Alt 16 - Treoirleabhar

Aguisín 1 Aguisín 1: Seicliosta 1

SCAGADH NA nIARRATAS – GINEARÁLTA

CUID A hAON 

1. An bhfuil an comhlacht poiblí laistigh de shainchúram an Achta?

Seiceáil

  • (An Chéad Sceideal)
  • Sceideal an Achta Airí agus Rúnaithe, 1924
  • Reachtaíochtaí Iomchuí

2. An breith í an bhreith gur maidir léi a rinneadh an t-iarratas ar athbhreithniú a thagann laistigh d’alt 34 (1) den Acht?

3. Ar bhain an t-iarrthóir úsáid as athbhreithniú inmheánach? (Tabhair faoi deara: agus an bhreith thosaigh á déanamh, áfach, má d’fhógair an comhlacht poiblí faoi alt 29 ansin ní théann an t-iarrthóir chuig athbhreithniú inmheánach.)

4. An mbaineann iarratas an athbhreithnithe chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise go hiomlán le hábhar atá sa bhuniarraidh? [Mura mbaineann is cóir na treoracha atá in alt 4.10 go 4.15 ar athbhreithnithe neamhbhailí a leanúint.]

5. An ndearnadh an t-iarratas chuig Oifig an Choimisinéara:

Iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 9 nó ag alt 29 amháin maidir léi

- laistigh de choicís den bhreith

- níos mó ná coicís – is cóir a iarraidh ar iarratasóirí forais a sholáthar maidir le rogha a dhéanamh d’fhonn an t-am a fhadú (féach Seicliosta 2 thíos).

Iarraidh seachas an iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 9 agus alt 29 maidir leo

- laistigh de 6 mhí den bhreith

- níos mó ná 6 mhí tar éis na breithe[ is cóir na treoracha in ailt 4.16 go 4.25 ar ghlacadh d’iarratais dheireanacha a leanúint]

6. An bhfuil seasamh ceart ag an iarratasóir?

- An é an duine an buniarrthóir nó duine atá ag feidhmiú ar a shon/ar a son?

7. An bhfuil athbhreithnithe eile ag an iarratasóir – má tá, ní mór é seo a chur faoi bhráid cheann an aonaid tacaíochta.

8. An bhfuil cúinsí ann chun a mheas go bhfuil an t-iarratas chuig an gCoimisinéir suaibhreosach nó cráiteach? Má tá is cóir an comhad a chur ar aghaidh chuig ceann an aonaid tacaíochta.

9. An bhfuil an chuma air go mbaineann an t-iarratas chuig an gCoimisinéir le hábhar gur ní é a bhí faoi athbhreithniú nó gur ní é a bheidh faoi athbhreithniú eile? Má tá, is cóir an comhad a chur faoi bhráid cheann an aonaid tacaíochta.

10. Ar íocadh an táille cheart/gan táille dlite/íostarraingte neamhphearsanta/glactha do phearsanta amháin? TÁ [ ] NÍL [ ]

(Aibhsigh cibé acu is cuí)

11. An cás é inar mheas an comhlacht poiblí go raibh alt 26 (1), 27 (1) nó 28 (1) iomchuí ach ag staid ar leith sa phróiseas déanta cinntí gur thángthas ar thuairim gurbh fhearr a dhéanfaí leas an phobail trí nochtadh de réir ailt 26(3), 27(3) nó 28(5)?

TÁ [ ] NÍL [ ]

(TABHAIR FAOI DEARA: nuair ba í an bhreith dheiridh diúltú géilleadh ar chúinsí amháin, seachas ailt 26, 27 agus 28, ní breith í ar iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi.

TABHAIR FAOI DEARA: is féidir cás a bheith san áireamh anseo gurb í an bhreith dheiridh diúltú géilleadh – féach Aguisín 3 de Lámhleabhar Oifig an Choimisinéara Faisnéise Alt 16 lena thuilleadh eolais maidir leis seo a fháil.

Más ‘Tá’ freagra na ceiste thuas lean ar aghaidh chuig Seicliosta 2.

 

Sínithe ag:

Grád:

Dáta:

CUID A DÓ - Táillí dlite faoi IR 264 de 2003

1. An bhfuil faisnéis phearsanta amháin sna taifid ní na hiarrata agus/nó an mbaineann siad le cás lena bhfuil feidhm ag alt 28(6) maidir leis? Faisnéis phearsanta faoi mhionúr, faoi dhuine faoi mhíchumas nó faoi dhuine marbh déanta ag catagóirí áirithe de dhaoine lena n-áirítear tuismitheoir nó caomhnóir (i gcás mionúir nó dhuine faoi mhíchumas) agus ionadaí pearsanta nó neasghaol (i gcás duine marbh) TÁ [ ] NÍL [ ]

2. An mbaineann iarratas an athbhreithnithe leis an iarratas faoi alt 17 amháin (leasú d’fhaisnéis phearsanta) nó alt 18 (cúis na mbreitheanna)? TÁ [ ] NÍL [ ]

3. An mbaineann iarratas an athbhreithnithe amháin le breith táille a ghearradh (lena n-áirítear táille faoi IR 264 de 2003)? TÁ [ ] NÍL [ ]

4. An mbaineann iarratas an athbhreithnithe amháin le cás a bhfuil feidhm ag alt 41 maidir leis .i. "measta" diúltú géilleadh don iarraidh nó don iarratas TÁ [ ] NÍL [ ]

Más TÁ an freagra ar aon cheist acu sin, is féidir go nglacfaí leis an iarratas i gcomhair athbhreithnithe ar an gcoinníoll go bhfuil sé bailí i ngach foras eile.

Más Níl an freagra atá ar gach ceist, tá táille inmhuirir, lean ar aghaidh chuig ceist 5(i) go (iii) chun an táille a mheas.

5. (i) An bhfuil iarratasóir an athbhreithnithe mar thríú páirtí faoi alt 29 (féach Ceist 10 thuas agus Seicliosta 2) ag agóid in aghaidh nochtadh na dtaifead? Má tá is €50 an táille inmhuirir.

(ii) An sealbhóir cárta liachta nó cleithiúnaí gur sealbhóir cárta liachta iarratasóir an athbhreithnithe? (Tabhair faoi deara: murar léir é sin, is féidir a thuilleadh faisnéise a lorg ón iarrthóir).

Má tá, an bhfuil aon fhianaise ann a léireodh go ndearnadh an iarraidh ar son duine eile atá ag iarraidh íocaíocht na táille a sheachaint? Mura bhfuil, is €50 an táille inmhuirir.

(iii) I ngach cás eile is €150 an táille inmhuirir.

Ar íocadh an táille chruinn? TÁ [ ] NÍL [ ]

Más NÍL an freagra agus nár íocadh an táille chruinn, is cóir litir a eisiúint chuig an iarrthóir ag lorg íocaíocht ar an táille agus ní féidir an t-iarratas a ghlacadh go dtí go n-íocfar an táille sin.

Sínithe: Sínithe:

Grád: Grád:

Dáta: Dáta:

SEICLIOSTA 2.

SCAGADH na nIARRATAS – BREITH AR IARRAIDH A BHFUIL FEIDHM AG ALT 29 MAIDIR LÉI

1. An ndearnadh an t-iarratas chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise laistigh de choicís ó d’fhógair an comhlacht poiblí an bhreith?

TÁ [ ] NÍL [ ]

Más NÍL an freagra, is cóir a iarraidh ar an iarratasóir Oifig an Choimisinéara Faisnéise a chur ar an eolas maidir le haon fhoras sainiúil ar cheart don Choimisinéir Faisnéise é a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aici ar cheart glacadh leis an iarratas deireanach seo.

(TABHAIR FAOI DEARA: más ó iarrthóir an t-iarratas maidir le cás a chuaigh faoi athbhreithniú inmheánach (féach 3(b) thíos) ní mór féachaint do na himthosca go léir chun a dhearbhú gur iarraidh í a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi – féach "Cásanna a chuaigh faoi Athbhreithniú Inmheánach", Aguisín 3 de Lámhleabhar Oifig an Choimisinéara Faisnéise alt 16)

2. An duine iomchuí iarratasóir an athbhreithnithe? .i. duine díobh seo a leanas:

- an t-iarrthóir [ ]

- an duine a sholáthair an fhaisnéis (alt 26(1)) [ ]

- an duine lena mbaineann an fhaisnéis (alt 26(1),

27(1) nó 28(1) ) [ ]

3. (a) An mbaineann iarratas an athbhreithnithe leis an gcinneadh a tógadh ag staid na breithe tosaí?

TÁ [ ] NÍL [ ]

(b) Más NÍL freagra na ceiste 3(a), is féidir glacadh fós leis an gcás i gcomhair athbhreithnithe

- má bhain an bhreith thosaigh le diúltú do rochtain [ ]

agus

- murar tugadh aon fhógra do thríú páirtí ar bith ag

staid na breithe tosaí [ ]

(c) Murar féidir 3(a) nó 3(b) a dheimhniú, is féidir fós glacadh leis an iarratas má rinneadh an t-iarratas laistigh de choicís den bhreith thosaigh.

- an ndearnadh iarratas an athbhreithnithe chuig Oifig an

Choimisinéara Faisnéise laistigh de choicís den bhreith thosaigh? [ ]

4. Cé acu de na catagóirí a leanas lena mbaineann breith an chomhlachta phoiblí?

- breith rochtain chuig na taifid a dhiúltú [ ]

- breith rochtain chuig na taifid a ghéilleadh [ ]

5. NB Más í an bhreith a cinneadh rochtain chuig na taifid a ghéilleadh, deimhnigh anseo go ndearnadh teagmháil láithreach leis an gcomhlacht poiblí, gur tugadh comhairle dó maidir le hiarratas an athbhreithnithe agus gur tugadh comhairle dó maidir le forálacha ailt 44 den Acht.

[ ]

6. Seiceáil ar thug an comhlacht poiblí fógra don tríú páirtí maidir leis na taifid uile atá mar ní san iarratas chuig an gCoimisinéir Faisnéise?

[Más rud é nach raibh na taifid faoi réir nós imeachta an fh

Back to contents