Peter Tyndall ceaptha ag an Uachtarán mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise
Ceapadh an tUasal Peter Tyndall inniu (an 2 Nollaig 2013) mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise na hÉireann. Bhronn an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn a bharántas ceapacháin ar an Uasal Tyndall ag ócáid in Áras an Uachtaráin um thráthnóna.

Agus é ag glacadh lena phost nua, deir an tUasal Tyndall:
Is mór an onóir dom é an ceapachán seo go háirithe ag am tábhachtach don dá Oifig. Sa mhéid go bhfuil curtha le sainchúram an Ombudsman beidh mé in ann cuidiú le baill den phobal agus iad ag plé le raon leathan de chomhlachtaí poiblí, agus ar an gcaoi sin beifear in ann a chinntiú go gcaithfear go cóir cothrom leis an bpobal agus agus go mbeidh said in ann na seirbhísí a bhfuil siad ina dteideal a fháil. Tráth a dtiocfaidh an reachtaíocht nua um shaoráil faisnéise i bhfeidhm cuirfear le raon an roil agus beidh níos mó comhlachtaí poiblaí faoi raon an Achta um SF, agus cuideoidh sin leo comhoibriú lena chéile ar mhaithe le trédhearcacht agus oscailteacht.
Tá an tUasal Tyndall ag teacht i gcomharba ar Emily O'Reilly Uasal agus beidh sé ag feidhmiú freisin mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, agus mar bhall ex-officio den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, den Choimisiún Reifrinn agus den Choimisiún um Thoghlaigh.
As Baile Átha Cliath ó dhúchas, d'fhóin an tUasal Tyndall, mar Ombudsman Seirbhísí Poiblí sa Bhreatain Bheag. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach freisin ar an gComhairle Ealaíon sa Bhreatain Bheag, mar Cheann Oideachais agus Cultúir do Chumann Rialtais Áitiúil na Breataine Bige agus d'oibrigh i bpoist shinsearacha sa chúram tithíochta agus sóisialta. Díol suntais é freisin gur fhorbair sé seirbhísí tithíochta agus tacaíochta do dhaoine le deacrachtaí foghlama.
Tá MSc ag an Uasal Tyndall sa Bhainistíocht Straitéiseach ó Ollscoil Caerdydd agus tá sé pósta le triúr iníonacha.
I gcomhair ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le:
David Nutley
Head of Communications
01 639 5610
086 023 1420
Or
Stephanie O'Connell
Communications Officer
01 639 5645
087 252 4732
E Mail: communications@ombudsman.gov.ie
Website: www.ombudsman.ie
Twitter: @OfficeOmbudsman
Críoch