Rannóg na nDaltaí

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Feidhmeanna

Na nithe ar féidir leis an gCoimisinéir a Athbhreithniú

Staitisticí

Breitheanna an Choimisinéara

Feidhmeanna

Cheap Uachtarán na hÉireann, ar mholadh ó gach ceann de Thithe an Oireachtais, an tUasal Emily O'Reilly ina Coimisinéir Faisnéise le héifeacht ón 1 Meitheamh 2003. Ceapadh í mar Ombudsman ar an lá céanna freisin.

Seo a leanas a príomhfheidhmeanna:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna tógtha ag comhlachtaí poiblí maidir le hiarrataí ar Shaoráil Faisnéise,
  • feidhmiú an Achta a choinneáil faoi athbhreithniú (is féidir go mbeadh baint aige sin le himscrúdú ar fheidhmiú an Achta go ginearálta agus i leith comhlachtaí ar leith),
  • dearcadh oscailteachta a chothú i measc comhlachtaí poiblí trí fhoilseachán deonach a spreagadh iontu ar fhaisnéis ar a ghníomhaíochtaí a sháraíonn an méid a bhfuil de dhualgas orthu a fhoilsiú faoin Acht;
  • tráchtaireachtaí a ullmhú agus a fhoilsiú ar fheidhmíocht phraiticiúil an Achta (is féidir go mbeadh siad seo bunaithe ar thaithí an Choimisinéara a thagann ó chásanna a láimhseáladh cheana).

 

Na nithe ar féidir leis an gCoimisinéir a Athbhreithniú

Seo a leanas breitheanna na gcomhlachtaí poiblí ar féidir leis an gCoimisinéir a athbhreithniú:

  • breith maidir le diúltú do na taifid uile a iarradh a chur ar fáil;
  • breith maidir le diúltú do thaifead iomlán a chur ar fáil;
  • breith maidir le diúltú do thaifead a chur ar fáil san fhormáid a iarrtar;
  • breith maidir le ceadú do rochtain ar an taifead a chur siar;
  • breith maidir le diúltú d'iarraidh chun faisnéis phearsanta a cheartú;
  • breith maidir le diúltú cúiseanna a thabhairt do ghníomhaíochtaí comhlachtaí poiblí a dhéanann difear ábhartha do dhuine;
  • breith maidir le táille a ghearradh nó éarlais a lorg sula gcuirtear faisnéis ar fáil;
  • breith maidir le taifid, a bhaineann le tríú páirtí, a chur ar fáil ar mhaithe le leas an phobail, áit a bhfuil faisnéis atá pearsanta, a tugadh i modh rúin don chomhlacht poiblí nó atá íogair ó thaobh na tráchtála de sna taifid; agus
  • breith maidir le cur leis an teorann ama atá ann chun iarraidh ar rochtain a chinneadh.

 

 

Staitisticí

Idir 1998 agus 2004, thug an Coimisinéir Faisnéise os cionn 3,200 iarratas agus beagnach 2,800 athbhreithniú chun críche. Léiríonn an tábla thíos an figiúr bliain i ndiaidh bliana. Is féidir miondealú níos sonraithe de na figiúirí seo a fháil i dTuarascáil Bhliantúil is deireanaí an Choimisinéara Faisnéise.

 Achomhairc ar Glacadh leo

1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004
179 443 422 387 585 922 333
% Athrú +147% -5% -8% +51% +57% -64%

 Athbhreithnithe a Críochnaíodh

1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004
57 141 237 445 534 728 628
% Athrú +147% +68% +87% +20% +36% -14%
 

 

Breitheanna an Choimisinéara

Is minic a chuireann breitheanna an Choimisinéara Faisnéise réamhshampla ar fáil ar an gcaoi a gcaitheann comhlachtaí poiblí le hiarrataí ar fhaisnéis chomhchosúil. Seo a leanas samplaí de na taifid a áirítear anseo:

  • Tuarascálacha Tithe Altranais
  • Na daoine a thuilleann an méid is mó airgid i RTÉ
  • Táthcheangal Telecom Éireann ag Valentia
  • Gearáin maidir le coinníollacha oibre i scoileanna
  • An Bord Sláinte, caiteachas deonach ospidéil
  • Cúiseanna a bhaineann le géilleadh nó diúltú stádais d'iarrthóir tearmainn
  • Sonraí a bhaineann le tairiscintí rathúla ar chonarthaí Rialtais

 

 

 

 

Back to contents