Alt 16 - Treoirleabhar

6.0 Conclúid an athbhreithnithe

6.1 I ndiaidh na bhfíricí agus na n-argóintí iomchuí uile atá sna haighneachtaí a bhaineann le gach páirtí a mheas, chomh maith le comhairle dhlíthiúil ar bith agus aon treoracha ón gCoimisinéir, ba chóir don Imscrúdaitheoir athbhreithniú a dhéanamh ar stádas an cháis. Féadfaidh an tImscrúdaitheoir a dhéanamh amach ag an staid seo gur cás é an cas seo gur féidir é a réiteach mar thoradh ar athrú ar sheasamh an chomhlachta phoiblí nó ar athrú ar an iarraidh nó ar athrú ar an dá cheann.

6.2 Ar an láimh eile, is féidir leis an Imscrúdaitheoir a dhéanamh amach nach bhfuil an chosúlacht ann go n-athróidh ceachtar den dá pháirtí a seasamh ar bhealach a thabharfadh réiteach ar an gcás. I gcásanna den sórt sin, ba chóir don Imscrúdaitheoir aighneacht agus dréachtbhreith a ullmhú le cur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir, chomh maith leis an gcomhad iomlán (tabhair faoi deara: i gcásanna ar leith is féidir leis an gCoimisinéir Imscrúdaitheoir Sinsearach nó Imscrúdaitheoir a tharmligean chun an bhreith a thabhairt ar a son).

6.3 Is é an cuspóir a bhaineann le haighneacht a chinntiú go bhfuil fíricí uile an cháis ag an gCoimisinéir, gach argóint curtha i láthair agus comhairle dhlíthiúil ar bith agus an cur chuige a úsáideadh sa chás a mhíniú, chomh fada is nach léir é seo ón mbreith. Díríonn an aighneacht aird an Choimisinéara ar dhoiciméid ar bith sa chomhad a mheasann an tImscrúdaitheoir a bheith mar chabhair di agus í ag déanamh athbhreithnithe ar an gcás.

Back to contents