Alt 16 - Treoirleabhar

Aguisín 6 - GLUAIS TÉARMAÍ

GLUAIS TÉARMAÍ

Iarratasóir

- duine a rinne iarratas chuig an gCoimisinéir Faisnéise chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith chomhlachta phoiblí. Ciallaíonn an téarma duine a sheol iarraidh chuig comhlacht poiblí faoi réir na nAchtanna um SF agus freisin duine a rinne agóid maidir le géilleadh d’iarraidh a rinne páirtí éigin eile chun rochtain a fháil ar fhaisnéis cibé an faisnéis faoin iarratasóir í nó an faisnéis í a thug an t-iarratasóir don chomhlacht poiblí.

Athbhreithniú inmheánach

- athbhreithniú ar bhreith thosaigh maidir le hiarraidh a sheol ball foirne chomhlachta phoiblí ar airde a ghrád/a grád ná grád an duine sin a rinne an bhreith thosaigh. Bíonn sé seo i gcodarsnacht le hathbhreithnithe an Choimisinéara Faisnéise athbhreithnithe atá seachtrach don chomhlacht poiblí.

Duine a bhfuil feidhm ag alt 29(2) maidir leis

- más rud é go lorgaítear iarraidh ar thaifid ina bhfuil faisnéis a fuarthas faoi rún, an duine a thug an fhaisnéis don chomhlacht poiblí, agus, má chinneann an ceann é a bheith cuí, an duine lena mbaineann an fhaisnéis. Más rud é go lorgaítear iarraidh ar thaifid ina bhfuil faisnéis phearsanta nó faisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de, an duine lena mbaineann an fhaisnéis.–  

Iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29(2) maidir léi

- iarraidh rochtain a lorg ar thaifid ina bhfuil faisnéis a fuarthas faoi rún, faisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis phearsanta nuair a chinneann an comhlacht poiblí (faoi réir thuairimí an pháirtí a thug an fhaisnéis don chomhlacht poiblí agus/nó páirtí lena mbaineann an fhaisnéis, a fháil agus faoina réir sin amháin), gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail, tríd is tríd, géilleadh don iarraidh seachas diúltú géilleadh don iarraidh.

Iarrthóir

- duine a dhéanann iarraidh chuig comhlacht poiblí faoi na hAchtanna um SF. Is féidir go mbeadh iarrthóir chuig comhlacht poiblí ina iarratasóir chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Iarratas faoi Alt 17

- forálann Alt 17 de na hAchtanna um SF don cheart leasú a dhéanamh ar fhaisnéis phoiblí a bhaineann le duine aonair atá i dtaifead atá i seilbh chomhlachta phoiblí sa chás go bhfuil an fhaisnéis neamhiomlán, mícheart agus míthreorach.

Iarratas faoi Alt 18

- forálann Alt 18 de na hAchtanna um SF go bhfuil duine a ndéanann gníomh de chuid chomhlachta phoiblí difear dó nó di agus a bhfuil leas ábhartha aige nó aici i ní dá ndéanann an gníomh sin difear nó lena mbaineann sé, i dteideal ráiteas maidir leis na cúiseanna leis an ngníomh agus aon fhionnachtana maidir le haon saincheisteanna ábhartha fíorais a bheidh déanta chun críocha an ghnímh.

Alt 29

- forálann Alt 29 do nós imeachta maidir le fógra foirmiúil cibé uair a bhfuil faoi chomhlacht poiblí faisnéis a fuarthas faoi rún, faisnéis íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis phearsanta a nochtadh ar mhaithe le leas an phobail. Éilíonn sé ar an gcomhlacht poiblí fógra a thabhairt don duine a thug an fhaisnéis don chomhlacht poiblí, agus, más cuí leis an gcomhlacht poiblí sin, don duine lena mbaineann an fhaisnéis, maidir leis an iarraidh agus á rá go ngéillfear don iarraidh ar mhaithe le leas an phobail. Féadfaidh aon duine a gheobhaidh fógra amhlaidh aighneachtaí a dhéanamh ansin chuig an gcomhlacht poiblí agus is gá iad seo a bhreithniú sula gcinnfear cibé an ngéillfear don rochtain nó an ndiúltófar don rochtain.

Aonad Tacaíochta

– an t-aonad a thugann tacaíocht riaracháin do na hImscrúdaitheoirí agus do na hImscrúdaitheoirí Sinsearacha in Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Is Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin atá ina cheann ar an Aonad seo.

Back to contents