- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Rannóg na nDaltaí
Reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise a thabhairt isteach
Ar fud an domhain
Ní coincheap nua ar fad atá sa choincheap a bhaineann le rochtain an phobail ghinearálta ar fhaisnéis. Tá Acht um Shaoráil na Preasa i bhfeidhm sa tSualainn ó 1766 agus tá leibhéil éagsúla rochtana ar fhaisnéis oifigiúil curtha ar fáil ag tíortha Lochlannacha eile le breis agus céad bliain anuas.
Ach níor tháinig forbairt ar an gcoincheap ar fud an domhain go dtí le daichead bliain anuas. Thug Stáit Aontaithe Mheiriceá Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) isteach sa bhliain 1966, rinne an Ísiltír amhlaidh sa bhliain 1978, cheadaigh an Fhrainc rochtain ar dhoiciméid riaracháin i 1978 agus thug Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn Achtanna FOI isteach i 1982. Tháinig Acht FOI na hÉireann ina dhlí i 1997. Ó shin i leith tugadh reachtaíocht um shaoráil faisnéise isteach i dtíortha in oirthear na hEorpa, codanna den Afraic agus den Chairib agus sa Riocht Aontaithe agus in Albain.
In Éirinn
Sular tugadh isteach an tAcht um Shaoráil Faisnéise in Éirinn sa bhliain 1997, bhí cultúr rúndachta ceannasach i seirbhís phoiblí na hÉireann. Rinne an tAcht um Rúin Oifigiúla, 1963, foráil go raibh gach faisnéis oifigiúil faoi rún mura údaraíodh go sonrach a leithéid a fhoilsiú. Is faoin gcomhlacht poiblí a bhí rialú iomlán na faisnéise: chinn sé cén faisnéis ar cheart a chur ar fáil, cén uair, agus cé leis agus faoi cén coinníollacha. San am sin, mar atá anois, bhí amanna ar leith ann a raibh údar le rúndacht. Ach, trí fhaisnéis ar leith a choinneáil siar nó gan admháil go raibh a leithéid ann in aon chor, ní raibh de chumas ar an bpobal ginearálta fios a bheith acu an féinleas in áit leas an phobail a bhí taobh thiar de bhreith comhlachta poiblí nó foireann an chomhlachta.
Tháinig an spreagadh d'athrú ar an gcur chuige i leith faisnéise oifigiúla ó dhá threo ar leith, seachtrach agus inmheánach. I lár na 1980í, chuir grúpaí brústocaireachta cosúil le "Let in the Light" chomh maith le polaiteoirí aonair agus páirtithe polaitiúla tús le feachtas do reachtaíocht um shaoráil faisnéise. Mhéadaigh éileamh ar reachtaíocht sa réimse seo de bharr na cleachtais a sonraíodh mar thoradh ar Bhinse Fiosraithe na Mairteola go luath sna 1990í a thug ceisteanna chun cinn maidir le freagracht sa tseirbhís phoiblí.
Ag an am céanna, bhí leasuithe ollmhóra ar bun sa státseirbhís mar chuid de Chlár Nuachóiriúcháin na Seirbhíse Poiblí, mar a thugtar anois air. Chonacthas gur ní lárnach é rochtain ar fhaisnéis d'fhonn seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar, i dtéarmaí seirbhíse do chustaiméir chomh maith le trédhearcacht agus freagracht a chinntiú. Chuige sin, bhí spreagadh ó laistigh den tseirbhís phoiblí chun fáil réidh leis an gcultúr rúndachta, agus chun go mbeadh soláthar faisnéise don phobal go ginearálta ar a g(h)níomhaíochtaí oifigiúla mar chuid de phost an státseirbhísigh.
Bhí an Clár do Rialtas Comhpháirtíochta i 1993, a comhaontaíodh idir Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre, tiomanta do "mhachnamh a dhéanamh ar reachtaíocht um shaoráil faisnéise a thabhairt isteach". Tháinig athrú ar an Rialtas sa bhliain 1994. I ndiaidh próisis chomhairliúcháin fhorleathain a bhain úsáid as aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara, díospóireachtaí leis na comhlachtaí poiblí lena mbaineann chomh maith le taithí reachtóirí thar lear sa réimse seo, tugadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise isteach sa bhliain 1997 faoin gcomhrialtas a bhain le Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaigh Chlé.