2011

A Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 á cur i láthair ag an gCoimisinéir Faisnéise, Emily O'Reilly

Date Released: 04.05.2011

A Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 á cur i láthair ag an gCoimisinéir Faisnéise, Emily O'Reilly                                                                                                    

  1. Is mór aici gealltanas an Rialtais athchóiriú a dhéanamh ar an Acht um Shaoráil Faisnéise agus a cuid cúraimí a mhéadú chun comhlachtaí poiblí breise a chur san áireamh.
  2. Tugann sí ar aird gur tháinig méadú leanúnach ar líon na n-iarratas um Shaoráil Faisnéise ar glacadh leo ag comhlachtaí poiblí i rith na bliana 2010. Fuarthas 15,249 iarratas ar an iomlán, sin méadú 7% ar an mbliain 2009 agus méadú 20% ar fhigiúr na bliana 2008.
  3. Cáineann sí go mór an nós atá ann comhlachtaí poiblí a bhí faoi réir na Saorála Faisnéise a shaoradh ó raon na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise gan é sin a chur in iúl di nó gan dul i gcomhairle léi.

D'fhoilsigh an Coimisinéir Faisnéise a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 inniu (Céadaoin, 4 Bealtaine 2011), an tríú Tuarascáil déag ó bunaíodh an Oifig sa bhliain 1998.  Agus an Tuarascáil á seoladh aici, ba mhór ag an gCoimisinéir Faisnéise, ina Chlár nua, gealltanas an Rialtais chun "an tAcht um Shaoráil Faisnéise a athbhunú" agus chun "a chúraimí a mhéadú chun comhlachtaí poiblí eile a chur san áireamh, lena n-áirítear roinn riaracháin de chuid An Garda Síochána, faoi réir eisceachtaí slándála".

Le blianta beaga anuas, chuir an Coimisinéir Faisnéise in iúl go soiléir cad a bheadh ag teastáil chun buntáistí na Saorála Faisnéise a bharrfheabhsú i dtéarmaí na follasachta, na freagrachta agus an dea-rialaithe i gcoitinne. Dúirt sí

“Tá áthas orm a rá go bhfuil mo thuairimí ar comhréir, go ginearálta, le tograí athchóirithe an Rialtais sa mhéid go raibh iarracht á déanamh agam an tAcht um Shaoráil Faisnéise a mhéadú chun gach comhlacht poiblí a chur san áireamh, na srianta ar fheidhmiú an Achta, a tugadh isteach sa bhliain 2003, a bhaint agus mionscrúdú a dhéanamh ar chóras na dtáillí pionósacha”.

Sa mhéid a bhaineann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise a mhéadú chun comhlachtaí poiblí breise a chur san áireamh, thug an Coimisinéir ar aird go raibh sé beartaithe ag an Rialtas an tAcht a leasú chun "gach comhlacht poiblí, agus gach comhlacht a fhaigheann maoiniú suntasach poiblí" a chur san áireamh faoi raon an Achta.  Spreag sí go mbrostófaí an próiseas sin trí Rialú Aire agus nach gcuirfeadh athchóirithe níos coimpléascacha, a mbeadh Acht leasaitheach ag teastáil ina leith, moill le méadú ar a cúraimí chun comhlachtaí nua a chur san áireamh.

Cé go bhfuil sé tábhachtach do gach comhlacht poiblí a bheith faoi réir ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, ceapann an Coimisinéir, má chuirtear comhlachtaí breise san áireamh de réir a chéile, gur chóir tús áite a thabhairt do chomhlachtaí poiblí áirithe. Ba chóir do na comhlachtaí seo a leanas a bheith i measc na gcomhlachtaí sin, i dtuairim an Choimisinéara: An Garda Síochána, Oifig an Choimisinéara Iarratas Dídeanaithe, Oifig an Bhinse Achomhairc do Dhídeanaithe, An Bord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha, Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát san áireamh), An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, na Coistí Gairmoideachais, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, An Bord Sásamh d'Institiúidí Cónaithe agus an Lár-Oifig Iontrála.

Dúirt sí “Má dhéantar comhlachtaí suntasacha airgeadais a eisiamh, mar shampla, an Banc Ceannais, An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní agus Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, ní thugann sé seo seans don phobal i gcoitinne, mar cháiníocóirí, a mbíonn orthu íoc as fiachas na tíre, a fháil amach cad a tharla”.

Thug sí ar aird go bhfuil gach cosúlacht ann go dtiocfaidh méadú ar ualach oibre na hOifige de bharr na n-athruithe sin, athruithe a bhfuil an Rialtas tiomanta dóibh  agus a chuirfear i gcrích trí phríomhréimsí an tsaoil phoiblí a chur san áireamh faoina cuid cúraimí, mar shampla, póilíneacht, inimirce agus rialú na baincéireachta, chomh maith le príomhinstitiúidí, mar shampla, an Banc Ceannais, Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní Cé go bhfuil gach cosúlacht ann go mbeidh gá le baill foirne imscrúdaithe bhreise, thug sí le tuiscint go bhféadfadh na baill foirne sin teacht ó ghrúpa daoine a n-ath-imlonnaítear ar fud na seirbhíse poiblí, ag laghdú an chostais don Státseirbhís dá bhrí sin.

Dúirt an Coimisinéir Faisnéise d'aontoisc nár aontaigh sí leis an moladh i dTuarascáil ón bPainéil Athbhreithnithe Neamhspleách (dá ngairtear “Tuarascáil Wright” chomh maith) dar teideal “Strengthening the Capacity of the Department of Finance” (Cumas na Roinne Airgeadais a Neartú), ina ndeirtear:

“3.3.3 (10) Tacaíonn an Painéal go mór le heisiúint phoiblí a dhéanamh ar i bhfad níos mó anailíse eacnamaíche ag an Roinn. Ní cóir, áfach, an chomhairle beartais a thugtar don Aire Airgeadais agus Buiséad an Rialtais á ullmhú, a eisiúint de bhun na Saorála Faisnéise ar feadh cúig bliana ar a laghad”. 

Dúirt sí go gcosnaítear leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Stáit faoi Alt 31 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Tá Alt 31 faoi réir ag tástáil chomhardaithe maidir le leas an phobail, rud a chiallaíonn go mbíonn feidhm ag díolúine ach amháin má mheasann cinnteoir um Shaoráil Faisnéise, tríd is tríd, go bhfóntar do leas an phobail i slí níos fearr tríd an taifead a eisiúint in ionad é a choinneáil siar. 

Dúirt sí chomh maith go gcosnaítear an próiseas breithniúcháin a bhíonn ag comhlacht poiblí faoi Alt 20 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Ciallaíonn sé sin, i gcomhthéacs an bhuiséid, gur féidir taifid a choinneáil siar go dtí go mbíonn an próiseas breithniúcháin críochnaithe agus go mbíonn an buiséad leagtha amach. Rinneadh an díolúine sin a neartú sa bhliain 2003 nuair a cuireadh foráil leis an Acht a chuireann ar chumas Ard-Rúnaí a dheimhniú “go gcuimsíonn taifead ábhar a bhaineann leis na próisis bhreithniúcháin ag Roinn Stáit”. Nuair a eisítear teastas den sórt seo, ní mór an taifead a dhiúltú agus ní féidir é a eisiúint ar mhaithe le leas an phobail.

Maidir lena ról mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, mhol Iníon O’Reilly freisin go mbeadh sé níos éifeachtaí agus níos so-úsáidte an ról sin agus a ról maidir le Saoráil Faisnéise a chumasc, chomh maith leis an dá chóras rochtana ar leith i ndáil le Saoráil Faisnéise agus le Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (mar a tharla i réimsí eile). 

D'fhógair an Coimisinéir gur tháinig méadú suntasach sa bhliain 2010 ar líon iomlán na n-iarratas um Shaoráil Faisnéise chun comhlachtaí poiblí (15,249 iarratas ar an iomlán), méadú 7% ar fhigiúr na bliana 2009 (14,290 iarratas) agus méadú 42% ar fhigiúr íseal na bliana 2007 (10,704 iarratas).

Tháinig méadú de 1,303 nó 13% ar fhigiúr na bliana 2009 maidir le hiarratais ar fhaisnéis phearsanta, agus tháinig laghdú beag ar líon na n-iarratas ar fhaisnéis neamh-phearsanta. Ní haon ionad é gur tháinig méadú ollmhór ar líon na n-iarratas a fuair an Roinn Coimirce Sóisialaí (méadú 55% ar an mbliain 2009 agus méadú 77% ar an mbliain 2008).

Tháinig méadú suntasach arís i mbliana ar líon na n-iarratas a fuair an Roinn Airgeadais, méadú de 24% ar fhigiúr na bliana 2009 (Caibidil 1).

B'ionann agus 301 líon na gcinntí de chuid comhlachtaí poiblí a ndearnadh achomharc chun an Choimisinéara Faisnéise ina n-aghaidh i rith na bliana 2010, sin laghdú de 23 cás, nó 7% ar an mbliain 2009.  Glacadh le 220 díobh seo chun athbhreithniú a dhéanamh orthu (leathanach 20}.

Leag an Coimisinéir béim ar fheidhm an Achta um Shaoráil Faisnéise maidir le faisnéis a chur os comhair an phobail, faisnéis nach mbeadh le fáil murach sin. Feictear di, toisc úsáid níos tuisceanaí a bheith á baint anois as an Acht um Shaoráil Faisnéise, gurb uirlis é an tAcht a chuireann leis an bhfreagracht chuí ar fud na hearnála poiblí.

Thabharfadh an úsáid a bhaineann iriseoirí as Saoráil Faisnéise (14% de na hiarratais go léir sa bhliain 2010, chomh hard leis an mbliain 2009) le tuiscint gurb uirlis luachmhar í chun cabhrú leis an bhfollasacht agus leis an bhfreagracht a chur chun cinn sa tseirbhís phoiblí. Sampla de seo is ea na tuairiscí forleathana sna meáin, i rith na bliana, ar na costais a d'íoc na comhlachtaí poiblí, go háirithe do bhaill an Oireachtais agus do chostais taistil d'oifigigh nó do bhaill boird na gcomhlachtaí Stáit.  Ba mhór aici an nós gur eisigh na comhlachtaí poiblí taifid na gcostas seo ag an gcéad chéim den iarratas, agus nár ghá do na hiarratasóirí teacht chun na hOifige aici ag iarraidh athbhreithniú.

Dúirt an Coimisinéir arís gurbh ábhar imní di (Caibidil 2) comhlachtaí poiblí nó feidhmeanna de chuid na gcomhlachtaí a bheith á saoradh ó raon an Achta um Shaoráil Faisnéise, gan é sin a chur in iúl di féin nó don Oifig aici, nó gan dul i gcomhairle leo. Comhlachtaí poiblí nó feidhmeanna na gcomhlachtaí poiblí a bhí faoi raon an Achta um Shaoráil Faisnéise agus a saoradh ón raon sin, cuimsíonn siad feidhmeanna forfheidhmithe an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, na feidhmeanna sábháilteachta bóthair atá ar siúl anois ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus feidhmeanna Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas atá ar siúl anois ag an Údarás Clárúcháin Maoine. Dúirt sí “a leithéid de shaoradh agus an tslí ina ndearnadh é, gan é sin a chur in iúl dom nó don Oifig agam, nó gan dul i gcomhairle linn, ní aontaím leis ar chor ar bith”. 

Agus í ag labhairt faoi ról na socraíochtaí agus na n-aistarraingtí maidir le toradh sásúil a bhaint amach d'iarratasóirí um Shaoráil Faisnéise, thug an Coimisinéir samplaí de réitigh a tháinig as an idirghabháil/idirbheartaíocht a d'éascaigh an Oifig aici gan gá a bheith ann cinneadh foirmiúil a eisiúint maidir le hathbhreithnithe (caibidil 1).

Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil 

Baineann Cuid II de Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara don bhliain 2010 leis an ról ar leith atá aici mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Dírítear i gCuid II ar na cinntí a rinne Oifig an Choimisinéara i ndáil le hachomhairc de bhun na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC) 2007, ar cód reachtúil ar leith é seachas an ceann a fhreagraíonn do Shaoráil Faisnéise.

Tugann Caibidil 1 cuntas ar an gcóras RFC agus ar ghníomhaíochtaí Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil i rith na bliana 2010, lena n-áirítear na hachomhairc a fuarthas agus na cinntí a eisíodh. Cuid suntais leis an gCoimisinéir an leibhéal gníomhaíochta cuibheasach íseal sa réimse seo agus an easpa eolais atá ann i gcoitinne maidir leis an gceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol de bhun an Rialacháin RFC agus na Treorach CE/2003/4.

I gCaibidil 2, tugann an Coimisinéir tuairisc ar na cinntí a d'eisigh sí sa bhliain 2009.

Staitisticí

  • Mar a leagadh amach cheana féin, rinneadh 15,249 iarratas chun comhlachtaí poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise sa bhliain 2010. Méadú 7% é seo ar fhigiúr na bliana 2009 (14,290) agus méadú 20% ar fhigiúr na bliana 2008 (12,672).
  • Sa bhliain 2010, glacadh go hiomlán (60%) nó go páirteach (19%) le 79% de na hiarratais ar déileáladh leo ag comhlachtaí poiblí.
  • Tugann figiúirí na bliana 2010 le tuiscint go bhfuil lú-rataí eisiúna ann fós sa Státseirbhís (41%) nuair a chuirtear i gcomparáid le rátaí eisiúna FSS (71%) agus na n-údarás áitiúil (57%) iad. Ní mór ceisteanna a fhreagairt anseo.
  • Tagann an chuid is mó d'iarratais um Shaoráil Faisnéise ó ghnáthbhaill den phobal nó ó eagraíochtaí ionadaíocha (75%) - tá na catagóirí iarrthóirí eile comhdhéanta d'iriseoirí (14%), de ghnóthais (6%), de bhaill foirne ó chomhlachtaí poiblí (4%) agus de bhaill den Oireachtas (1%). Ba chóir dom a rá nár tháinig aon athrú den chuid is mó ar na céatadáin sin ón mbliain seo caite.
  • Fuarthas 10,688 iarratas ar fhaisnéis phearsanta sa bhliain 2010; méadú 14% é seo ar an mbliain 2009. Tháinig laghdú beag ar líon na n-iarratas ar fhaisnéis neamhphearsanta.
  • Tháinig méadú suntasach de 54% ón mbliain seo caite ar líon na n-iarratas chun na Roinne Coimirce Sóisialaí agus méadú 24% ón mbliain seo caite ar líon na n-iarratas chun na Roinne Airgeadais (nó méadú 426% ar fhigiúr na bliana 2007).
  • Fuair mé 301 iarratas i rith na bliana chun athbhreithniú a dhéanamh orthu agus rinne mé athbhreithniú ar 228 cinneadh ag comhlachtaí poiblí i gcomparáid le 235 don bhliain 2009.
  • Tháinig laghdú ó 1.7% sa bhliain 2009 go dtí 1.47% ar chéatadán na gcásanna, mar chéatadán de líon iomlán na n-iarratas a fuair comhlachtaí poiblí, ina raibh athbhreithniú ag an Oifig agam á lorg ag iarratasóirí agus ar glacadh leo le haghaidh athbhreithniú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil le: 

Sean Garvey, Imscrúdaitheoir Sinsearach - 01 639 5660         R-phost: sean_garvey@oic.gov.ie

Más duine de na meáin tú, téigh i dteagmháil le:

David Glynn, Ceann Cumarsáide agus Taighde - 01 639 5714 / 087 236 1884

R-phost: david_glynn@ombudsman.gov.ie

 

Tá Tuarascáil Bhliantúil na bliana 2010 le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Choimisinéara ag

http://www.oic.gov.ie/en/Publications/AnnualReports/

agus

http://www.ocei.gov.ie/en/Publications/AnnualReports/

 

Back to contents