Baile  /  Eolas Fúinn  /  Beartais agus straitéisí
 

Cairt Chustaiméara

Tá an Choimisinéara Faisnéise agus an Oifig an Ombudsman tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin ag teacht le Prionsabail Dea-Riaracháin an Ombudsman agus ag teacht leis na prionsabail Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí atá faofa ag an Rialtas. Soláthraíonn an Oifig seirbhís neamhspleách scrúdaithe ar ghearáin dóibh sin atá míshásta leis an mbealach inar chaith comhlachtaí poiblí leo agus gur fhulaing siad dá dheasca sin. Tá raon fairsing cliant againn, ar a n-áirítear gearánaithe indibhidiúla agus a n-ionadaithe, ionadaithe tofa mar atá Teachtaí Dála, Seanadóirí agus baill Údarás Áitiúla, Ranna agus Oifigí Rialtais, comhlachtaí eile poiblí laistigh de dhlínse an Ombudsman leithéidí Údaráis Áitiúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus mórán comhlacht agus eagraíocht deonach agus ionadach.

Leagann an Chairt seo amach na caighdeáin seirbhíse is aidhm dúinn a sholáthar do na cliaint seo.

Tá sé ar intinn againn tomhas agus measúnú ar ár gcuid feidhmíochta a dhéanamh i bhfrithshuíomh leis na caighdeáin sin agus tuairisciú ar ár bhfeidhmíocht gach aon bhliain in ár dTuarascáil Bhliantúil, a bheidh ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Teagmháil ar Theileafón

Má dhéanann tú teagmháil linn ar theileafón déanfaimid iarracht ar :

  • do ghlaoch a fhreagairt a thapúla agus is féidir;
  • ár n-ainm agus ár réimse oibre a insint duit nuair a fhreagraímid do ghlaoch;
  • a bheith béasach agus cuiditheach leat i gcónaí;
  • do cheist a fhreagairt go hiomlán; munar féidir linn é sin a dhéanamh ar áit na mbonn, glacfaimid do chuid sonraí agus glaofaimid ar ais ort a luaithe agus is féidir sin;
  • freagra a thabhairt ar gach aon teachtaireacht ghlórphoist go pras;
  • éascaíocht a dhéanamh ar do theagmháil linn trí rochtain Lóghlao a sholáthar.

 


Comhfhreagras i Scríbhinn

Má sheolann tú litir, facs nó r-phost chugainn déanfaimid iarracht ar:

  • a chinntiú go dtabharfar freagra iomlán duit laistigh de 20 lá oibre; munar féidir linn freagra iomlán a sholáthar duit laistigh den tréimhse sin, scríobhfaimid chugat ag míniú duit cad uime an mhoill agus ag insint duit cathain is féidir súil a bheith agat le freagra iomlán;
  • ainm teagmhála, uimhir thagartha (má oireann) agus mionsonraí teagmhála (teileafón, facs, r-phost) a sholáthar leis an bhfreagra;
  • scríobh chugat i gcaint simplí soiléir agus téarmaí teicniúla a sheachaint ach sa chás nach bhfuil dul as.


Gearáin leis an Ombudsman

Má dhéanann tú gearán leis an Ombudsman maidir le gníomhaíocht chomhlachta phoiblí, déanfaimid iarracht ar:

  • admháil a chur ar do ghearán laistigh de 7 lá;
  • a insint duit cé méid ama is gá de ghnáth le gearán den chineál seo a scrúdú;
  • tú a choimeád ar an eolas maidir le dul chun cinn ar do chás;
  • tú a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir agus a shoiléire agus is féidir maidir le toradh an scrúdaithe.


Cuairteoirí ar an Oifig

Má thagann tú ar chuairt chugainn:

  • caithimid leat go béasach; beidh meas againn ar do phríobháideacht agus beimid cothrom inár ndéileáil leat;
  • casfaimid leat ar an am a aontaíodh má tá coinne déanta agat;
  • déanfaimid iarracht ar áiseanna cuí a sholáthar do chruinnithe;
  • coimeádfaimid ár n-oifigí poiblí glan agus néata, agus déanfaimid deimhin de go sásaíonn siad na caighdeáin sláinte agus sábháilteachta.


Seirbhís trí Ghaeilge

  • Déanfaimid gach aon iarracht le freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnó linn a dhéanamh trí Ghaeilge.
  • Freagrófar comhfhreagras i nGaeilge as Gaeilge.
  • Foilseoimid ar aon uain, i nGaeilge agus i mBéarla, eochairdhoiciméid ar a n-áirítear ár gcuid Ráiteas Straitéise agus ár dTuarascála Bliantúla.
  • Déanfaimid deimhin de go mbeidh bileoga eolais ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
  • Beidh leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin ina scáth, chomh fada agus is féidir sin, ar an leagan Béarla.
  • Comhlánfaimid ár dtiomantais eile faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.


Comhionannas/Ilíocht

  • Táimid tiomanta do sheirbhís a sholáthar dár gcliaint uile a dhéanfaidh cosaint ar a gcearta ar chaitheamh cothrom mar atá bunaithe ag an reachtaíocht um chothrom.
  • Déanfaimid iarracht a chinntiú go bhfuil ár gcuid seirbhísí agus áiseanna inrochtain ag ár gcuid cliant ar fad, iad sin le riachtanais speisialta san áireamh.


Gearáin/Achomhairc

  • Tá beartas agus nósanna imeachta na hOifige i dtaobh gearán i gcoinne ball foirne d'oifig an Ombudsman a láimhseáil leagtha amach in Aguisín 2 den Lámhleabhar Alt 16.
  • Tá beartas agus nósanna imeachta na hOifige i dtaobh deileáil le hachomhraic i gcoinne chinneadh an Ombudsman ar ghearáin leagtha amach in Aguisín 7 den Lámhleabhar Alt 16.


Monatóireacht agus Measúnú

  • Déanfaimid tomhas agus measúnú ar á gcuid feidhmíochta i bhfrithshuíomh lenár dtiomantas mar atá in ár gCairt.
  • Déanfaimid tuairisciú ar ár gcuid feidhmíochta in ár dTuarascáil Bhliantúil, a bheidh ar fáil ar ár suíomh gréasáin.


Cuidigh Linn le Cuidiú Leat

Tig leat cuidiú linn agus sinn ag iarraidh seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt duit:

  • sonraigh do ghearán chomh soiléir agus chomh beacht agus is féidir leat, le do thoil;
  • déan deimhin de, le do thoil, go gcuirfidh tú chugainn cóipeanna de eochairdhoiciméid tacaíochta agus do ghearán á chur isteach agat;
  • luaigh aon uimhir thagartha ábharthach i ngach aon chomhfhreagras linn;
  • caith go béasach lenár bhfoireann, mar ba mhian leat a chaithfí leatsa;
  • déan trácht nó moltaí maidir leis an tseirbhís a fhaigheann tú.


Comhairliúchán agus Aiseolas

  • Fearaimid fáilte roimh do thrácht agus do mholtaí maidir leis an gcairt seo agus maidir le slite inar féidir linn feabhas a chur ar ár gcuid seirbhíse san am atá le teacht.
  • Más mian leat trácht nó moladh a dhéanamh, scríobh, le do thoil, chuig Ceannasaí na Seirbhísí Corparáideacha nó cuir r-phost chuig ombudsman@ombudsman.gov.ie


Mar a bhfuil Breis Eolais

Tá an Chairt seo ar fáil i bhformáid leictreonaice ar ár suíomh gréasáin www.ombudsman.ie, áit ina bhfuil mionsonraí maidir lenár seirbhísí eile, ár bpolasaithe agus faisnéis teagmhála chomh maith.