- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Téacs
Leibhéal Iarrataí ar Chomhlachtaí Poiblí
Rinneadh isteach agus amach le 12,672 iarraidh ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht um SF sa bhliain 2008. Is ionann an figiúr sin agus méadú 18% ar fhigiúr na bliana 2007 (10,704) agus 7% ar an mbliain 2006 (11,804). Is léiriú é gur iompaíodh rudaí droim ar ais ón laghdú a bhí ag teacht ar líon na n-iarrataí, gan 2005 a thabhairt san áireamh, ó tugadh isteach táillí ar iarrataí faoi Acht Leasaithe um SF na bliana 2003. Cé nach eol dom cúis shonrach ar bith a bheith leis an bhforbairt seo, d’fhéadfadh gur chúis áirithe amháin ab ea na scéalta ar tarraingíodh aird mhór orthu sna meáin a d’eascair as taifid a scaoileadh faoin Acht um SF sa dara leath den bhliain. Tugtar súil níos grinne ar sin i gCaibidil 2. Cibé cúis a bhí léi, fáiltítear roimh mhéadú ar bith san úsáid a bhaineann an pobal as SF agus is ábhar é seo a bheidh faoi athbhreithniú agam i dTuarascálacha Bliantúla sa todhchaí.
| 1999 | 2000 | 2001 | 2002 | 2003 | 2004 | 2005 | 2006 | 2007 | 2008 |
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| 11,531 | 13,705 | 15,428 | 17,196 | 18,443 | 12,597 | 14,616 | 11,804 | 10,701 | 12,672 |
Taispeántar an deich gcomhlacht phoiblí a bhí faoi réir ag an líon ba mhó iarrataí sa bhliain 2008 sa tábla seo a leanas (tá cúrsaí mar a bhí sa bhliain roimhe sin á dtaispeáint idir lúibíní). Mar a luadh i mo Thuarascáil sa bhliain 2007, is léargas iad staitisticí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an struchtúr leasaithe réigiúnach a tugadh isteach sa bhliain 2007 agus dá réir ní féidir comparáid dhíreach bliain ar bhliain a dhéanamh don bhliain 2006 agus do bhlianta roimhe sin. Tá na staitisticí foriomlána d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fáil i gCaibidil 4 (féach Tábla 8). Ní suimiúil amháin atá sa tábla seo is ea an t-ardú a tháinig ar na hiarrataí a fuair An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, ó 445 sa bhliain 2007 go 718 sa bhliain 2008 agus is ionann é sin agus ardú de 273 iarraidh nó 61%. Iarrataí ar fhaisnéis phearsanta ab ea formhór (228) an arduithe sin, ach ó tharla nach gcoinníonn an Roinn staitisticí ar líon na n-iarrataí a fhaigheann gach ceann dá rannóga, níl faisnéis ar bith agam faoina mhéid is a tháinig ardú ar réimsí éagsúla a bhfuil an Roinn freagrach astu.
| Ord | Comhlacht Poiblí | 2008 | 2007 | 2006 |
|---|---|---|---|---|
| 1 | FSS - Ceantar an Deiscirt (1) | 1,548 | 1,378 | n/a |
| 2 | FSS - Ceantar an Iarthair (2) | 1,362 | 1,257 | n/a |
| 3 | An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí (6) | 718 | 445 | 477 |
| 4 | FSS - Ceantar Bhaile Áithe Cliath Thoir Thuaidh (3) | 631 | 627 |
n/a |
| 5 | An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (7) | 485 | 370 | 464 |
| 6 | An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (5) | 457 | 470 | 1,108 |
| 7 | FSS - Ceantar Bhaile Átha Cliath Lár-Laighean (4) | 453 | 590 | n/a |
| 8 | Ospidéal San Séam (10) | 280 | 184 | 131 |
| 9 | An Roinn Sláinte agus Leanaí (-) | 227 | 147 | 217 |
| 10 | Ospidéal na hOllscoile, An Mater Misericordiae (-) | 219 | 181 | 170 |
Thrácht mé i mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2007 ar an laghdú mór a tháinig ar iarrataí a cuireadh faoi bhráid na dtrí Phríomh-Roinn Rialtais a liostaítear sa tábla thíos ón gcéad bhliain iomlán (2004) ó tugadh na táillí “aitheantais” isteach sa bhliain 2003. Is léir ó fhigiúirí na bliana 2008 gur iompaíodh an patrún seo droim ar ais, go háirithe maidir leis an Roinn Airgeadais ós gur tháinig ardú 131% ón mbliain 2004 go 2008 ar líon na n-iarrataí. Arís eile, cé nár tugadh cúis shonrach ar bith do m’Oifig faoin bhforbairt seo, creidim go bhféadfaí glacadh leis le réasún go bhfuil suim níos mó i dtaifid atá i seilbh an stáit faoi chúrsaí airgeadais phoiblí agus ábhair ghaolmhara de bharr cúinsí eacnamaíocha a bheith mar atá.
2004
2005
2006
2007
2008
2004 - 2008 Roinn an Taoisigh
45
60
51
71
83
+84% An Roinn Airgeadais
78
93
72
64
180
+131% An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
62
86
71
57
85
+37%