Tabharfar fógra duit, i scríbhinn, nuair a ghlacfar le d'iarratas
Nuair a chinneann an Coimisinéir glacadh le d'iarratas ar athbhreithniú nó gan glacadh leis, gheobhaidh tú litir óna hOifig. I gcásanna ar leith féadfaidh an Coimisinéir diúltú glacadh le hiarratas mar a fhoráiltear dó in alt 34(9) den Acht FOI.
Cé dó a dtugann an Coimisinéir fógra faoina hathbhreithniú
Sula scríobhtar chugat, beidh sé cinntithe ag foireann an Choimisinéara go bhfuil d'iarratas bailí. Beidh cóip de d'iarratas chuici curtha ar fáil aici don chomhlacht poiblí (is ceanglas é seo faoin Acht FOI) agus beidh cóipeanna de do bhuniarraidh chuig an gcomhlacht poiblí faighte aici, an bhunbhreith a tugadh duit, d'iarraidh ar athbhreithniú inmheánach agus breith an chomhlachta phoiblí ar an athbhreithniú inmheánach (áit ar eisíodh breitheanna). Tabharfaidh an Coimisinéir fógra freisin d'aon duine eile a chinneann sí ar cheart fógra a thabhairt dó/di ar an rún atá aici athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreith.
Iarrfaidh an Coimisinéir na taifid (doiciméid) agus aighneacht ar an gcomhlacht poiblí
Chun cur ar a cumas imscrúdú a dhéanamh ar do chás, iarrfaidh an Coimisinéir ar an gcomhlacht poiblí do thaifid a thabhairt di agus tabharfaidh sí cuireadh don chomhlacht aighneacht a dhéanamh léi maidir leis an gcúis a chinn siad mar a chinn.
Tabharfaidh an Coimisinéir cuireadh duit aighneacht a dhéanamh
Tabharfaidh an Coimisinéir cuireadh duit aighneacht scríofa a dhéanamh freisin. Níl aon cheanglas ort é sin a dhéanamh, ach is minic a chabhraíonn sé seo leis an gCoimisinéir do chás a thabhairt chun críche. Féadfaidh foireann an Choimisinéara teagmháil a dhéanamh leat ar an teileafón freisin chun do chás a phlé.
Sannfar do chás le himscrúdaitheoir
Nuair a ghlacfar le d'iarratas, is é/í an tImscrúdaitheoir an príomhphointe teagmhála a bheidh idir tú féin agus an Coimisinéir. Go ginearálta déanfaidh an tImscrúdaitheoir na nithe seo a leanas:
- iarracht a dhéanamh na fíricí iomchuí ar fad maidir leis na breitheanna tugtha ag an gcomhlacht poiblí a fháil,
- aighneachtaí a iarraidh ó na páirtithe san athbhreithniú agus aon argóintí a chuirtear chun cinn a mheas,
- scríobh chugat lena réamhbhreith ar do chás nuair is cuí,
- féachaint ar féidir teacht ar shocraíocht idir na páirtithe,
- áit nach féidir teacht ar shocraíocht, moladh a dhéanamh don Choimisinéir Faisnéise ar do chás.
Socraíochtaí
Forálann an tAcht FOI gur chóir don Choimisinéir feidhmiú ar bhealach chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir. I roinnt mhaith cásanna socróidh an Coimisinéir an t-ábhar trí chomhaontú seachas breith fhoirmiúil, cheangailteach a thabhairt.
Breitheanna Ceangailteacha
Áit a n-eisíonn an Coimisinéir breith cheangailteach, féadfaidh sí an bhunbhreith a dhaingniú (seasamh leis an mbunbhreith) nó a athrú. De rogha air sin, féadfaidh sí an bhunbhreith a neamhniú (cealú) agus breith nua, cheangailteach a thabhairt. I bhformhór na gcásanna is i bhfoirm litreach a bheidh breith an Choimisinéara. Féadfaidh tú samplaí de bhreitheanna litreach an Choimisinéara a léamh ar an láithreán seo.
Cé chomh fada a thógfaidh sé?
Críochnaítear athbhreithnithe chomh tapa agus is féidir, a mhéid is indéanta laistigh de cheithre mhí de dháta faighte an iarratais. Is féidir go dtógfadh sé níos mó na ceithre mhí le cásanna ar leith a thabhairt chun críche má bhíonn siad casta nó má bhaineann líon mór taifead (doiciméid) leo.
Céard a tharlaíonn mura bhfuilim ag iarraidh go ndéanfaidh an Coimisinéir athbhreithniú ar mo chás a thuilleadh?
Má shocraíonn tú uair ar bith nach bhfuil tú ag iarraidh go leanfadh an Coimisinéir ar aghaidh leis an athbhreithniú, ba chóir duit scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise ag lua go soiléir gur mian leat d'iarratas ar athbhreithniú a tharraingt siar.
An féidir liom achomharc a dhéanamh ar bhreith an Choimisinéara?
Féadfar breith dheiridh, cheangailteach an Choimisinéara a achomharc chun na hArd-Chúirte, ach ní mór go mbeadh ponc dlí i gceist. Ciallaíonn sé seo nach féidir leat an bhreith a achomharc mura gceapann tú go ndearna an Coimisinéir léiriú mícheart ar an dlí. Ní mór achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte tráth nach déanaí ná ocht seachtaine i ndiaidh dháta fógartha na breithe.
Go ginearálta, áit a dtugann an Coimisinéir breith ag stiúradh comhlacht poiblí le tuilleadh taifead a nochtadh ní chuirfear na taifid sin ar fáil go dtí go mbeidh an tréimhse achomhairc ocht seachtaine caite.