- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
- Nuacht Reatha
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Stair na Saorála Faisnéise in Éirinn
Saoráil Faisnéise (FOI) in Éirinn
Sular achtaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, is faoi riail alt 2 den Acht um Rúin Oifigiúla, 1963, a bhí nochtadh faisnéise oifigiúla, acht a chuireann cosc ar gach faisnéis oifigiúil a nochtadh mura bhfuil cead sainráite tugtha:
"4 (1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon eolas oifigiúil a pháirtiú le haon duine eile mura mbeidh sé údaraithe go cuí chun é sin a dhéanamh nó mura ndéanfaidh sé amhlaidh i gcúrsa agus de réir a dhualgas mar shealbhóir oifige poiblí nó i gcás inarb é a dhualgas é a dhéanamh chun leasa an Stáit.
(2) Glacfaidh duine lena mbaineann fo-alt (1) cúram réasúnach chun gan aon eolas den sórt sin a pháirtiú go neamhdhleathach.
(3) Ní bhfaighidh duine ar bith eolas oifigiúil i gcás inarb eol dó, nó ina bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, gur shárú ar fho-alt (1) é an t-eolas sin a pháirtiú leis.
(4) San alt seo ciallaíonn "údaraithe go cuí" údaraithe ag Aire nó ag údarás Stáit nó ag duine éigin a bheidh údaraithe chuige sin ag Aire nó ag údarás Stáit."
I gcleachtas, is drochuirlis a bhí san Acht um Rúin Oifigiúla, a mhéid is nach ndearna sé idirdhealú idir faisnéis reatha a bhí fánach nó gnáthfhaisnéis agus faisnéis íogair agus dhochrach. Thug an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986, ceart reachtúil isteach ar fhaisnéis le nádúr stairiúil cé gur fhág sé sin, ar bhealach, feidhmiú na discréide maidir le faisnéis a thabhairt amach faoi chúram na státseirbhíseach.
Idir na 1980í agus na 1990í, áfach, ar aon dul le forbairtí thar lear, tharla athrú mór ar cheist na rochtana ar fhaisnéis oifigiúil. Tharla an t-athrú seo de bharr tuairimí athraitheacha na sochaí i leith oscailteachta sa rialtas agus i ngach gné den saol agus de bharr tionscnamh laistigh de sheirbhís phoiblí na hÉireann dírithe ar sheirbhísí agus ar a chleachtais bhainistíochta féin a fheabhsú.
Is grúpaí cosúil leis an gComhairle um Chearta Daonna agus an feachtas "Let in the Light" a bhí mar spreagadh don tsochaí , chomh maith le polaiteoirí aonair agus páirtithe polaitiúla, a bhí ag iarraidh reachtaíocht a thabharfadh oscailteacht agus trédhearcacht feabhsaithe isteach sa phróiseas rialtais. Tugadh isteach Bille ó chomhaltaí príobháideacha sa bhliain 1985, ach níor éirigh leis. Sna 1990í tháinig méadú ar imní an phobail maidir le feidhmíocht agus freagracht comhlachtaí poiblí. Saincheisteanna a tháinig aníos ó shocruithe easpórtála mairteola, soláthar fola galraí, mí-úsáid institiúideach agus mar sin de ab chúis leis sin. Go deimhin, fuair tuarascáil an Bhinse Fiosraithe ar Scéim Easpórtála na Mairteola go raibh easpa doiciméad ann do bhreitheanna maidir le creidiúnaithe easpórtála a cheadú i dtaca le tionscal na mairteola.
Sa bhliain 1994, sheol an Taoiseach ag an am, Albert Reynolds, T.D., tionscnamh ar a dtugtar Clár Nuachóiriúcháin na Seirbhíse Poiblí inniu. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuir grúpa de státseirbhísigh thábhachtacha tuarascáil ar a dtugtar "Rialtas Níos Fearr a Sheachadadh", le chéile, tuarascáil a leag amach an clár oibre nuachóiriúcháin don státseirbhís. Ceann de na moltaí a bhí i dtuarascáil an ghrúpa ba ea reachtaíocht um shaoráil faisnéise a thabhairt isteach a luaithe is féidir.
Rinneadh ní buan den spreagadh polaitiúil d'athrú ar dtús sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta i 1993, a comhaontaíodh idir Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre, a léirigh tiomantas na bpáirtithe chun "machnamh a dhéanamh ar reachtaíocht um shaoráil faisnéise a thabhairt isteach". Tháinig athrú ar an Rialtas sa bhliain 1994. Ina Chlár do Rialtas, rinne an comhrialtas, is é sin Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Páirtí an Daonlathais Chlé, tiomantas maidir le:
"reachtaíocht um shaoráil faisnéise a achtú chun an lár-rialtas chomh maith leis an earnáil leathan phoiblí a chur san áireamh....Ullmhófar an reachtaíocht d'fhonn a chinntiú nach mbeidh ach an méid is lú díolúintí riachtanacha i gceist, agus beidh meicníocht ann d'athbhreithniú neamhspleách agus d'achomhairc".
I ndiaidh próisis chomhairliúcháin fhorleathain a d'úsáid aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara, díospóireachtaí leis na comhlachtaí poiblí lena mbaineann chomh maith le taithí reachtóirí thar lear sa réimse seo, thug an comhrialtas an Bille um Shaoráil Faisnéise isteach agus rith an tOireachtas é sa bhliain 1997. Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 i bhfeidhm an 21 Aibreán, 1998.