Rannóg na nDaltaí

Faisnéis agus Tusa

Gan faisnéis ní féidir le daoine breitheanna eolacha a thabhairt. Nuair atáthar ag ceannach éadaí nó carr, ag cinneadh ar cén áit le dul ar laethanta saoire nó cén cuideachta teileafóin ar cheart dul leis, ní mór go mbeadh a fhios ag daoine céard atá siad ag fáil ar a gcuid airgid.

Baineann an prionsabal céanna le rialtas. Ní hé an Dáil, an Seanad agus an Chomh-Aireacht amháin a áirítear ar Rialtas; feidhmíonn sé ag gach leibhéal den tsochaí agus bíonn tionchar aige ar dhaoine ar mhórán bealaí. Sampla soiléir ar an gcaoi a n-oibríonn rialtas is ea na breitheanna a thugtar sa Dáil agus sa Seanad maidir le dlíthe nua a thabhairt isteach. Sampla eile is ea breith na Roinne Oideachais agus Eolaíochta cistí a leithdháileadh ar scoil d'fhonn saotharlann eolaíochta den scoth a thógáil, nó ar an láimh eile, cinneadh diúltú d'iarratas ar chistí d'fhonn ionad aclaíochta nua a thógáil. Samplaí de ghníomhaíochtaí rialtais áitiúil is ea breitheanna a thugann Comhairlí Cathrach agus Contae maidir le lánaí nua bus a thabhairt isteach, scéimeanna draenála nua a thógáil nó géilleadh nó diúltú do chead pleanála chun do theach a mhéadú nó chun teach nua a thógáil. Mar an gcéanna, is féidir go gcinnfeadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ospidéal a dhúnadh in áit ar leith nó is féidir go gcuirfeadh sé níos mó acmhainní ar fáil do chóireáil ailse i gcontae amháin thar chontae eile. Is sampla é seo freisin de rialtas i mbun gnímh.

Bíonn raon comhlachtaí poiblí freagrach as gníomhaíocht rialtais mar shampla An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Comhairlí Contae, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FÁS, An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus go leor eile nach iad. Tá dhá rud coitianta i ngach ceann acu, eadhon, cuireann siad seirbhísí ar fáil don phobal agus is ón gcáin a íocaimid a thagann an t-airgead chun na seirbhísí sin a rith. Le chéile, tugtar an tseirbhís phoiblí orthu. Cuireann bainc, cuideachtaí árachais, cuideachtaí teileafóin agus go leor eagraíochtaí eile seirbhísí ar fáil don phobal. Ach ní fhaigheann siad sin maoiniú ó chánachas. Is ón mbrabús a dhéanann siad a thagann an t-airgead chun iad a rith. Le chéile, tugtar an earnáil phríobháideach ar na cineálacha eagraíochtaí seo.

Sa bhliain 1997, rith an Dáil agus an Seanad dlí, ar a dtugtar an tAcht um Shaoráil Faisnéise a thugann an ceart do dhaoine faisnéis a chuardach ar an gcaoi a bhfuil an rialtas agus an tseirbhís phoiblí á rith. Is féidir le breitheanna tugtha ag an Rialtas, ag an Oireachtas, státseirbhísigh, polaiteoirí áitiúla agus seirbhísigh phoiblí tionchar a imirt orainn ar fad ag staid éigin sa saol. Ar ndóigh, tá tuairimí ag daoine agus imní orthu maidir le críonnacht na mbreitheanna sin nuair a thugtar iad. B'fhéidir go mbeadh fonn orthu fiú a ndúshlán a thabhairt. Ach gan na fíricí agus an smaointeoireacht a bhaineann leo, níl aon bhunús leis na tuairimí seo. Tá ceart dlíthiúil ag daoine ar fhaisnéis a bhaineann le breitheanna den sórt sin agus is é an téarma "saoráil faisnéise" a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an gceart sin.

 

Back to contents