- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
- Nuacht Reatha
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Alt 16 - Treoirleabhar
5.28 A thuilleadh fiosraithe
De ghnáth ní bhíonn gá lena thuilleadh fiosruithe go dtí go bhfaightear freagraí.
5.29 Nuair a mheastar go bhfuil gá lena thuilleadh fiosruithe áfach, ba chóir don fhiosrú a bheith sách cuimsitheach chun cur ar chumas an Choimisinéara breith a thabhairt ar bhonn an fhreagra agus aighneachtaí ar bith a rinneadh. Aithnítear nach féidir é seo a dhéanamh i roinnt mhaith cásanna. Is é an chúis atá leis seo gur gné thábhachtach d’athbhreithniú ar bith iad na fíricí agus an fhaisnéis iomchuí uile a fháil. Is féidir go mbeadh tástáil ar dhearbhuithe na bpáirtithe i gceist anseo. Is féidir go mbeadh gá freisin don Imscrúdaitheoir ábhair a thabhairt chun cinn nár chuir an comhlacht poiblí san áireamh ar bhealach leordhóthanach ina chuid aighneachtaí nó a thug an t-iarrthóir chun cinn.
5.30 Éilíonn go leor de na díolúintí san Acht go bhfeidhmeoidh an comhlacht poiblí a bhreithiúnas – mar shampla, ag déanamh amach an féidir a bheith ag súil go réasúnach go dtarlóidh dochar ar leith. Den chuid is mó de, níor chóir d’Imscrúdaitheoirí dul i mbun díospóireachta le comhlachtaí poiblí maidir le fiúntais a bhaineann le breithiúnas den sórt sin a fheidhmiú. Ba chóir dóibh iarracht a dhéanamh na fíricí iomchuí a fháil agus tuiscint iomlán a fháil ar réasúnaíocht an chomhlachta phoiblí.
5.31 Mar achoimre, níor chóir d’Imscrúdaitheoirí a thuilleadh fiosruithe a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí ach amháin más gá sin a dhéanamh d’fhonn na fíricí iomchuí uile a fháil agus chun tuiscint iomlán a fháil ar réasúnaíocht an chomhlachta phoiblí.
5.32 Uaireanta, is féidir go dtabharfadh comhlacht poiblí ábhair chun cinn i rith an athbhreithnithe den chéad uair. Más léir don Imscrúdaitheoir go bhfuil nithe den sórt sin iomchuí don athbhreithniú agus go bhféadfaidís tionchar a bheith acu ar an gCoimisinéir maidir le seasamh le breith an chomhlachta phoiblí, ba chóir an t- iarratasóir a chur an eolas maidir leis na hábhair sin agus faoin gcúis a mheasann an tImscrúdaitheoir iad a bheith iomchuí. Ba chóir deis a thabhairt don iarratasóir freagra a thabhairt ach, go ginearálta, níor chóir cóip d’aighneacht an chomhlachta phoiblí a thabhairt dó/di. Níor chóir é sin a dhéanamh mar gur chóir aire a thabhairt go bhfuiltear ag leanúint forálacha ailt 43(3). Éilíonn na forálacha sin ar an gCoimisinéir gach réamhchúram réasúnach a ghlacadh d’fhonn cosc a chur ar nochtadh na faisnéise atá ar fáil i dtaifead díolmhaithe nó faisnéis dá gcuirfí san áireamh é gur taifead díolmhaithe a bheadh dá bharr, nó faisnéis a bhaineann leis an gceist an bhfuil taifead ann nó nach bhfuil, áit a n-éilíonn an tAcht ar an gcomhlacht poiblí gan an fhaisnéis seo a nochtadh.