Baile  /  Athbhreithniú a Dhéanamh  /  Conas Iarratas Athbhreithniú a Dhéanamh  /  Na nithe ar féidir leis an gCoimisinéir a Athbhreithniú
 

Na nithe ar féidir leis an gCoimisinéir a Athbhreithniú

Ní mór duit achomharc a dhéanamh ar an mbreith leis an gcomhlacht poiblí ar dtús.

Sular féidir leis an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith comhlachta phoiblí, ní mór don duine a rinne an iarraidh (an t-iarrthóir)achomharc a dhéanamh ar an mbreith leis an gcomhlacht poiblí ar dtús (laistigh de cheithre seachtaine).Deirtear gur ag déanamh iarratais ar "athbhreithniú inmheánach" atáthar anseo. Déanfaidh oifigeach níos sinsearaí ná an duine a thug an bhunbhreith an t-athbhreithniú inmheánach. Eiseofar toradh laistigh de thrí seachtaine. Is nuair a bhíonn próiseas athbhreithnithe inmheánaigh tugtha chun críche amháin ar féidir leis an gCoimisinéir glacadh le hachomharc ina hOifig. Baineann eisceachtaí leis an riail ghinearálta seo agus tá siad leagtha amach thíos.

Cásanna nuair nach bhfuil gá le hathbhreithniú inmheánach

Tá roinnt cásanna ann nuair nach bhfuil gá le hathbhreithniú inmheánach sular féidir leis an gCoimisinéir glacadh le hachomharc:

Nuair ab é/í ceann an chomhlachta phoiblí a thug an bhunbhreith;

Áit a ndeachthas i gcomhairle le tríú páirtí faoi alt 29, agus is é an bhreith a tugadh faisnéis a nochtadh a bheadh faoi chosaint seachas sin ag alt 26 (faisnéis rúnda), alt 27 (faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de) nó alt 28 (faisnéis phearsanta) ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh an tríú páirtí nó an t-iarrthóir an bhreith a achomharc go díreach leis an gCoimisinéir laistigh de choicís;

Áit ar tugadh breith chun cur leis an teorann ama ar iarraidh FOI (alt 9);

Áit ar tugadh breith nach mbaineann an tAcht FOI leis na taifid a iarradh mar go bhfuil feidhm ag alt 46 maidir leo.

Áit ar tugadh breith chun rochtain ar thaifead a chur siar faoi alt 11.

Breitheanna ar féidir leis an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh orthu:

Seo a leanas breitheanna comhlachtaí poiblí ar féidir leis an gCoimisinéir a athbhreithniú:

  • rochtain a dhiúltú ar thaifead (doiciméad, leictreonach nó páipéar – féach ar an sainmhíniú ar "thaifead" san Acht FOI);
  • rochtain a dhiúltú ar pháirt de thaifead (cuirtear an doiciméad ar fáil le cuid de scriosta amach);
  • diúltú le taifead a chur ar fáil san fhormáid ina n-iarrtar é (faoin Acht FOI féadfaidh tú fótacóip, athscríbhinn, diosca ríomhaire a iarraidh, nó is féidir iarraidh le scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméad);
  • rochtain ar an taifead a chur siar;
  • breith a thagann as iarraidh chun faisnéis phearsanta a cheartú (alt 17);
  • breith maidir le diúltú cúiseanna a thabhairt do ghníomhaíochtaí a dhéanann difear ábhartha do dhuine (alt 18);
  • breith maidir le táillí nó éarlais a chuardaítear;
  • breith a thagann ó alt 29 (e.g. áit a bhfuil sé mar rún ag comhlacht faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a thabhairt do thríú páirtí ar mhaithe le leas an phobail),
  • breith maidir le cur leis an teorann ama atá ann chun iarraidh ar rochtain a chinneadh.


Tá breith an Choimisinéara ar achomhairc cheangailteach agus chríochnaitheach. Tá ceart achomhairc chun na hArd-Chúirte ar bhreith an Choimisinéara, ach ní mór go mbeadh ponc dlí i gceist.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach measfaidh an Coimisinéir ábhair a bhaineann le riaradh ginearálta comhlachtaí poiblí agus/nó an chaoi ina gcuireann siad a bhfeidhmeanna reachtúla i bhfeidhm mar nach mbaineann a dualgas oibre leis na hábhair sin. Is féidir go mbainfeadh gearáin den sórt sin le hOifig an Ombudsman.