Eolas Fúinn
Sa rannóg seo tá eolas faoin gCoimisinéir Faisnéise agus cur síos achomair ar a ról, a feidhm agus a cumhachtaí. Tá naisc ann freisin leis na hAchtanna um SF, le rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna um SF agus nótaí treorach arna bhfoilsiú ag Aonad Lárnach Polasaí SF na Roinne Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe.
Sa rannóg seo leagtar amach polasaithe agus straitéisí atá ina mbonn eolais dár n-obair i láthair na huaire agus don obair atá beartaithe againn. Tá eolas teagmhála ann freisin más mian leat dul i dteagmháil linn.
Ról, feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Faisnéise
Eolas faoi phríomhfheidhmeanna an Choimisinéara Faisnéise agus na cumhachtaí atá ar fáil di chun a feidhmeanna a chur i gcrích
Reachtaíocht, Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
Polasaithe agus straitéisí Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Foilsíodh an Scéim um Fhoilsiú seo a leanas faoi alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Tagann an Scéim in éifeacht an 14 Aibreán 2016.
Sa doiciméad seo leagtar amach socruithe rialachais na hOifige.
Eolas teagmhála Oifig an Choimisinéara Faisnéise