- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Téacs
Tionchar na SF i mbéal an Phobail sa bhliain 2008
Creidim gurbh í 2008 an bhliain inar shoiléire tionchar na SF ar an saol poiblí seachas blianta roimhe sin. Is beag lá a d’imigh tharainn gan scéalta a bheith sna meáin ag tagairt do thorthaí iarrataí SF go háirithe sa chuid dheireanach den bhliain. Cé nach ndéanann roinnt daoine beart de réir briathair maidir le barrshamhaileacha na hoscailteachta agus na trédhearcachta, chonaic muid tionchar suntasach SF le linn 2008. Faraor ní léargas dearfach a tugadh faoi chomhlachtaí poiblí as a lán dár nochtadh. Is cruthúnas ann féin an méid sin go bhfuil ag éirí le SF. Ní údar le go gcoinneofaí siar faisnéis faoin Acht um SF, mar shampla, go dtarraingeodh scaoileadh na gcostas taistil a thabhaigh feidhmeannaigh FÁS, Údarás Oiliúna agus Fostaíochta an Stáit náire ar na daoine aonair lena mbaineann. Cruthaíonn an díospóireacht faoi scaoileadh na dtaifead agus an éifeacht a bheadh aige sin ar roinnt de na daoine lena mbaineann an athuair go bhfuil SF mar cuid ríachtanach den phróiséas daonlathach.
Dá fhollasaí í an ghéarchéim eacnamaíoch, is amhlaidh a thug mé faoi deara, mar a fheicimse é, go bhfuil na meáin agus grúpaí éagsúla leasmhara níos dírithe i ndáil le húsáid SF. Áiríodh iad seo a leanas ar na torthaí a tháinig as úsáid SF, a dhírigh ní hé amháin é ar chostais taistil ach ar ghearradh siar i mbuiséid agus ar shaincheisteanna luach ar airgead ar fud na hearnála poiblí chomh maith céanna:
- plean de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun caiteachas a bhaint as an straitéis meabhairshláinte atá ag an Rialtas agus é a chur in aghaidh easnamh i réimsí eile;
- suim chaiteachas na Rann ar fhógraíocht, caidreamh poiblí agus comhairleoirí príobháideacha eile;
- sonraí faoi theagmhálacha a bhí ag an tionscal foirgníochta leis an Roinn Airgeadais maidir le conarthaí i gcomhair tionscadail infreastruchtúir ar ‘phraghas seasta’; agus
- pléití idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta faoi chúngú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an scéim díolúine ó cháin d’ealaíontóirí.
Ina theannta sin, leanadh ar aghaidh ag leagan béime ar réimsí sna seirbhísí sláinte agus oideachais ó tharla scéalta faoi chúram ailse agus faoin gclár tógála scoile a bheith ag teacht chun cinn go minic as iarrataí SF.