- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Alt 16 - Treoirleabhar
Aguisín 5 SOCRUITHE IDIRCHAIDRIMH LE COMHLACHTAÍ POIBLÍ CHUN CRÍOCHA NA N-ACHTANNA UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997 AGUS 2003
SOCRUITHE IDIRCHAIDRIMH LE COMHLACHTAÍ POIBLÍ CHUN CRÍOCHA NA N-ACHTANNA UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997 AGUS 2003
Réamhrá
Is é cuspóir na cáipéise seo an sórt socruithe idirchaidrimh, a bheidh i ngníomh ag Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus í ag déileáil le comhlachtaí poiblí atá faoi réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003, a leagan síos go ginearálta. D’fhéadfadh go dtiocfadh an Oifig ar shocruithe aonaracha le comhlachtaí aonaracha ach beidh siad sin i gcónaí i gcomhthéacs na socruithe leathana a ndéantar cur síos orthu anseo thíos.
Ról an Choimisinéara Faisnéise
Bronnann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 (Na hAchtanna um SF) an chumhacht ar an gCoimisinéir Faisnéise (an Coimisinéir) athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna a dhéanann na comhlachtaí poiblí faoi na hAchtanna. Tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisinéir freisin a bheith i mbun athbhreithnithe ar ghníomhú an Achta, go ginearálta agus i ndáil le comhlachtaí poiblí aonaracha. Sa chomhthéacs seo féadfaidh an Coimisinéir, imscrúdú a dhéanamh ar chleachtais agus ar nósanna imeachta aon chomhlachta phoiblí ar leith ar bith. Ina theannta sin tá páirt le plé ag an gCoimisinéir maidir le comhlachtaí poiblí a spreagadh i dtreo breis oscailteachta agus i dtreo faisnéis a nochtadh go deonach lasmuigh de cheanglais dhochta na nAchtanna um SF. Nuair a dhéanann an Coimisinéir athbhreithniú ar bhreith chomhlachta phoiblí, a tugadh faoi na hAchtanna, féadfaidh sí an bhunbhreith a dhaingniú, a athrú nó a neamhniú. Ceanglaítear breith an Choimisinéara ar na páirtithe go léir. Nuair is cuí sin, sonróidh sé an tréimhse inar chóir breith an Choimisinéara a bheith curtha i ngníomh. Beifear ag súil go gcinnteoidh an t-oifigeach idirchaidrimh go gcuirfear an bhreith i ngníomh le linn na tréimhse sonraithe.
Ó tharla go mbaineann teorainneacha ama le gach breith um SF, agus breitheanna an Choimisinéara san áireamh, is ríthábhachtach go seoltar gach teagmháil idir an Coimisinéir agus na comhlachtaí atá faoi réir na nAchtanna um SF go héifeachtach agus go tapa. Chuige sin tá fíorghá le socruithe soiléire idirchaidrimh a bheith leagtha síos chun cumarsáid éifeachtach idir an Coimisinéir agus na comhlachtaí, atá faoi réir na nAchtanna um SF, a chinntiú.
Socruithe Idirchaidrimh
Bunghné sa socrú idirchaidrimh is ea go gceapfadh gach comhlacht poiblí iomchuí, ball foirne a d’fheidhmeodh mar oifigeach idirchaidrimh sna déileálacha uile le hOifig an Choimisinéara. Tá na breathnúcháin seo a leanas ag gabháil le ceapachán agus le ról an oifigigh idirchaidrimh:
Feidhmeanna an Oifigigh Idirchaidrimh
Is iad seo príomhfheidhmeanna an oifigigh idirchaidrimh i ndáil le hOifig an Choimisinéara Faisnéise:
- gníomhú mar phointe tosaigh teagmhála i ngach idirbheart / athbhreithnithe / imscrúduithe / idirghabhálacha / foilseachán faisnéise idir Oifig an Choimisinéara agus an comhlacht;
- a chinntiú go dtreoraítear aon fhiosrúchán i scríbhinn nó ó bhéal ó Oifig an Choimisinéara ar an bpointe chuig an duine iomchuí sa chomhlacht dá aire;
- a chinntiú go gcloítear leis na teorainneacha ama go léir a ghabhann le hiarrataí ar fhaisnéis ó Oifig an Choimisinéara;
- a chinntiú go mbíonn fáil go héasca ar na comhaid iomchuí agus na doiciméid go léir lena n-imscrúdú nuair a iarrann Oifig an Choimisinéara sin;
- a chinntiú go mbíonn áiseanna feiliúnacha ar fáil d’fhoireann an Choimisinéara nuair a thugann siad cuairt ar an gcomhlacht;
- a chinntiú go dtéitear i mbun aon ghnímh is gá chun breitheanna an Choimisinéara a chur i ngníomh;
- a chinntiú, nuair is iomchuí sin, go gcuirtear na tuarascálacha a éilítear faoi alt 20(1A)(d) (deimhnithe eisithe ag Ard-Rúnaí na Ranna Stáit a bhaineann leis an bpróiseas díospóireachta eisithe ag Ard-Rúnaí na Ranna Stáit), alt 25(11), (a shonraíonn na deimhnithe eisithe ag Aire), alt 32(4) (i ndáil le forálacha rúndachta in achtacháin) nó, nuair is cuí alt 19(4) (a bhaineann le hArd-Rúnaí an Rialtais) ar fáil don Choimisinéir laistigh den amscála cuí.
Ainmniúchán an Oifigigh Idirchaidrimh
Agus oifigeach á ainmniú i gcomhair dualgais idirchaidrimh ba chóir féachaint do na feidhmeanna thuas, agus do na gnéithe seo a leanas chomh maith:-
- ba chóir go mbeadh an t-oifigeach idirchaidrimh a cheapfadh an comhlacht ag grád sinsearach iomchuí d’fhonn freastal ar an riachtanas teacht a bheith go héasca aige ar cheann an chomhlachta;
- ba chóir go mbeadh sinsearacht an ainmní i gcruth is go n-éascófaí próiseáil na n- iarrataí ar fhaisnéis go tapa agus go héifeachtach laistigh sa chomhlacht. Ba chóir leordhóthain acmhainní a bheith san Aonad um SF i ndáil leis seo
- ba chóir go mbeadh sinsearacht an ainmní i gcruth is go n-éascófaí aon iarracht ón gCoimisinéir chun teacht ar réiteach idir na páirtithe, agus
an riachtanas é/í a bheith ar fáil go héasca d’fhoireann an Choimisinéara.
Athbhreithnithe an Choimisinéara
Mar a fhoráltar dó in alt 37(6) den Acht, socraíonn an Coimisinéir na nósanna imeachta sin do sheoladh athbhreithnithe (agus imscrúduithe) is a chinneann sí a bheith cuí agus is féidir go mbeidh siad seo chomh neamhfhoirmiúil is is féidir é ach é a bheith i gcomhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna an Choimisinéara. Féachfaidh an Coimisinéir i gcónaí do riachtanais an chomhlachta ar leith sin agus breith á tabhairt faoi nósanna imeachta aon cháis ar leith.
Ar iarratas ar athbhreithniú a bheith faighte agus an Coimisinéir a bheith sásta gur cás é an cás sin gur chóir, mar a sheasann sé, cinneadh a dhéanamh maidir leis, déanfar teagmháil le hoifigeach idirchaidrimh an chomhlachta. Ba chóir don oifigeach idirchaidrimh na feidhmeannaigh a rinne na breitheanna agus athbhreithnithe tosaigh a chur ar an eolas go bhfuarthas iarratas ar athbhreithniú.
Ba chóir go gcinnteodh an t-oifigeach idirchaidrimh nach rachfaí i mbun aon ghnímh a dhéanfadh dochar don athbhreithniú, m.sh. faisnéis a nochtadh nuair a éilíonn tríú páirtí athbhreithniú ar an mbreith an fhaisnéis sin a nochtadh, scrios nó fáil réidh le taifid iomchuí.
Má chuireann an t-oifigeach idirchaidrimh in iúl nach ndeachaigh an iarraidh trí phróiseas an athbhreithnithe inmheánaigh, ansin beidh a dhearbhú sin i scríbhinn riachtanach chomh maith le cóip den bhuniarraidh agus le breith thosaigh an chomhlachta phoiblí.
Is é atá in intinn an Choimisinéara, chomh fada is is féidir é, go gcinnfidh sí na cásanna d’athbhreithniú seo laistigh den amscála de cheithre mhí atá leagtha síos ag an Oireachtas. Beidh dlúthchomhoibriú ó chomhlachtaí poiblí riachtanach chun an aidhm seo a chur i gcrích. Tá trí réimse ar leith ann ina mbíonn géarghá le comhoibriú tapa ó na comhlachtaí poiblí, .i. (1) soláthar an doiciméadaithe ar an iarratas um SF féin, (2) soláthar na dtaifead ní na hiarrata agus (3) soláthar ráitis chearta maidir le cúiseanna le breitheanna.
Doiciméadú na n-iarratas
Is gá, sula dtabharfaimid breith an féidir géilleadh d’iarratas ar athbhreithniú nó nach féidir, an ceithre bhundoiciméad bainteach leis an iarraidh a fheiceáil, .i. :
- litir na hiarrata,
- an bhreith thosaigh,
- an t-iarratas ar athbhreithniú inmheánach agus
- an bhreith ar an athbhreithniú inmheánach.
I gcásanna a bhfuil an chosúlacht orthu go bhfuil feidhm ag alt 29 maidir leo, ní mór na nithe seo a leanas a sholáthar:
- an bhuniarraidh um SF
- na litreacha fógra chuig tríú páirtí ar bith
- na freagraí a tugadh ar na litreacha fógra
- litir bhreithe/ litreacha breithe a eisíodh chuig tríú páirtí ar bith
- litir breisithe a eisíodh chuig an iarrthóir
Ba chóir na doiciméid seo a sheoladh ar facs chuig an Oifig seo laistigh de lá nó dhó den iarraidh ón Oifig seo. Nuair nach gcuirtear na doiciméid ar fáil laistigh de sheacht lá den iarraidh eiseoimid meabhrúchán amháin trí ghlaoch teileafóin (nó ar facs). Nuair nach mbeidh na doiciméid curtha ar fáil laistigh de sheacht lá den mheabhrúchán, eiseoidh an Coimisinéir fógra chuig ceann an chomhlachta phoiblí faoi alt 37 den Acht um SF, chuig ceann an chomhlachta phoiblí, á iarraidh go gcuirfí na doiciméid ar fáil.
Soláthar na dtaifead
Beidh gá ag an Oifig seo, i bhformhór na gcásanna, na taifid ní na hiarrata um SF, a imscrúdú. I dtéarmaí praiticiúla, is gá na taifid iomchuí a chur ar fáil don Oifig seo, más buntaifid iad sin nó más cóipeanna iad (ag brath ar an gcás). Agus taifid á n-iarraidh, ceadóidh an Oifig seo tréimhse coicíse don fheidhmsholáthar. Nuair nach gcloítear leis an spriocam seo eiseoimid aon mheabhrúchán amháin, trí ghlaoch teileafóin nó ar facs, agus ceadóimid seacht lá eile. Nuair nach mbeidh na taifid curtha ar fáil sa tréimhse fhadaithe seo, eiseoidh an Coimisinéir fógra faoi alt 37 den Acht um SF, chuig ceann an chomhlachta phoiblí, á iarraidh go gcuirfí na taifid ar fáil. Tá an Coimisinéir dóchasach nach gá fógraí a eisiúint faoi alt 37 ach amháin i líon beag cásanna. Mar sin féin, nuair is gá fógraí a eisiúint faoi alt 37 foilsíonn an Coimisinéir sonraí a n-eisiúna ina Tuarascáil Bhliantúil.
Agus na taifid seo á gcur ar fáil, tá sé an-tábhachtach iad a bheith sceidealta i gceart agus gur léir céard iad na taifid nó páirteanna de thaifid atá siarchoinnithe agus cén chuid atá nochtaithe (m.sh. trí úsáid a bhaint as marcóir aibhsithe). Más rud é go bhfuil na taifid seo siarchoinnithe, ba chóir go sonródh an sceideal a sholáthraítear an fhoráil ar leith faoin Acht um SF ar seasadh uirthi do gach aon taifead a siarchoinníodh.
Ráitis maidir leis na cúiseanna le breitheanna
Éilíonn an tAcht um SF, nuair a dhiúltaítear géilleadh do thaifid, go dtugtar ráiteas soiléir maidir leis na cúiseanna a bhí le diúltú géilleadh. Forálann Alt 35 den Acht um SF, nuair a chinneann an Coimisinéir nach leor an ráiteas maidir leis na cúiseanna, "ordóidh" sí "don cheann lena mbaineann ráiteas, i scríbhinn…a thabhairt… ar ráiteas é ina mbeidh aon fhaisnéis bhreise i ndáil leis na nithe sin atá faoi chumhacht nó faoi rialú an chinn". Ní mór ráiteas dá leithéid a chur ar fáil tráth nach déanaí ná trí seachtaine tar éis a iarrtha.
Tarlaíonn iarmhairt dhúbailte nuair a thugtar go leor de bhreitheanna um SF le ráiteas nach leor é maidir leis na cúiseanna gur tugadh an bhreith. I dtús báire, bíonn sé deacair ar an iarrthóir fios a bheith aige/aici ar chóir dó/di athbhreithniú a lorg agus chomh maith leis sin bíonn sé deacair ar an Oifig seo an réasúnaíocht is bunsiocair le breith an chomhlachta phoiblí (atá arna athbhreithniú ag an gCoimisinéir), a thuiscint. Nuair is cosúil go bhfuiltear tar éis ráiteas, nach leor é, maidir leis na cúiseanna leis an mbreith, a thabhairt lorgóidh an Coimisinéir ráiteas níos iomláine ar na cúiseanna seo de bhua ceanglais faoi alt 35. Beidh an fhaisnéis bhreise seo le cur ar fáil don Choimisinéir agus don iarrthóir araon. Tá an Coimisinéir dóchasach nach gá fógraí a eisiúint faoi alt 35 ach amháin i líon beag cásanna, más gá iad sin féin. Mar sin féin, nuair is gá fógraí a eisiúint faoi alt 35 foilsíonn an Coimisinéir sonraí a n-eisiúna ina Tuarascáil Bhliantúil.
Aighneachtaí
Baineann an tsaincheist comhlacht poiblí a bheith ag cur aighneachta faoi bhráid an Choimisinéara i ndáil lena breith, leis an tsaincheist maidir leis na cúiseanna iomlána a thabhairt maidir lena breith. Tá sé de rún againn go mbeadh cuireadh á thabhairt do chomhlachtaí poiblí aighneacht den sórt a dhéanamh, dá mba mhian leo sin, go luath. Déanfar seo, de ghnáth, nuair a lorgófar na taifid, ní na hiarrata. Ceadófar tréimhse trí seachtaine, de ghnáth, chun aighneacht den sórt a dhéanamh. Nuair nach mbeidh aighneacht faighte sa tréimhse ama sin aireoidh an Coimisinéir go mbeidh sí saor chun tabhairt faoi bhreith a thabhairt gan tarchur a thuilleadh chuig an gcomhlacht poiblí. Is fiú a mheabhrú, sa chomhthéacs seo, nuair a dhiúltaítear géilleadh d’iarraidh ar thaifid (a rinneadh faoi alt 7 den Acht um SF) go bhfuil toimhde ann nach bhfuil an diúltú géilleadh ceart mura dtaispeánann an comhlacht poiblí "chun sástacht an Choimisinéara" go bhfuil sé ceart.
Réamhbhreithnithe
Saincheist ghaolmhar bhreise eile is ea an freagra a bhíonn ag comhlachtaí poiblí ar réamhbhreithnithe, mar a chuirtear chun cinn ón Oifig seo iad, ar chás ar leith. Tarlaíonn sé seo go ginearálta nuair is é réamhbhreithniú fhoireann an Choimisinéara nár chóir breith an chomhlachta phoiblí a dhaingniú agus go dtugtar deis imchainte don chomhlacht. Ní bheidh gá le litreacha ina mbeidh cur síos ar réamhbhreithnithe ach amháin i mbeagán cásanna. Leis an am teoranta atá ag an gCoimisinéir chun breith a thabhairt ar athbhreithnithe, tá sé ríthábhachtach go bhfreagródh comhlachtaí poiblí, nuair is mian leo freagra a thabhairt ar réamhbhreithnithe den sórt, laistigh de na teorainneacha ama sonraithe agus is coicís, de ghnáth, a bheidh ansin. Nuair a theipeann ar chomhlacht poiblí freagairt laistigh den spriocam sonraithe, aireoidh an Coimisinéir go mbeidh sí saor tabhairt faoi bhreith a thabhairt gan tarchur a thuilleadh chuig an gcomhlacht poiblí.
Aithníonn an Coimisinéir go mb’fhéidir go gcruthódh na socruithe atá tugtha síos thuas roinnt deacrachtaí do roinnt de na comhlachtaí poiblí. Mar sin féin, is léir go raibh sé i gceist ag an Oireachtas go dtabharfadh an Coimisinéir a breith faoi na hiarratais ar athbhreithniú go tapa – taobh istigh de cheithre mhí – agus tá na bearta seo riachtanach chun sprioc an Oireachtais a bhaint amach. Glacann an Coimisinéir leis, go mb’fhéidir nach mbeadh comhlachtaí poiblí, i roinnt bheag cásanna, agus mar gheall ar chúiseanna sonracha, ábalta freagra a thabhairt laistigh den teorainn ama atá tugtha síos thuas. Beidh ar chumas an Choimisinéara, an teorainn ama maidir le freagairt a fhadú, le réasún, i gcás an roinnt bheag seo de chásanna.
Is é mian an Choimisinéara go rachfaí ar aghaidh, le comhoibriú agus le comhthuiscint, le seoladh na n-athbhreithnithe, ar mhaithe lena chinntiú go mbainfeadh siad siúd go léir dá mbaineann, amach cuspóirí an Achta um SF. Tá sí dóchasach nach gá fógraí faoi alt 37 a eisiúint ach amháin i líon beag cásanna, más gá iad sin féin. Mar sin féin, nuair is gá fógraí a eisiúint faoi alt 37 foilsíonn an Coimisinéir sonraí a n-eisiúna ina Tuarascáil Bhliantúil.
Conclúid an athbhreithnithe
Tar éis an athbhreithnithe is féidir leis an gCoimisinéir breith an chomhlachta phoiblí a dhaingniú nó a athrú, nó an bhreith a neamhniú agus, b’fhéidir, breith eile a thabhairt.
Ní bhíonn éifeacht le breith an Choimisinéara, a dhéantar de bharr iarratais ar athbhreithniú, go dtí go dtéann na teorainneacha ama a bhíonn i bhfeidhm do dhéanamh achomhairc chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí viz. ocht seachtaine, in éag. Más rud é go ndéantar achomharc den sórt, ní bhíonn feidhm le breith an Choimisinéara mura agus go dtí go ngéilltear don achomharc i bhfabhar an Choimisinéara nó go dtarraingítear siar é. Maidir leis seo mar sin féin forálann na hAchtanna go bhféadfaí achomharc ar bhreith na hArd-Chúirte a dhéanamh go dtí an Chúirt Uachtarach.
Leis an gcostas agus na hacmhainní a bhaineann le bheith páirteach i gcásanna Ard-Chúirte agus Cúirte Uachtaraí, is é polasaí na hOifige aisghabháil na gcostas a lorg i ngach cás inar thug na Cúirteanna a mbreitheanna i bhfabhar an Choimisinéara.
Alt 29(5)
Más rud é go dtagann cásanna chun cinn faoi alt 29(5) den Acht agus nach bhfuil ar chumas an chinn géilleadh do cheanglais chomhairliúcháin fho-ailt (2), tá toiliú an Choimisinéara riachtanach sular féidir leis an gceann tabhairt faoi bhreith. Ba chóir d’oifigeach idirchaidrimh an chomhlachta scríobh chuig an gCoimisinéir ag lorg a toiliú maidir leis an gceanglas comhairliúcháin a chur de leataobh. Ba chóir, d’fhonn breith an Choimisinéara a éascú, mionsonraí na n-iarrachtaí go léir a rinneadh chun teagmháil a dhéanamh leis an duine aonair, ar gá, seachas sin, dul i gcomhairle leis, a thabhairt.
Nuair is féidir sin a dhéanamh, tabharfaidh an Coimisinéir breith (i ndáil le cásanna ar tagraíodh dóibh san alt roimhe seo) taobh istigh de choicís agus cuirfidh sí an t-oifigeach idirchaidrimh ar an eolas má tá toiliú á dheonú. Nuair nach ndeonaíonn an Coimisinéir toiliú, cuirfear comhairle ar an oifigeach idirchaidrimh maidir leis na bearta a bheidh le glacadh chun géilleadh d’alt 29(5) agus ba chóir a chinntiú go nglactar na bearta sin taobh istigh den tréimhse a bheidh sonraithe ag an gCoimisinéir ina freagra. Má gá a thuilleadh eolais a chur ar fáil maidir leis na cásanna seo, déanfaidh Oifig an Choimisinéara teagmháil, ar an gcéad dul síos, leis an oifigeach idirchaidrimh.
Cáipéisí a sholáthar, fínnéithe agus araile
Féadfaidh an Coimisinéir, chun críocha athbhreithnithe nó imscrúdaithe, a éileamh go gcuirfí aon fhaisnéis nó aon taifead a bheadh iomchuí dá hathbhreithniú nó dá himscrúdú ar fáil di. Nuair is cuí sin d’fhéadfadh go n-iarrfadh an Coimisinéir ar aon duine atá, ina tuairim, i seilbh aon fhaisnéis dá sórt nó aon taifead dá shórt teacht os a comhair d’fhonn í/é a sholáthar di. Is gá go gcomhlíonfadh comhlachtaí ceanglais an Choimisinéara maidir leis seo. Féadfaidh an t-oifigeach idirchaidrimh freastal ar aon agallamh idir an Coimisinéir (nó a foireann) agus oifigeach iomchuí ón gcomhlacht poiblí, ach sin a bheith faoi réir chomhaontú an Choimisinéara, agus ar iarraidh an oifigigh lena mbainfeadh.
An tOifigeach Idirchaidrimh le bheith coinnithe ar an eolas ag Oifig an Choimisinéara
Ó tharla gur tríd an oifigeach idirchaidrimh go príomha a bheidh an chumarsáid idir Oifig an Choimisinéara agus an comhlacht poiblí, cuirfidh Oifig an Choimisinéara roimpi a chinntiú go mbeidh an t-oifigeach idirchaidrimh coinnithe ar an eolas go hiomlán, mar shampla, trí cheisteanna a sheoladh chuig an oifigeach idirchaidrimh, trí chóipeanna d’aon chomhfhreagras suntasach a sheoladh chuig an oifigeach idirchaidrimh agus trí theagmhálacha neamhfhoirmiúla. Beidh athrú sa teagmháil ó chomhlacht go comhlacht agus braithfidh sin ar an gcás féin agus ar struchtúr an chomhlachta phoiblí.
Cuirfear an t-oifigeach idirchaidrimh ar an eolas nuair a bheidh athbhreithniú críochnaithe agus tabharfar fógra dó maidir leis an mbreith. Beifear ag súil go gcuirfidh an t-oifigeach idirchaidrimh an bhreith in iúl laistigh den chomhlacht ag brath ar an gcineál breithe a rinneadh agus beifear ag súil go ndéanfaí aon ghníomh is gá chun í a chur i bhfeidhm. Cuirfear an t-oifigeach idirchaidrimh ar an eolas freisin má tharraingítear siar iarratas ar athbhreithniú.