- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Téacs
Céard í Faisnéis faoin gComhshaol?
Is leathan agus is leitheadach an sainmhíniú a thugtar ar “fhaisnéis faoin gcomhshaol” sa Treoir agus sna Rialacháin. Clúdaíonn an sainmhíniú faisnéis i bhfoirm scríofa, feiceálach, cloiste, leictreonach nó foirm ábhartha ar bith eile “in written, visual, aural, electronic or any other material form”. Aithnítear ann sé chatagóir ar leith d’fhaisnéis a dhéileálann leo seo a leanas:
- staid ghnéithe an chomhshaoil (mar shampla aer, uisce, ithir, talamh, tírdhreach, éagsúlacht bhitheolaíoch);
- fachtóirí a dhéanann difear do, nó ar dóigh go ndéanfaidh siad difear do ghnéithe an chomhshaoil (mar shampla fuinneamh, torann, radaíocht, dramhaíl, nithe eile a scaoiltear amach sa chomhshaol);
- bearta a cheaptar chun gnéithe an chomhshaoil a chosaint (mar shampla beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhshocruithe faoin gcomhshaol);
- tuarascálacha faoi fhorfheidhmiú na reachtaíochta faoin gcomhshaol;
- anailísí agus toimhdeana a ghlactar sa chreat beart a cheaptar chun an comhshaol a chosaint; agus
- staid sláinte agus sábháilteacht daonna, staid a bhiashlabhra, na suímh chultúir agus na déanmhais thógtha a mhéid is go bhféadfadh gnéithe an chomhshaoil difear a dhéanamh dóibh.