Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Téacs

Faisnéis Phearsanta a Bhaineann Le Daoine Éagtha

Thrácht mé go mion i mo Thuarascálacha Bliantúla i 2005, 2006 agus 2007 agus i bhfoilseacháin eile ar cheist na rochtana SF ar thaifid daoine éagtha gur údar buartha í. Cosnaíonn an tAcht um SF (alt 28) faisnéis phearsanta (lena n-áirítear faisnéis phearsanta duine éagtha) óna nochtadh faoi réir díolúintí ar leith. Tá eisceacht amháin ón gcosaint a thugtar do fhaisnéis phearsanta in alt 28(6) ina bhforáiltear go bhféadfaidh an tAire Airgeadais a fhoráil le rialacháin maidir le géilleadh rochtain a thabhairt ar thaifid a bhaineann le haicmí áirithe daoine lena n-áirítear daoine atá éagtha. Sa bhliain 1999 thug an tAire isteach Ionstraim Reachtúil Uimh. 47 de 1999 (Rialacháin 1999) chun na críche sin. Leag mé féin agus daoine eile béim ar na fadhbanna a bhaineann le léiriú agus feidhmiú Rialacháin na bliana 1999 agus iarradh ar an Aire féachaint an athuair ar na rialacháin chun déileáil leis na deacrachtaí.  

Táim sásta go raibh an Roinn Airgeadais i gcomhairle le cleachtóirí SF san earnáil Sláinte faoi dheireadh na bliana 2008 maidir le dréacht-rialacháin leasaithe agus le Treoirlínte faoin réimse seo. Lorg an Roinn tuairimí uaim faoina moltaí go luath sa bhliain 2009 agus thug mé mo thuairimí dóibh. Aithnítear na deacrachtaí a bhaineann le rialacháin agus Treoirlínte a dhréachtú a thabharfadh léargas ar fhorálacha na reachtaíochta príomhúla, ina ndéanfaí foráil do cheart rochtana aicmí sainithe d’iarrthóirí ach a chuirfeadh ar chumas cinnteoirí chomh maith feidhm a bhaint as na forálacha a mhéid is is féidir é ar bhealach soiléir cothrom. Táim ag tnúth lena thuilleadh dul chun cinn ar an gceist seo.

Back to contents