Rannóg na nDaltaí

Cé air a bhfuil Rannóg na Scoileanna Dírithe?

Tá an rannóg seo den láithreán gréasáin dírithe den chuid is mó ar dhaltaí atá ag déanamh staidéir ar Oideachas Saoránaíochta, Sóisialta agus Polaitiúil mar chuid de chlár an Teastais Shóisearaigh. Cuireann an rannóg ábhar ar fáil a bheadh mar chabhair sna ceithre aonad den siollabas:

  • An Duine Aonair agus Saoránacht
  • An Pobal
  • An Stát - Éire
  • Éire agus an Domhan

Tugann an rannóg míniú ar shaoráil faisnéise agus ar an bhfáth a dteastaíonn ó bhaill an phobail a bheith ar an eolas faoi bhreitheanna a mbaineann leo ina ngnáthshaol. Go ginearálta, leagann sé amach na prionsabail taobh thiar de shaoráil faisnéise (oscailteacht, trédhearcacht agus freagracht). Déanann sé cur síos ar obair Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus eagraíochtaí "faire" eile a dhéanann monatóireacht ar ghníomhaíochtaí comhlachtaí poiblí agus príobháideacha. Tá aistí ábhartha i gceist ann ar féidir le daltaí tabhairt fúthu chomh maith le tráth na gceist gearr ar ábhar atá ar an láithreán.

Cé go bhfuil an t-ábhar deartha ar mhaithe le daltaí an Teastais Shóisearaigh beidh sé úsáideach freisin do dhaltaí ag leibhéal níos airde nó do bhaill an phobail atá i mbun taighde bhunúsaigh nó atá ag teacht ar ábhar na saorála faisnéise den chéad uair.

Back to contents