- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
- Nuacht Reatha
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Alt 16 - Treoirleabhar
8.0 Socruithe chun déileáil le hiarratais ar athbhreithniú
8.1 Is é cuspóir an Choimisinéara gur chóir breith a fháil ar iarratais ar athbhreithniú laistigh den scála treorach ama de cheithre mhí, an oiread agus is féidir, a bhfuil foráil déanta dó in alt 34(3)(b) den Acht um SF.
8.2 Leanfar ar aghaidh ag próiseáil cásanna atá idir lámha cheana féin chomh maith le cásanna reatha. Chun cinneadh a dhéanamh ar an ord ina ndéileálfar leis na cásanna níos sine, beidh feidhm ag na critéir seo a leanas:
8.3 Ar mhaithe le cothromaíocht na nósanna imeachta, tabharfar tús áite do chásanna ar bhonn aoise, .i. déileálfar de ghnáth leis na cásanna níos sine roimh na cásanna a rinneadh níos déanaí.
8.4 Ní ar bhonn aoise amháin a dhéileálfar le cásanna. I roinnt cúinsí, is féidir go ndéileálfar le cásanna a rinneadh níos déanaí ná seanchásanna. Tarlóidh sé sin:
- nuair atá sé níos éifeachtaí déileáil le seanchás ar leith in éineacht le cás reatha (mar shampla, má bhíonn cás reatha an-chosúil le seanchás agus go dtagann na saincheisteanna céanna chun cinn sa dá cheann);
- nuair atá sé níos éifeachtaí déileáil le grúpa áirithe cásanna le chéile mar go bhfuil saincheisteanna gaolmhara i gceist iontu;
- nuair a thugtar cás nó catagóir ar leith do bhall foirne ar leith in Oifig an Choimisinéara Faisnéise, d’fhonn cuspóirí forbartha foirne;
- nuair a chuardaíonn an t-iarratasóir tosaíocht do chúis phráinneach ar leith; ach de bharr go mbeidh formhór na n-iarratasóirí ar ndóigh ag iarraidh go bhfaigheadh a gcásanna tús áite ní bheidh feidhm ag an bhforas seo ach in imthosca eisceachtúla amháin;
- nuair a thagann an Coimisinéir ar an tuairim gur cheart cás ar leith a luathú, mar shampla, d’fhonn treoir ghinearálta a thabhairt do chomhlachtaí poiblí maidir le hiarraidh ar leith nó catagóir iarrata a phróiseáil.