- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Téacs
Iarratais Chuig m'Óifig I gComhair Athbhreithniú
Féadfaidh iarrthóir, i gcás nach mbíonn sé/sí sásta le breith an chomhlachta phoiblí ar a iarraidh/a hiarraidh SF, iarratas a dhéanamh chun m’Oifige chun athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreith sin. Is ionann an t-athbhreithniú seo, i bhformhór na n-imthosca, agus an tríú hanailís agus an tríú breith ar an gcás sin. Ceangal dlíthiúil is ea an bhreith a ghabhann le m’athbhreithniú agus féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí agus ar phonc dlí amháin.
Ba 304 líon na n-iarratas a rinneadh chun m’Oifige chun athbhreithniú a dhéanamh orthu sa bhliain 2008 agus ba laghdú 49 cás, nó 14%, ar an mbliain 2007 é sin. Glacadh 228 de na hiarratais sin chun athbhreithniú a dhéanamh orthu sa bhliain 2008 mar a thaispeántar i gCaibidil 4 (Tábla 13) i gcomparáid leis an 248 iarratas ar glacadh leo sa bhliain 2007. Tá an titim seo ag teacht leis an laghdú foriomlán i líon na n-iarrataí ar léir iad ón mbliain 2003 i leith agus dá réir beidh sé suimiúil a fháil amach cibé an mbeidh tionchar ag an ardú sa líon iarrataí a fuair comhlachtaí poiblí sa bhliain 2008 ar iarratais a fuair m’Oifig sa bhliain 2009.
Thrácht mé i mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2007 ar an laghdú mór a tháinig ar an gcomhréir iarratas a cuireadh faoi bhráid m’Oifige agus a bhain le faisnéis phearsanta agus luaigh mé go raibh sé beartaithe agam é seo a choinneáil faoi athbhreithniú chun a fháil amach cibé ar laghdú aon uaire a bhí ann nó nárbh ea. Cé gur ardú é an figiúr ábhartha de 31% don bhliain 2008 ar an bhfigiúr íseal 24% sa bhliain 2007, is figiúr é atá fós níos ísle ná an ráta 40% nó níos mó a bhí á fháil ag m’Oifig blianta roimhe sin.
Ba 1.8% i gcomparáid le 2.3% sa bhliain 2007 agus le 2.2% sa bhliain 2006, mar chéatadán den líon iomlán iarrataí a fuair comhlachtaí poiblí, comhréir na gcásanna a ndearnadh achomharc orthu chun m’Oifige, agus ar glacadh leo chun athbhreithniú a dhéanamh orthu. Tá briseadh síos de na comhlachtaí poiblí lena mbaineann agus ábhar na n-iarratas ar athbhreithniú ar glacadh leo le fáil i gCaibidil 4 (Tábla 15 agus 17). 5.3% an líon agóidí tríú páirtithe a rinneadh i gcoinne faisnéis a scaoileadh i gcomparáid le 8.1% sa bhliain 2007 agus 2.8% sa bhliain 2006. D’ardaigh agus d’ísligh an figiúr seo go mór in imeacht na mblianta ach ó tharla gur beag an líon glan cásanna (12, 20, agus 7 sa bhliain 2008, 2007 agus 2006 faoi seach) d’fhéadfadh gur mhór an t-athrú a thiocfadh ar an bhfigiúr céatadáin dá dtiocfadh athrú sách beag ar líon na gcásanna.