimisinéara Faisnéise
Tá an Coimisinéir Faisnéise go hiomlán neamhspleách ón Rialtas i gcomhlíonadh a feidhmeanna. Tá an neamhspleáchas seo á thacú ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.
Is féidir príomhfheidhmeanna an Choimisinéara a achoimriú mar seo a leanas:
- athbhreithniú (ar iarratas) ar bhreitheanna comhlachtaí poiblí maidir le hiarrataí FOI agus nuair is gá, breitheanna ceangailteacha, nua a thabhairt;
- athbhreithniú ar oibriú an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 ; arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 d'fhonn a chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí poiblí forálacha na reachtaíochta;
- dearcadh oscailteachta a chothú i measc comhlachtaí poiblí ; trí fhoilsiú deonach a spreagadh ar fhaisnéis a sháraíonn an méid a bhfuil de dhualgas orthu a fhoilsiú faoin Acht;
- tráchtaireachtaí a ullmhú agus a fhoilsiú ; ar oibriú praiticiúil na nAchtanna; agus
- Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú.
Cuireann na hAchtanna FOI cumhachtaí ar leith ar fáil don Choimisinéir a chabhraíonn léi a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh.
- Athbhreithniú ar Bhreitheanna FOI Comhlachtaí Poiblí
- Cumhachtaí an Choimisinéara
- Choimeádfaidh an Coimisinéir oibriú na nAchtanna faoi athbhreithniú.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise