2009

Seoladh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Faisnéise 2008

Date Released: 28.04.2009

D'fhoilsigh an Coimisinéir Faisnéise, Emily O'Reilly, a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2008 inniu. Is í an t-aonú tuarascáil déag ó bunaíodh an Oifig sa bhliain 1998.

D'fhógair an Coimisinéir gur tháinig ardú suntasach ar líon foriomlán na n-iarrataí SF ar chomhlachtaí poiblí sa bhliain 2008 (12,672 - ardú 18% ar fhigiúr 2007) den chéad uair ón mbliain 2005. Tharla an t-ardú suntasach seo i mbliain nuair nár tugadh comhlachtaí poiblí nua ar bith faoi scóip an Achta SF. Léirítear an méadú ar iarrataí ar fhaisnéis nach faisnéis phearsanta í san ardú ar líon na n-iarrataí a fuair an Roinn Airgeadais, Roinn an Taoisigh agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (Caibidil 1).

Leag an Coimisinéir béim ar ról an Achta SF maidir leis an athrú ar an gconradh sóisialta idir an tseirbhís phoiblí agus an pobal ó chonradh faoi rún arna rialú ag an Acht um Rúin Oifigiúla go conradh oscailte. Is í an bharúil atá aici go léiríonn an cineál faisnéise a rabhthas á lorg go bhfuil úsáid níos stuama á baint as an Acht SF agus as a chur i bhfeidhm mar uirlis chun gurbh fhéidir cuntasacht cheart a chinntiú sa riarachán poiblí. Tuigtear as an úsáid mhéadaithe atá á baint ag iriseoirí as an tSF (15% de na hiarrataí SF go

léir sa bhliain 2008 i gcomparáid le 8% sa bhliain 2007) a fhiúntaí is atá sé ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn sa tseirbhís phoiblí. Sampla follasach de seo is ea a mhéid is a chuaigh an scaoileadh faisnéise faoin Acht um SF i gcion ar chleachtais in FÁS, Údarás Fostaíochta agus Oiliúna an Stáit, a chur i mbéal an phobail.

Thug an Coimisinéir faoi deara gur tháinig ardú mór ar an éileamh ón bpobal maidir le trédhearcacht agus cuntasacht, sa tseirbhís phoiblí agus sna hinstitiúidí airgeadais go háirithe. Fothoradh ar an gcúlú eacnamaíochta is ea é seo, dar léi (Caibidil 2). De réir mar a fheictear don phobal go bhfuil gnóthachain airgeadais na ndeich mbliana seo caite ag dul i ndísc táthar ag fiafraí cén chaoi ar tharla an cor seo agus cén iompar a bhí faoi institiúidí éagsúla poiblí agus príobháideacha fad is a bhí an borradh ann agus dá éis. Dúirt an Coimisinéir: "Ba chóir go spreagfadh an cíocras chun faisnéise atá ann anois athmheasúnú ar ról na SF ó thaobh institiúidí den sórt a choimeád cuntasach as a ngníomhartha. Thug mé faoi deara roimhe seo an chaoi a bhfuil go leor d'institiúidí an stáit lasmuigh de scóip na SF agus áirítear leo sin an Banc Ceannais agus Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Thrácht mé roimhe seo chomh maith ar na forálacha rúndachta atá sa reachtaíocht faoinar bunaíodh líon áirithe de chomhlachtaí poiblí agus atá, de bhua na forála gan bheith san áireamh sa Tríú Sceideal den Acht um SF, lasmuigh de scóip an Achta um SF."

Rinneadh isteach is amach le 140,000 iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis ar chomhlachtaí poiblí san aon bhliain déag a bhfuil an tSF i bhfeidhm in Éirinn. Tríd is tríd, géilleadh deonú go hiomlán do 50% de na hiarrataí seo agus géilleadh deonú go páirteach do 23% eile. Géilleadh deonú do bhreis is 70% d'iarrataí go pointe áirithe. I réimse na faisnéise pearsanta, lorg thart ar 85,000 duine rochtain ar fhaisnéis a bhí á sealbhú ag ospidéil, ranna Rialtais, údaráis áitiúla, coláistí tríú leibhéal agus comhlachtaí poiblí eile fúthu féin agus/nó faoina dteaghlaigh. Tharraing Emily Ní Raghallaigh aird ar imeachtaí na Comhdhála ar Chomóradh 10 mbliana SF a thionóil a hOifig i mBealtaine 2008 inar pléadh taithí na SF go dáta agus na dúshláin atá amach roimpi. Cuirtear síos san fhoilseachán "Saoráil Faisnéise - An Chéad Deich mBliana" atá ar fáil ar www.oic.ie ar an tionchar a bhí ag an tSF sa chéad deich mbliana in Éirinn.

Agus í ag trácht ar ról na socraíochtaí agus na n-iarrataí a tarraingíodh siar chun toradh sásúil a bhaint amach d'iarrthóirí SF, tugann an Coimisinéir samplaí de réitigh a tháinig chun cinn trí bhíthin idirghabhála/idirbheartaíochta a d'éascaigh a hOifig gan dul in iontaoibh breith fhoirmiúil ar athbhreithnithe a eisiúint (Caibidil 2).

Breitheanna

Tugtar achoimrí i gCaibidil 3 den tuarascáil ar cheithre bhreith a d'eisigh an Coimisinéir sa bhliain 2008:

  • RTÉ agus Comhairle Contae - Cás 080050 ina ndéileáiltear le foráil an Acht SF a cheadaíonn do chomhlacht poiblí gan diúltú a thabhairt nó gan é a shéanadh gurb ann don taifead a iarradh, dá mba rud é go nochtfaí faisnéis phearsanta dá ndeimhneofaí gurb ann don fhaisnéis.
  • An tUas. X agus Comhairle Contae na Gaillimhe - Cás 070290 ina ndírítear ar mhainneachtain chomhlachta phoiblí taifid a aimsiú in imthosca ina mbeifí ag súil leis go gcruthófaí taifid de bhua ceanglais reachtúla.
  • In dhá bhreith (An tUas. X agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - Cás 060320 agus an tUas. X agus Comhairle Contae - Cás 060130) clúdaítear saincheisteanna a d'eascair as iarrataí ar rochtain ar thuarascálacha imscrúdaithe lena n-áirítear cur i bhfeidhm na tástála cothromaíochta ar leas an phobail i ndáil le déileáil le gearán agus éileamh ar ionchas rúndachta uathu siúd a bhíonn rannpháirteach in imscrúdú.

Staitisticí

12,672 líon na n-iarrataí SF a rinneadh ar chomhlachtaí poiblí sa bhliain 2008. B'ionann an figiúr sin agus méadú 18% ar fhigiúr na bliana 2007 (10,704) agus 7% ar an mbliain 2006 (11,804) (leathanach 11). Ba 304 iomlán líon na mbreitheanna a rinne comhlachtaí poiblí a ndearnadh achomharc chun an Choimisinéara Faisnéise ina gcoinne le linn 2007 agus is ionann sin agus ísliú 49 cás, nó 14% ar an líon sa bhliain 2007. Glacadh le 228 díobh sin chun athbhreithniú a dhéanamh orthu (leathanach 14).

Rinneadh 8,229 iarraidh ar fhaisnéis phearsanta sa bhliain 2008; is ionann sin agus ardú 9% ar an mbliain 2007. Ba iad na gnáthdhaoine nó eagraíochtaí ionadaíocha (73%) a rinne formhór na n-iarrataí. Iriseoirí (15%), gnóthaí (6%), baill foirne comhlachtaí poiblí (5%) agus comhaltaí an Oireachtais (1%) na cineálacha iarrthóirí eile a bhí i gceist. Tá ardú ó 8% sa bhliain 2007 go 15% ar an gcéatadán d'iarrataí ó iriseoirí. B'iriseoirí a rinne 20% de na hiarrataí SF sa bhliain 2001.

Léirítear ardú 131% don tréimhse ó 2004 i leith i líon na n-iarrataí a cuireadh faoi bhráid na Roinne Airgeadais sa bhliain 2008 agus léirítear ardú 84% maidir le Roinn an Taoisigh agus 37% maidir leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta don tréimhse chéanna.

Léiríonn na figiúirí don bhliain 2008 go bhfuil an patrún a bhaineann leis na rátaí scaoilte a bheith níos ísle sa státseirbhís ann fós ach go bhfuil an bhearna idir an státseirbhís agus na hearnálacha eile laghdaithe. Taispeántar sna staitisticí gur lú dóigh go ndeonódh an státseirbhís scaoileadh iomlán taifead ná a dhéanfadh comhlachtaí poiblí eile. Deonaíodh scaoileadh iomlán sa bhliain 2008 maidir le 36% de chásanna na státseirbhíse, i gcomparáid le 54% sna húdaráis áitiúla; 70% i bhFeidhmeannacht na seirbhíse sláinte, 48% in institiúidí tríú leibhéal; 70% in ospidéil shaorálacha/gníomhaireachtaí sláinte meabhrach / comhlachtaí deonacha, agus 55% i gcomhlachtaí eile. Tá figiúr na státseirbhíse gar don 35% a taifeadadh sa bhliain 2007. Tugann an Coimisinéir laghdú suntasach faoi deara ar na rátaí scaoilte in institiúidí tríú leibhéal, laghdú 48% sa bhliain 2008, sin titim ó 58% sa bhliain 2007 agus ó 64% sa bhliain 2006.

An Coimisinéir um Fhaisnéis faoin gComhshaol

Baineann Cuid II de Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara don bhliain 2008 leis an ról ar leithligh atá aici mar Choimisinéir um Fhaisnéis faoin gComhshaol. Dírítear inti ar bhreitheanna a rinne a hoifig ar achomhairc faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007 ar ionann é agus cód reachtúil ar leithligh ón gcód a bhfuil feidhm aige faoin SF.

Tugtar breac-chuntas i gCaibidil 1 ar an réim i ndáil le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus ar na gníomhaíochtaí a bhí idir lámha ag Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis faoin gComhshaol i gcaitheamh na bliana 2008 lena n-áirítear achomhairc a fuarthas agus breitheanna a eisíodh. Tagraíonn an Coimisinéir don leibhéal sách íseal de ghníomhaíocht a bhain leis an réimse seo agus don easpa feasachta atá ann tríd is tríd faoin gceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol faoin Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus faoi Threoir CE/2003/4. Dúirt sí "Tá sé ríthábhachtach gur leor an oiliúint a gheobhadh baill foirne na n-údarás poiblí chun faisnéis chruinn a thabhairt chun go mbeadh ar chumas úsáideoirí na Rialachán a gcearta a fheidhmiú, lena n-áirítear eolas a thabhairt d'iarrthóirí faoina gcearta maidir le hathbhreithniú inmheánach agus le hachomharc seachtrach agus na scálaí ama inar gá achomhairc den sórt a dhéanamh."

Tuairiscíonn an Coimisinéir i gCaibidil 2 ar a breitheanna a eisíodh sa bhliain 2008 viz.

  • Open Focus & Comhairle Contae Shligigh (Cás CEI/07/0006) a bhaineann le muirear a gearradh ar sholáthar faisnéise faoin gcomhshaol maidir le hionaid chóireála fuíolluisce agus camrais.
  • Grúpa Gníomhaíochta Chnoc Alúine & Comhairle Contae Chill Dara (Cás CEI/08/0001) a bhaineann le hiarraidh ar fhaisnéis ar ábhair phleanála agus fhorfheidhmithe a bhaineann le cairéal.
  • Gary Fitzgerald, Uas. & Roinn an Taoisigh (Cás CEI/07/0005) a bhaineann le hiarraidh ar fhaisnéis ar ar dúradh sa Chomh-Aireacht faoi astuithe gás ceaptha teasa na hÉireann. Tabhair faoi deara: tá an cás seo faoi réir achomhairc chun na hArd-Chúirte agus Imeachtaí ar Athbhreithniú Breithiúnach.
  • Peter Sweetman & Associates & An tSeirbhís Chúirteanna (Cás CEI/08/0005) a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol i dtaifid na Cúirte; cibé an dtagann An tSeirbhís Chúirteanna faoin sainmhíniú ar "údarás poiblí" chun críocha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus cibé ar ghníomhaigh An tSeirbhís Chúirteanna i gcáil bhreithiúnach i ndáil leis an bhfaisnéis a lorgaíodh.

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2008 ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara www.oic.ie nó is féidir cóip a fháil ach í a iarraidh trí ghlaoch ar (01) 639 5689.

- Críoch-

 

Tuilleadh Eolais ó:

Liz Dolan, Imscrúdaitheoir Sinsearach - 01 639 5680; Ríomhphost: elizabeth_dolan@oic.gov.ie

Marie O’Brien, Imscrúdaitheoir - 01 6395651; Ríomhphost: marie_o’brien@oic.gov.ie

Fiosrúcháin ón Mhéide, déan teagmháil le:

David Glynn, Ceannaire Cumarsáide agus Taighde - 01 639 5714 / 087 236 1884;

Ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie 

Tuilleadh Eolais ó:  David Glynn, Stiúrthóir, An tAonad Cumarsáide & Taighde - 01 6395714; david_glynn@ombudsman.gov.ie

Back to contents