- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Rannóg na nDaltaí
Aistí Molta/Tráth na gCeist
Aistí Molta
Tráth na gCeist
Aistí Molta
1. I 1735, dúirt Andrew Hilton, dlíodóir cáiliúil Meiriceánach na linne sin, agus é ag trácht ar dhea-rialachas agus feidhmiú cumhachta:
"power may be compared to a great river; while kept within banks, it is beautiful and useful, but when it overflows its banks it bears down all before it and brings destruction and desolation wherever it comes ("is féidir cumhacht a chur i gcomparáid le habhainn iontach; nuair atá sí laistigh dá bruacha, is rud álainn agus úsáideach í, ach nuair a théann sí thar maoil, leagann sí gach atá os a comhair amach agus bíonn sí díobhálach agus dochrach"). "A bad precedent in one government is soon an authority for another." ("Ní thógann sé i bhfad go mbíonn drochfhasach i rialtas amháin ina údarás do rialtas eile"). "Therefore we ought to be on our guard against power wherever we apprehend that it may affect ourselves or our fellow subjects" ("Dá bhrí sin ba chóir dúinn a bheith ar an airdeall i gcoinne cumhachta áit ar bith a gceapaimid go gcuirfidh sé isteach orainn féin nó ar ár gcomhshaoránaigh" ).
Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar an láithreán seo agus sna naisc a ghabhann leis, an féidir leat na réitigh atá ar fáil do na forais a bhfuil sé fúthu a chinntiú go bhfeidhmíonn comhlachtaí poiblí a gcumhachtaí mar is cuí a aithint agus cur síos a dhéanamh orthu.
2. I mbreithiúnas a rinneadh le gairid, chealaigh an Chúirt Uachtarach breith an Choimisinéara Faisnéise chun tuarascálacha cigireachta bunscoile a chur ar fáil. Cén cineál faisnéise faoi fheidhmíocht scoileanna ar leith ar cheart a chur ar fáil, más ann dá leithéid ar chor ar bith?
3. Téigh i gcomhairle le do mhúinteoir maidir le hiarraidh FOI a dhéanamh le comhlacht poiblí faoi shaincheist a mbaineann leas áitiúil leis. Déan cur síos ar phróiseas agus ar thoradh d'iarrata.
4. Faigh láithreán gréasáin a bhaineann le Coimisinéir Faisnéise i dtír eile agus déan comparáid idir é sin agus an láithreán seo. Cén ceann is fearr leat? Tabhair cúiseanna le do fhreagra.
5. Más rud é gur cinneadh amárach deireadh a chur leis an Acht um Shaoráil Faisnéise. Cén éifeacht, más ann dá leithéid, a mbeadh aige seo ar iompraíocht an Rialtais, an Oireachtais, comhlachtaí poiblí agus baill an phobail?
Tráth na gCeist
1. Cé atá freagrach as cuntais na gcomhlachtaí poiblí a iniúchadh?
Freagra
2. Céard atá i gceist le Treoir an Ombudsman ar Chaighdeáin Sárchleachtais do Chomhlachtaí Poiblí?
Freagra
3. Go ginearálta, cén cineál faisnéise nach féidir leat a fháil faoin Acht FOI?
Freagra
4. Cén t-ainm atá ar Ombudsman na Leanaí?
Freagra
5. Céard iad na trí fhocal a dhéanann cur síos ar an mbunphrionsabal a bhaineann le reachtaíocht um shaoráil faisnéise i ngach uile áit?
Freagra
6. Céard iad príomhfheidhmeanna an Choimisinéara Faisnéise?
Freagra
7. Céard iad na cumhachtaí atá ag an Ombudsman?
Freagra
8. Céard iad na cúig phrionsabal a d'aithin Coimisiún na hEorpa mar phrionsabail a thacaigh le dea-rialachas ina Pháipéar Bán ar an ábhar sin?
Freagra
9. Céard a dhéanann an C&AG?
Freagra
10. Cé mhéad a chosnaíonn sé achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise?
Freagra
Rinneadh an doiciméad a mhionathrú: 30/09/2005