Alt 16 - Treoirleabhar

Aguisín 3 Aguisín 3 - IARRATAÍ LENA BHFUIL FEIDHM AG ALT 29 MAIDIR LEO – TREOIRLÍNTE

Cúlra

Is é cuspóir an nóta seo treoir a thabhairt d’fhoireann na hOifige conas déileáil le hiarratais athbhreithnithe agus iarrataí san áireamh a bhfuil feidhm ag alt 29 den Acht maidir leo.

Is ceanglas fógra reachtúil é Alt 29 atá ceangailteach ar chomhlachtaí poiblí maidir leis na díolúintí atá in alt 26 (faisnéis a fuarthas faoi rún), alt 27 (faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de) agus alt 28 (faisnéis phearsanta faoi thríú páirtí). I ngach ceann de na cásanna seo is féidir le comhlacht poiblí géilleadh d’iarraidh má mheastar gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh ná trí dhiúltú géilleadh di. Tá sé sainráite ag an Acht, i leith ábhar atá díolmhaithe (ach amháin nuair a chuirtear leas an phobail san áireamh) agus go bhfuil sé beartaithe an t-ábhar sin a scaoileadh, go dtagann sé seo faoi réir fhorálacha ailt 29. Ceanglaíonn an t-alt sin ar an gcomhlacht poiblí aon tríú páirtí áirithe a chur ar an eolas go moltar géilleadh don iarraidh ar leas an phobail agus go ndéanfaidh an comhlacht poiblí aon aighneacht ón tríú páirtí a mheas sula dtiocfaidh sé ar chinneadh géilleadh don iarraidh nó diúltú géilleadh di.

Céard is brí le hiarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi?

Sainmhínítear an téarma "iarraidh a bhfuil feidhm ag Alt 29 maidir léi" in alt 2(1) mar "iarraidh faoi alt 7 a bhfuil feidhm ag alt 26(3), 27(3) nó 28(5) maidir léi agus a ngéillfí di, ar leith ó Alt 29 ". Tóg alt 26(3) mar shampla, is éard is brí le hiarraidh den sórt ná gur chinn an comhlacht poiblí, ag staid ar leith den phróiseas déanta cinnte (faoi réir thuairimí an pháirtí a thug an fhaisnéis don chomhlacht poiblí agus/nó páirtí lena mbaineann an fhaisnéis a fháil, agus faoina réir sin amháin) gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail, tríd is tríd, géilleadh don iarraidh seachas diúltú géilleadh di.

Athbhreithniú an Choimisinéara ar bhreitheanna ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi

Forálann alt 34(1)(f) den Acht gur ceann de chatagóirí na mbreitheanna gur féidir leis an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh orthu ar iarratas ó dhuine iomchuí í an "bhreith maidir le hiarraidh a bhfuil feidhm ag Alt 29 maidir léi ". Forálann alt 34(4)(a), go ginearálta, nach mór aon iarratas ar athbhreithniú den sórt a dhéanamh "tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis fógra maidir leis an mbreith a thabhairt don duine iomchuí lena mbaineann". Dá réir sin tá dhá cheanglas ann atá le comhlíonadh sula ndéanann an Coimisinéir athbhreithniú ar bhreith ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi. An chéad cheann is ea gur duine iomchuí a chaithfidh an t-iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh (féach thíos). An dara ceann is ea go gcaithfear an t-iarratas a dhéanamh laistigh den teorainn ama, sé sin laistigh de choicís. (Is féidir leis an gCoimisinéir an teorainn ama coicíse a fhadú má bhíonn sé/sí den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann lena dhéanamh. I measc na bhforas gur féidir iad a mheas mar fhorais réasúnacha i roinnt cásanna tá ócáidí force majeure mar shampla – tinneas fadálach nó neamhláithreachas ón mbaile, ach déanfaidh an Coimisinéir cinneadh ar gach cás de bhua a fhiúntais agus ní féidir sraith chuimsitheach d’fhorais a mheasfaí a bheith réasúnach a leagan síos roimh ré).

Is é an t-iarrthóir an té dá dtugtar an sainmhíniú "duine iomchuí" in alt 34 (15) agus, más breith í i leith iarrata a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi, duine a bhfuil feidhm ag alt 29(2) maidir leis nó léi.

Bíonn feidhm ag alt 29 (2) maidir le:

  • duine a thug an fhaisnéis don chomhlacht poiblí agus, má chinneann an comhlacht poiblí é a bheith cuí, an duine lena mbaineann an fhaisnéis, más rud é gur iarraidh í a bhfuil feidhm ag alt 26(3) maidir léi, agus
  • an duine lena mbaineann an fhaisnéis, más rud é gur iarraidh í a bhfuil feidhm ag alt 27(3) nó 28(5) maidir léi. 

Breitheanna inar comhlíonadh ceanglais iomlána ailt 29

Is léir ó alt 14(1)(a) nár chóir do chomhlacht poiblí athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar bhreith thosaigh (.i. breith faoi alt 8 den Acht) maidir le diúltú géilleadh go hiomlán nó go páirteach d’iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi, faoin alt sin (féach an rannóg thíos faoin teideal ‘Cásanna a cuireadh ar aghaidh chuig athbhreithniú inmheánach’).

Má chuir an comhlacht poiblí, agus an bhreith tosaigh á tabhairt, forálacha ailt 29 i bhfeidhm go ceart ansin tá trí thoradh ann a d’fhéadfadh a bheith léi. Is féidir le haon ceann de na torthaí seo tarlú agus iarratas á dhéanamh chuig an gCoimisinéir.

An Chéad Toradh (diúltú géilleadh don iarraidh ar chúinsí leasa phoiblí)

Is diúltú géilleadh don iarraidh ar an gcúinse, inter alia, go raibh na taifid díolmhaithe faoi alt 26, alt 27 nó alt 28 agus nach fearr a dhéanfaí leas an phobail dá ngéillfí don iarraidh seachas dá ndiúltófaí géilleadh di an chéad toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an mbreith thosaigh. Is éard a bheadh tarlaithe i gcás den sórt sin gur chinn an comhlacht poiblí ar dtús go raibh na taifid díolmhaithe faoi alt 26, alt 27 nó alt 28, ach, ar an meán, gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail dá nochtófaí iad; tar éis fógra a thabhairt do pháirtí éigin faoi alt 29(2), tháinig an comhlacht poiblí ar athrú intinne.

I gcásanna den sórt ní bhíonn aon cheart ag an iarrthóir ar athbhreithniú inmheánach faoi alt 14 den Acht. Mura mbíonn an t-iarrthóir sásta leis an mbreith ní mór iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú chuig an gCoimisinéir Faisnéise laistigh den teorainn ama .i. coicís. Mar a tugadh faoi deara níos luaithe is féidir leis an gCoimisinéir an teorainn ama coicíse a fhadú má bhíonn sé/sí den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann lena dhéanamh. (Féach míreanna 4.16, 4.17, 4.22 agus 4.23).

Ó tharla gurbh í an bhreith a rinneadh diúltú géilleadh do rochtain, d’fhéadfadh go mbeifí ag súil leis nach mbeadh aon pháirtí a ndeachaigh an comhlacht poiblí i gcomhairle leis faoi alt 29 ag iarraidh go ndéanfadh an Coimisinéir athbhreithniú ar an mbreith. Más rud é, áfach, go ndéanann an t-iarrthóir iarratas go ndéanfadh an Coimisinéir athbhreithniú, ní mór plé leis na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo faoi alt 29 mar dhaoine iomchuí chun críocha ailt 34(15) agus ní mór iad a chur ar an eolas faoi athbhreithniú de réir ailt 34(6).

Maidir le hiarratais a bhfuil feidhm ag alt 26 maidir leo, d’fhéadfadh sé tarlú nach ndeachaigh an comhlacht poiblí i gcomhairle le duine lena mbaineann an fhaisnéis (tá rogha aige gan dul i gcomhairle). Níor chóir plé le daoine den sórt mar dhaoine iomchuí chun críocha ailt 34. Is páirtithe iad, áfach, ar féidir difear a dhéanamh dóibh agus is gá na treoirlínte i míreanna 5.8 go 5.15 a leanúint agus cinneadh á dhéanamh ar cheart iad a chur ar an eolas faoin athbhreithniú nó nár cheart.

An Dara Toradh (diúltú géilleadh don iarraidh faoi dhíolúintí eile)

Is é an dara toradh a d’fhéadfadh tarlú go dtabharfaí breith diúltú géilleadh don iarraidh ar fhorais seachas alt 26, 27 nó 28. Tharlódh sé sin, má tharla sé ag staid eile tar éis dó an próiseas fógra atá mar cheangal faoi alt 29 a thosú, gur chinn an comhlacht poiblí go raibh feidhm ag díolúine eile (is cuma an raibh feidhm ag alt 26, 27 nó 28 freisin). Ní breith í sin ar bhreith ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi. Cé gur fíor a rá, sa chás seo, gur chinn an comhlacht poiblí (faoi réir thuairimí an pháirtí a thug an fhaisnéis don chomhlacht poiblí agus/nó páirtí lena mbaineann an fhaisnéis, a fháil agus faoina réir sin amháin) gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail géilleadh don iarraidh seachas diúltú géilleadh don iarraidh, ní breith í breith den sórt sin ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi. Sin mar nach féidir a rá, ar leith ó alt 29, go ngéillfí don iarraidh.

Níor chóir don Choimisinéir Faisnéise glacadh le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhreith den sórt, má rinneadh ag an tús í. Is cóir, ina áit sin comhairle a chur ar an iarrthóir athbhreithniú inmheánach a lorg.

An Tríú Toradh (géilleadh don iarraidh ar leas an phobail / géilleadh don iarraidh mar nach bhfuil aon díolúine i bhfeidhm)

An tríú toradh a d’fhéadfadh tarlú breith a thabhairt géilleadh don iarraidh. Go hiondúil is éard a bhíonn mar bhunús do bhreith den sórt sin go gcáilíonn an taifead do dhíolúine faoi alt 26 (1), 27(1) nó 28(1), ach gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trína nochtadh. D’fhéadfadh sé tarlú freisin, áfach, le linn nós imeachta d’fhógra ailt 29, go ndéanfadh an comhlacht poiblí athmhachnamh ar an ábhar agus go gcinnfeadh sé nach gcáilíonn an taifead do dhíolúine. Cibé cás é is breith í an bhreith ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi. Is féidir le haon pháirtí a ndeachaigh an comhlacht poiblí i gcomhairle leis iarratas ar athbhreithniú ar an mbreith a dhéanamh chuig an gCoimisinéir laistigh den teorainn ama .i. coicís. I gcásanna den sórt ní mór plé leis an iarrthóir mar dhuine iomchuí agus ní mór é a chur ar an eolas de réir ailt 34(6).

D’fhéadfadh sé tarlú, maidir le hiarrataí a bhfuil feidhm ag alt 26 maidir leo, mar aon leis an gcéad toradh, nach ndeachaigh an comhlacht poiblí i gcomhairle leis an duine lena mbaineann an fhaisnéis (tá rogha aige gan dul i gcomhairle). Níor chóir plé le daoine den sórt mar dhaoine iomchuí chun críocha ailt 34. Is páirtithe iad, áfach, ar féidir difear a dhéanamh dóibh agus is gá na treoirlínte i míreanna 5.8 go 5.15 a leanúint agus cinneadh á dhéanamh ar cheart iad a chur ar an eolas faoin athbhreithniú nó nár cheart.

D’fhéadfadh sé tarlú freisin go ndéanfadh iarrthóir iarratas ar an gCoimisinéir Faisnéise maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh géilleadh do rochtain mar nár aontaigh sé/sí le réasúnaíocht chomhlachta phoiblí. D’fhéadfadh, mar shampla, go roghnódh an comhlacht poiblí go bhfuil feidhm ag alt 26(1)(a) maidir leis ach gur cheart géilleadh do rochtain mar go ndéanfaí leas an phobail. B’fhéidir nach n-aontódh an t-iarrthóir go raibh feidhm ag alt 26(1)(a) maidir leis. Ní iondúil go nglacann an Coimisinéir Faisnéise le hiarratais den sórt sin ó tharla nach bhfuil aon agóid idir an t-iarrthóir agus an comhlacht poiblí maidir le ceart rochtana. Má ghlactar le hiarratas ar athbhreithniú ó thríú páirtí, ní mór an t-iarrthóir a chur ar an eolas faoi alt 34(6) agus ní mór a insint dó go ndéanfar cinneadh maidir le haon aighneachtaí faoi fhorais na breithe le linn chúrsa an athbhreithnithe sin.

Cásanna inár leanadh d’fhorálacha an Achta

Beidh cásanna ann gurb í an bhreith thosaigh (.i. an bhreith faoi alt 8) géilleadh don rochtain ar thaifid a mheastar a bheith díolmhaithe faoi alt 26(1), 27(1) nó 28(1) chun go ndéanfaí leas an phobail ach go mbíonn an comhairliúchán airbheartaithe faoi alt 29 easnamhach ar bhealach éigin. Mar shampla níor sroicheadh na teorainneacha ama mar atá in alt 29 nó b’fhéidir nár míníodh i gceart an bunús comhairliúcháin do thríú páirtí ar bith. Is í an phríomhimní, de réir na bprionsabal a tugadh thuas, ar chinn an comhlacht poiblí, ag staid éigin den phróiseas déanta cinntí (faoi réir thuairimí an pháirtí a thug an fhaisnéis don chomhlacht poiblí agus/nó páirtí lena mbaineann an fhaisnéis, a fháil agus faoina réir sin amháin) gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail géilleadh don iarraidh seachas diúltú géilleadh di.

Go hiondúil níor cheart go lorgódh Imscrúdaitheoirí dul ar gcúl fógra airbheartaithe d’alt 29. Más rud é, áfach, go léiríonn an fhianaise go soiléir go raibh cinneadh déanta ag an gcomhlacht poiblí roimh fhógra d’alt 29 go raibh díolúine éigin (seachas alt 26, 27 nó 28) i bhfeidhm ar an taifead nó gur tháinig sé ar an gcinneadh nárbh é leas an phobail a dhéanfaí, tríd is tríd, lena nochtadh ansin níor chóir plé leis an iarraidh mar iarraidh a mbeadh feidhm ag alt 29 maidir léi.

Comhairliúchán taobh amuigh d’alt 29

I roinnt cásanna d’fhéadfadh go ndeachaigh an comhlacht poiblí i dteagmháil le tríú páirtí "go neamhfhoirmiúil", mar shampla, agus é mar aidhm aige cead an pháirtí lena mbaineann a lorg nó é mar aidhm aige fógra a thabhairt don pháirtí go raibh faisnéis fúthu le nochtadh. Má léiríonn an fhianaise go soiléir gur don chúis sin a rinneadh an comhairliúchán a rinneadh ansin ní mór diúltú géilleadh d’aon iarratas ó agóideoir tríú páirtí.

Ní bhíonn sé éasca i gcónaí, de bhun cleachtais, a fháil amach cén fáth a ndeachthas i mbun comhairliúcháin agus b’fhéidir fiú agus léamh á thabhairt ar an gcomhfhreagras, nach dtiocfaí ar réiteach ach is cóir na treoirlínte seo a leanas a leanúint. Má chinneann déantóir cinntí an taifead a nochtadh agus go mbunaíonn sé an bhreith sin ar fhorálacha ailt 26(3), 27(3) agus 28(5) ansin, gan a mhalairt eile d’fhianaise a bheith ann, is féidir a cheapadh gur tháinig an déantóir cinntí ar an gcinneadh seo roimh aon chomhairliúchán agus, dá bharr sin, gur breith í an bhreith ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi. I gcásanna nuair nach léir réasúnú na breithe ón litir bhreithe, is cóir a iarraidh ar an gcomhlacht poiblí a lua an raibh an bhreith bunaithe ar fhorálacha d’alt 26(3), 27(3) nó 28(5) nó nach raibh.

Cásanna a cuireadh ar aghaidh chuig athbhreithniú inmheánach

Mar a luadh thuas, is léir ó alt 14(1)(a) nár chóir go ndéanfadh comhlacht poiblí athbhreithniú inmheánach, ar bhreith thosaigh a tugadh chun diúltú géilleadh, go hiomlán nó go páirteach, d’iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi faoin alt sin. Tagraítear do chásanna inar ghlac an comhlacht poiblí go mícheart le breitheanna i gcomhair athbhreithnithe inmheánaigh níos deireanaí sa nóta seo.

Is féidir leis tarlú, agus breith thosaigh á déanamh aige, nach gcinneann an comhlacht poiblí go bhfuil feidhm ag alt 26(3), 27(3) ná 28(5) agus, dá bhrí sin, nach dtéann sé i gcomhairle le haon tríú páirtí faoi alt 29. I gcás den sórt, d’fhéadfadh go dtiocfadh athbhreithniú inmheánach as diúltú géilleadh don iarraidh. D’fhéadfadh go gcinnfeadh an t-athbhreithneoir inmheánach go bhfuil feidhm ag alt 26,27 nó 28 maidir léi ach gur cheart géilleadh don rochtain chun leas an phobail a dhéanamh. I gcás den sórt, níl comhairliúchán foirmiúil i gceist faoi alt 29 den Acht. Is féidir le comhlacht poiblí, de bhun cleachtais, dul i mbun comhairliúcháin neamhfhoirmiúil ag an staid seo.

Má chinneann, tar éis comhairliúcháin den sórt, an comhlacht poiblí géilleadh do rochtain, is féidir go bhfaigheadh an Coimisinéir iarratas, ó thríú páirtí a ndeachthas i gcomhairle leis, ag iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreith. Braitheann glacadh le hiarratas den sórt ar na cúiseanna a ndearna an comhlacht poiblí an comhairliúchán. Má rinneadh an comhairliúchán mar gheall gur chinn an t-athbhreithneoir inmheánach go raibh an taifead díolmhaithe seachas sin ach go raibh ceangal air é a nochtadh faoi réir fhorálacha ailt 26(3), 27(3) nó 28(5) ansin is breith í an bhreith ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi agus is féidir glacadh leis an iarratas. Ar an láimh eile, má rinneadh an comhairliúchán ar aon chúis eile, mar shampla, agus é mar aidhm cead an pháirtí lena mbaineann a lorg nó é mar aidhm aige fógra a thabhairt don pháirtí go raibh faisnéis fúthu le nochtadh, ní mór diúltú géilleadh d’aon iarratas ó agóideoir tríú páirtí.

Ní bhíonn sé éasca i gcónaí, de bhun cleachtais, a fháil amach cén fáth a ndeachthas i mbun comhairliúcháin agus b’fhéidir fiú agus léamh á thabhairt ar an gcomhfhreagras, nach dtiocfaí ar réiteach ach is cóir na treoirlínte seo a leanas a leanúint. Má chinneann déantóir cinntí an taifead a nochtadh agus go mbunaíonn sé an bhreith sin ar fhorálacha ailt 26(3), 27(3) agus 28(5) ansin, gan a mhalairt eile d’fhianaise a bheith ann, is féidir a cheapadh gur tháinig an déantóir cinntí ar an gcinneadh seo roimh aon chomhairliúchán agus, dá bharr sin, gur breith í an bhreith ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi. I gcásanna nuair nach léir réasúnaíochta na breithe ón litir bhreithe, is cóir iarraidh ar an gcomhlacht poiblí a lua an raibh an bhreith bunaithe ar fhorálacha d’alt 26(3), 27(3) nó 28(5) nó nach raibh.

Má chinneann an t-athbhreithneoir inmheánach diúltú géilleadh don iarraidh ní mór féachaint don teorainn ama chun iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise mar atá luaite i litir bhreithe an déantóra cinntí. Má chuirtear an t-iarrthóir ar an eolas gur coicís an teorainn ama, gan a mhalairt eile d’fhianaise a bheith ann, is cóir a cheapadh gur breith í an bhreith ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi. Ar an láimh eile, má thugann an litir bhreithe le fios don iarrthóir gur sé mhí an teorainn ama chun iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise, gan aon mhalairt eile d’fhianaise a bheith ann, is cóir a cheapadh nach breith í an bhreith ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi.

Cásanna ar glacadh go mícheart i gcomhair athbhreithnithe inmheánaigh

Mar a luadh thuas, níor chóir go ndéanfadh comhlacht poiblí athbhreithniú inmheánach faoi alt 14 ar bhreith thosaigh géilleadh diúltú, go hiomlán nó go páirteach, d’iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi. Is féidir leis tarlú, áfach, i gcásanna den sórt, go gceadaítear athbhreithniú inmheánach don iarrthóir, in earráid, in áit é a chur faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise. Go hiondúil ní thiocfaidh ábhar den sórt seo os comhair na hOifige seo ach amháin má dhéanann iarrthóir iarratas ar athbhreithniú ar bhreith an athbhreithnithe inmheánaigh. Más rud é, rud nach samhlaítear, go ndéantar an t-iarratas laistigh de choicís den bhunbhreith, is féidir glacadh leis mar iarratas ar athbhreithniú ar an mbunbhreith. Nuair a dhéantar an t-iarratas lasmuigh den tréimhse sin d’fhéadfaí diúltú géilleadh dó mar i gcásanna den sórt, ní breith faoi alt 14 í breith an athbhreithnithe inmheánaigh. Sna cúinsí seo, áfach, de ghnáth déanfaidh an Coimisinéir a rogha glacadh le hiarratais "dheireanacha" den sórt sin.

Iarraidh lena mbaineann taifid a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir leo agus taifid eile "neamhalt 29"

Baineann níos mó ná taifead amháin le formhór na n-iarrataí. Beidh cásanna ann ina mbeidh faisnéis a bhaineann le tríú páirtí i gcuid de na taifid agus beidh siad faoi réir chomhairliúcháin ailt 29, cé nach mbeidh aon fhaisnéis i dtaifid eile laistigh de scóip na hiarrata a mbeidh feidhm ag alt 26, 27 agus 28 maidir leo. D’fhéadfadh an comhlacht poiblí, áfach, cinneadh a dhéanamh go bhfuil na taifid dheireanacha sin díolmhaithe faoi alt (ailt) eile den Acht um S F. I gcásanna den sórt ní mór comhairle a chur ar an iarrthóir go bhfuil sé de cheart aige athbhreithniú inmheánach a fháil ar na taifid dheireanacha sin. D’fhéadfadh sé tarlú dá bhrí sin go ndéanfaí breith an chomhlachta phoiblí ar thaifid "ailt 29" a aisghairm go díreach chuig an Oifig seo laistigh de choicís cé go ndéanfaí na taifid dhíolmhaithe atá fágtha a aisghairm chuig an Oifig seo laistigh de shé mhí den bhreith ar an athbhreithniú inmheánach.

Back to contents