- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
- Nuacht Reatha
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Alt 16 - Treoirleabhar
7.0 Críoch a chur le cásanna
7.1 Is féidir deireadh a chur le hathbhreithniú ar roinnt bealaí, .i. :
- tarraingítear siar an t-iarratas ar athbhreithniú ar bhreith an chomhlachta phoiblí,
- déantar an t-athbhreithniú a scor,
- tagtar ar réiteach idir na páirtithe,
- críochnaíonn an Coimisinéir a hathbhreithniú ar bhreith an chomhlachta phoiblí faoi alt 34(2) den Acht.
7.2 Ag deireadh athbhreithnithe is gá don Imscrúdaitheoir na nithe seo a leanas a dhéanamh :
- eagrú go dtabharfar fógra do gach páirtí faoi thoradh an athbhreithnithe i scríbhinn,
- bunchomhaid nó buntaifid ar bith a chuir an comhlacht poiblí ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Faisnéise a thabhairt ar ais don chomhlacht sin. Ba chóir don chomhlacht lena mbaineann admháil a thabhairt ar chomhaid nó páipéir ar bith a thugtar ar ais dóibh agus ba chóir an admháil a chur i gcomhad an cháis.
7.3 I gcás athbhreithnithe a chríochnaíonn trí iarratas a tharraingt siar, ba chóir na treoracha seo a leanas a leanúint. Má léiríonn an t-iarratasóir ó bhéal gur féidir déileáil leis an iarratas mar iarratas atá tarraingthe siar, ba chóir dearbhú scríofa a lorg. Ba chóir cóip den fhógra scríofa maidir leis an tarraingt siar a chur chuig an gcomhlacht poiblí. Nuair nach bhfuil sé praiticiúil dearbhú scríofa a fháil ón iarratasóir nó nuair a léiríonn an t-iarratasóir a mhalairt, déanfaidh an oifig nóta de chomhaontú an iarratasóra agus eiseoidh an Oifig dearbhú scríofa chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann