Rannóg na nDaltaí

Do Cheart le bheith ar an Eolas

Nuair a cuireadh tús le daonlathas, os cionn dhá mhíle bliain ó shin, dúirt Aristotle "all men, by nature, desire knowledge" (teastaíonn eolas ó gach fear de réir an nádúir). De réir mar a d'fhorbair agus a scaip daonlathas, bhí sé soiléir go raibh gá le toghthóirí eolacha. Dúirt James Madison, an ceathrú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, "Knowledge will forever govern ignorance (rialóidh eolas an t-aineolas i gcónaí): and a people who mean to be their own governors must arm themselves with the power that knowledge gives" (agus ní mór do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ina ngobharnóirí orthu féin a bheith i seilbh na cumhachta sin a fhaightear ó eolas).

Go stairiúil áfach, cé gur ghlac rialtais i ngach áit leis an bprionsabal seo is minic a bhíodh drogall orthu faisnéis a thabhairt amach agus thosaigh cultúr rúndachta ag forbairt thart timpeall ar a gcuid gníomhaíochtaí ar fud an domhain. Go minic is é an t-aon bhealach a bhíodh ag an bpobal faisnéis a fháil faoina raibh ag tarlú ná trí, mar a thug an tÉireannach Edmund Burke air, "an ceathrú eastát", .i. na meáin. (Is iad an Eaglais, Teach na dTiarnaí agus Teach na dTeachtaí sa Bhreatain na chéad trí eastát). I measc scéalta dá leithéid thar na blianta áireofaí cás Dreyfus sa Fhrainc, scannal Watergate sna Stáit Aontaithe, cathlong Belgrano ag dul go tóin poill sa Riocht Aontaithe agus Binse Fiosraithe na Mairteola agus cásanna Heipitítis "C" in Éirinn.

Le ríghairid, áfach, d'fhonn an próiseas daonlathach a fheabhsú agus a neartú, diaidh ar ndiaidh tá "ceart ar fhaisnéis" reachtúil faighte ag an bpobal. Tá ceart ag daoine anois fios a bheith acu ar an gcaoi a bhfuil siad á rialú agus ar an gcaoi a dtugtar breitheanna a mbíonn tionchar díreach acu orthu. Is "oscailteacht, trédhearcacht agus freagracht" an prionsabal atá taobh thiar den fhorbairt seo. Glactar leis an bprionsabal seo anois mar bhunchloch an daonlathais fheidhmiúil i ngach áit. Go deimhin, ina Pháipéar Bán ar Dhea-Rialachas chuir Coimisiún na hEorpa san áireamh iad nuair a d'aithin sé cúig phrionsabal a thacaíonn le dea-rialachas.

  •  oscailteacht
  • rannpháirtíocht
  • freagracht
  • éifeachtúlacht
  • comhleanúnachas

Tá ról ollmhór ag an reachtaíocht a bhaineann le Saoráil Faisnéise leis an bpróiseas seo.

 

Back to contents