2011

04.05.2011 A Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 á cur i láthair ag an gCoimisinéir Faisnéise, Emily O'Reilly

D'fhoilsigh an Coimisinéir Faisnéise a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 inniu (Céadaoin, 4 Bealtaine 2011), an tríú Tuarascáil déag ó bunaíodh an Oifig sa bhliain 1998. Agus an Tuarascáil á seoladh aici, ba mhór ag an gCoimisinéir Faisnéise, ina Chlár nua, gealltanas an Rialtais chun "an tAcht um Shaoráil Faisnéise a athbhunú" agus chun "a chúraimí a mhéadú chun comhlachtaí poiblí eile a chur san áireamh, lena n-áirítear roinn riaracháin de chuid An Garda Síochána, faoi réir eisceachtaí slándála".