- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Téacs
Comhlachtaí Poiblí atá taobh amuigh de scóip an Achta um SF
Is údar imní dom fós go bhfuil comhlachtaí poiblí áirithe ann atá fós taobh amuigh de scóip an Achta um SF, agus an tAcht anois ina dhara tréimhse deich mbliana feidhme. Bhain mé úsáid as mo Thuarascálacha Bliantúla in imeacht na mblianta chun mo thuairim a thabhairt ar an tsaincheist seo; leag mé béim i dTuarascáil Bhliantúil na bliana anuraidh nach bhfuil An Garda Síochána ná comhlachtaí san earnáil Dlí agus Cirt amhail na comhlachtaí siúd a bhaineann le cás na ndídeanaithe san áireamh faoin réim SF. Níl athrú ar bith tagtha ar an gcás agus an tuarascáil seo á scríobh. Feictear dom gur tráthúil anois a chur in iúl nach bhfuil a lán comhlachtaí sa réimse rialála airgeadais tugtha isteach faoin Acht um SF ag an Aire Airgeadais agus go bhfágann sin nach bhfuil ceart reachtúil rochtana ar bith ag baill den phobal ar thaifid na gcomhlachtaí poiblí siúd a bhfuil ról lárnach acu faoi láthair i gcobhsaíocht eacnamaíoch an Stáit. Ní luaitear anseo a leanas ach cuid de na comhlachtaí poiblí atá fós taobh amuigh den scóip SF:
- An Garda Síochána, Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, Oifig an Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe, Oifig an Bhinse Achomharc Dídeanaithe, Bord Comhairleach na gCeapachán Breithiúnach;
- Banc Ceannais agus Údarás Rialacháin Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean, An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát;
- An 33 Coiste Gairmoideachais, An Coimisiún um Scrúduithe Stáit, An Bord um Shásamh Institiúidí Cónaithe, An LárOifig Iontrála.