- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
- Nuacht Reatha
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Alt 16 - Treoirleabhar
5.23 Cásanna eile
I roinnt mhaith cásanna, beidh faisnéis neamhleor ag an Imscrúdaitheoir d’fhonn breithiúnas réasúnach a thabhairt maidir le toradh dóchúil an athbhreithnithe. I gcásanna den sórt sin, ba chóir don Imscrúdaitheoir smaoineamh ar iarraidh ar an gcomhlacht poiblí, nó más cuí, ar an iarratasóir, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha a thagann chun cinn ón measúnú tosaigh laistigh de choicís ar a laghad agus ba chóir dó/di aon aighneacht eile a cheaptar a bheith iomchuí don athbhreithniú a iarraidh. Is é an cuspóir a bhaineann leis seo iarracht a dhéanamh, an oiread agus is féidir, na fíricí iomchuí a fháil ón gcomhlacht poiblí nó ón iarrthóir agus, i gcás an chomhlachta phoiblí, tuiscint iomlán a fháil ar na cúiseanna a bhfuil an comhlacht poiblí ag éileamh díolúintí faoi leith. Iarrfaidh an tImscrúdaitheoir freisin fíorábhar breise den sórt sin de réir mar a mheasann sé/sí a bheith iomchuí don bhreith.
5.24 Agus an tImscrúdaitheoir ag scríobh chuig an gcomhlacht poiblí, ba chóir aird a tharraingt ar alt 34(12)(b) a fhorálann go dtoimhdeofar nach raibh údar le breith chomhlachta phoiblí diúltú géilleadh do rochtain mura léireoidh an comhlacht poiblí lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith.
5.25 Más cosúil, i ndiaidh na fianaise atá ar fáil a mheas, gur cinnte go bhfuil páirt den bhreith ceart, is féidir leis an Imscrúdaitheoir leanúint ar aghaidh le moladh a dhéanamh don Choimisinéir chun críoch a chur leis an gcás trí bhreith cheangailteach. Ach, ba chóir don Imscrúdaitheoir a mheas ar cheart an t- iarratasóir a chur ar an eolas dá réir sin agus bunús a thuairime/a tuairime a mhíniú dó/di. (Agus machnamh á dhéanamh ar chóir iarratasóir a chur ar an eolas, ba chóir don Imscrúdaitheoir smaoineamh an bhfuil ábhar tugtha chun cinn ag an gcomhlacht poiblí a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an gCoimisinéir maidir le seasamh le breith an chomhlachta phoiblí – féach freisin ar mhír 5.32). Ba chóir don Imscrúdaitheoir a léiriú, má tharlaíonn sé go mbíonn ar an gCoimisinéir breith cheangailteach a thabhairt, go mbeidh an tImscrúdaitheoir ag déanamh molta ar aon dul leis seo. Maidir leis an bpáirt eile den bhreith, ba chóir don Imscrúdaitheoir a lua go bhfuil an Oifig i dteagmháil leis an gcomhlacht poiblí maidir lena éileamh/éilimh ar dhíolúine. Ba chóir deis a thabhairt don iarrthóir aighneacht a dhéanamh ar na nithe a thug an tImscrúdaitheoir chun cinn nó ar ábhair ar bith eile a mheasann sé/sí a bheith iomchuí don athbhreithniú.
5.26 Nuair a bhaineann an t-athbhreithniú le breith chun géilleadh d’iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi, ba chóir aird an iarratasóra a tharraingt ar alt 34(12)(a) a fhorálann go dtoimhdeofar go raibh údar le breith den sórt sin mura ndéanfaidh an t-iarratasóir a shuíomh, chun sástacht an Choimisinéara, nach raibh údar leis an mbreith.
5.27 I gcásanna ina ndiúltaíonn an comhlacht poiblí an iarraidh ar bhonn nach féidir teacht ar thaifid tar éis gach beart réasúnach a bhaineann le fáil amach cá bhfuil na taifid a ghlacadh, ba chóir na treoirlínte in Aguisín 2 a leanúint.