- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Téacs
Achomhairc chun na hArd-Chúirte
Ó tionscnaíodh an tAcht um SF, tá ceart achomhairc chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí ag páirtí in athbhreithniú a rinne m’Oifig, nó ag aon duine eile a ndéanann breith ar athbhreithniú den sórt difear dó nó di. Foráiltear chomh maith leis an Acht Leasaithe um SF 2003 go bhféadfaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne bhreithiúnas na hArd-Chúirte.
Tharla lear mór gníomhaíochta ó thaobh na dlíthíochta de le bliain anuas. Thug an Ard-Chúirt breithiúnais ar dhá achomharc a rinneadh i gcoinne bhreitheanna m’Oifige. Seasadh le hachomharc amháin agus rinneadh an ceann eile a dhíbhe. Tugtar achoimre ar an dá achomharc sin i gCaibidil 2 den Tuarascáil seo.
Éisteadh leis an gcéad achomharc – An tAire Oideachais & Eolaíochta – v- An Coimisinéir Faisnéise: [2008] IEHC 279 – i mí Iúil 2008 a bhain le cúig bhreith chosúla arna n-eisiúint ag m’Oifig i mí na Nollag 2005 agus thug an Ard-Chúirt a breithiúnas i mí Lúnasa 2008.
Éisteadh leis an dara hachomharc – Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - v- An Coimisinéir Faisnéise: [2008] IEHC 298 – i mí Iúil 2008 a bhain le breith a d’eisigh m’Oifig i Márta 2007 agus thug an Ard-Chúirt a breithiúnas i nDeireadh Fómhair 2008.
Bhíothas ag feitheamh ar bhreithiúnas na hArd-Chúirte ar achomharc ar éisteadh leis ar dhátaí éagsúla sa bhliain 2007 agus 2008 agus ar achomharc ar éisteadh leis i mí na Samhna 2008 tráth a raibh an tuarascáil seo á scríobh. Tá cás amháin a tionscnaíodh i gcoinne breithe ar athbhreithniú SF sa bhliain 2008 fós ag an réamhchéim.
Cuireadh seacht n-achomharc eile chun na hArd-Chúirte i gcrích sa bhliain 2008 faoi mar seo a leanas:
- thángthas ar réiteach ar cheann amháin trí bhíthin ordú cúirte;
- cuireadh trí cinn faoi bhráid m’Oifige an athuair tar éis comhaontaithe go ndéanfaí iad a bhreithniú as an nua – tarraingíodh siar ceann amháin díobh seo ina dhiaidh sin;
- tarraingíodh siar péire sular éist an t-achomharcóir leo (comhlacht poiblí sa dá chás);
- chaith an Chúirt ceann eile amach.