Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Téacs

Toradh Athbhreithnithe

Níor bhain breitheanna foirmiúla a eisiúint le gach ceann de na hathbhreithnithe a críochnaíodh: rinneadh roinnt díobh a scor, tarraingíodh siar roinnt díobh, agus cuireadh socrú i bhfeidhm maidir le roinnt eile.

Breitheanna Foirmiúla

D’eisigh mé 113 breith fhoirmiúil sa bhliain 2008 agus is ionann an líon sin agus 44% de na cásanna go léir ar déileáladh leo le linn na bliana. Dhaingnigh mé breith an chomhlachta phoiblí i 82 (72%) de na breitheanna foirmiúla agus d’athraigh mé 21 (19%) de na breitheanna agus neamhnigh mé an 10 (9%) eile. Déantar comparáid idir an líon sin agus an 66% de na breitheanna a daingníodh sa bhliain 2007 agus an 76% a daingníodh sa bhliain 2006. 

Socraíochtaí agus Iarrataí a Tarraingíodh Siar

Forálann an tAcht um SF go bhféadfaidh mé tráth ar bith le linn athbhreithniú féachaint le socraíocht a dhéanamh idir na páirtithe maidir leis na taifid a bheidh le scaoileadh. D’fhéadfadh i roinnt cásanna go n-aontódh iarrthóirí fócas an athbhreithnithe a chúngú ach a bheith sásta taifid ar bheag faisnéise a bheadh le fáil astu nó nach mbeadh faisnéis ar bith le fáil astu a chur as an áireamh. D’fhéadfaí i gcásanna eile teacht ar aontú go scaoilfí taifid bhreise a bheadh taobh amuigh de scóip na buniarrata agus nár ghá domsa breith fhoirmiúil a thabhairt ar an gcás. Mholfainn do chomhlachtaí poiblí faoi mar a dhéanaim i gcónaí, agus iad ag déileáil le hiarrataí, dul i dteagmháil go díreach le hiarrthóirí d’fhonn socraíochtaí a dhéanamh sna cásanna siúd nach dóigh go ngéillfear go hiomlán don iarraidh.  

Rinne m’Oifig socraíocht ar 54 cás sa bhliain 2008. Is ionann sin agus beagnach 21% de na hathbhreithnithe go léir a cuireadh i gcrích le linn na bliana i gcomparáid le thart ar 17% sa bhliain 2007, 9% sa bhliain 2006 agus 10% sa bhliain 2005. Fáiltím roimh an ardú seo sa ráta socraíochtaí ó tharla go dtugann sé d’éifeacht d’intinn an Achta um SF .i. gur chóir cásanna a chur i gcrích ní hé amháin é trí bhíthin breith fhoirmiúil ach trí bhíthin breith neamhfhoirmiúil, más cuí.  

Sa bhliain 2008, ba 33% de na hathbhreithnithe go léir a cuireadh i gcrích an líon de na hathbhreithnithe ar tharraing iarratasóirí siar iad. Cuirtear an céatadán sin i gcomparáid le 35% sa bhliain 2007 agus le 23% sa bhliain 2006 agus 2005 araon. Is de bharr plé mionsonraithe idir an t-iarratasóir agus ball de m’fhoireann a tharraingítear siar an t-iarratas i bhformhór na gcásanna ina dtarraingítear siar an t-iarratas agus is minic go scaoileann an comhlacht poiblí taifid ag céimeanna éagsúla den athbhreithniú mar thoradh air sin. 

Is féidir mionscrúdú ar an gcineál cásanna seo ar socraíocht nó tarraingt siar a dtoradh a léamh i gCaibidil 2 den Tuarascáil seo. 

Cásanna a Scoireadh

Ba 2.7% de na hathbhreithnithe a cuireadh i gcrích an céatadán de chásanna a scoireadh sa bhliain 2008. Cuirtear é sin i gcomparáid le 2.2% sa bhliain 2007 agus le 2.7% sa bhliain 2006.

Back to contents