- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Tuarascáil Bhliantúil 2005 - Téacs
Iarratais chuig m'Oifig le haghaidh Athbhreithnithe
Nuair nach mbíonn iarrthóir sásta le cinneadh an chomhlachta phoiblí ar a iarratas/hiarratas SF, tig leis/léi iarratas a chur chuig m'Oifig chun athbhreithniú a fháil ar an gcinneadh sin. Sa chuid is mó de na cásanna, is éard a bheidh san athbhreithniú seo an tríú anailís agus cinneadh sa chás sin. Bíonn an cinneadh a thagann i ndiaidh m'athbhreithnithe ceangailte go dleathach agus tig é a achomharc chuig an Ard-Chúirt, ach ar phointe dlí amháin.
Tháinig an líon d'iarratais a cuireadh chuig m'Oifig le haghaidh athbhreithnithe le linn 2005 go dtí 380. Léirigh seo laghdú de 54 cás nó 12% ar 2004. Mar a taispeánadh i gCaibidil 5 (Tábla 13), glacadh le 285 de na hiarratais sin le haghaidh athbhreithnithe le linn 2005. Tá seo i gcomparáid le 333 le linn 2004. Tharla an titim seo de bharr laghdaithe i líon na n-iarratas athbhreithnithe a rinneadh i ndáil le faisnéis phearsanta atá ag an leibhéal is ísle ó 1998. Cé gur tháinig méadú suntastasach ar an líon d'iarratais phearsanta a rinneadh chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta le linn 2005, chiallaigh an fhíric go raibh an spriocdáta chun iarratas a chur isteach ag an mBord um Shásamh Institiúidí Cónaithe éagtha le linn na blianta, ar neamhchosúil le blianta eile, nach ndearna mórán iarrthóirí cinneadh na Roinne a achomharc chuig m'Oifig. Táim sásta a rá gur léiriú maith é an ráta íseal d'achomhairc ar an mbealach a láimhseálann an Roinn an sórt seo d'iarratais. Tá an chosúlacht ann fosta, áfach, gur tharla cuid den laghdú de bharr mearbhaill i measc na n-iarrthóirí faoi an raibh táille iarratais iníoctha le m'Oifig maidir le hathbhreithniú ar chinneadh a bhaineann le faisnéis phearsanta.
Ba í an chuid de chásanna a cuireadh chuig m'Oifig d'achomharc, agus a glacadh d'athbhreithniú, mar chéatadán den líon iomlán d'iarratais faighte ag comhlachtaí poiblí ná 2% i gcomparáid le 2.5% i 2004 agus 6% i 2003. Tá miondealú ar na comhlachtaí poiblí lena mbaineann agus ábhar na n-iarratas athbhreithnithe glactha déanta i gCaibidil 5 (Táblaí 15 agus 17). Tá sé suntasach gur tháinig méadú seasta ar líon na n-agóidí ó thríú páirtithe i ndáil le scaoileadh faisnéise ó 3% i 2003, go dtí 8.7% i 2004 agus go 13.7% i 2005. Cúis mhór leis an méadú seo ná na cinntí a ghlac comhlachtaí poiblí, do leas an phobail, taifid cigireachta i ndáil le tithe altranais agus seirbhísí cúraim leanaí a fhoilsiú. I gCaibidil 3, déanaim tuilleadh tráchta ar na fadhbanna atá ag teacht chun cinn maidir le halt 29 den Acht SF a bhaineann le heisiúint chomhchomhairlí tríú páirtithe ag comhlachtaí poiblí.