Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Téacs

Táillí

Murab ionann agus rochtain faoi réim an Achta um SF, ní ghearrtar táille aitheantais nuair a bhíonn iarraidh á déanamh. Ní ghearrtar táille ar bith ach oiread ar iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach. Tá “táille aitheantais” áfach ar achomharc a dhéanamh chun m’Oifige. w150 an táille a ghearrtar agus gearrtar w50 ar shealbhóirí cárta liachta, ar a gcleithiúnaithe. agus ar tríú pháirtithe ar a bhfuil iarmhairt de bharr nochtú an faisnéise faoin gComhshaol i gceist. 

Féadfaidh údarás poiblí táille a ghearradh i gcás go gcuireann sé faisnéis ar fáil. Is ann d’fhoráil, áfach, nach mór do tháille ar bith den sórt a bheith réasúnach ag féachaint don Treoir. Más rud é go mbeartaíonn údarás poiblí táillí den sórt a ghearradh, tá sé d’oibleagáid air liosta de tháillí inmhuirearaithe a chur ar fáil don phobal. Tá foráil ann do cheart rochtana (inmheánach agus seachtrach) ar na forais go bhfuil an táille a ghearrtar iomarcach. Feach ar mo bhreith (CEI/07/0006) Open Focus agus Comhairle Contae Shligigh i gCaibidil 2.

Back to contents