- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Alt 16 - Treoirleabhar
5.21 Socraíochtaí
Mar chuid den mheasúnú tosaigh, ba chóir don Imscrúdaitheoir a mheas an bhfuil féidearthacht ann an cás a réiteach, de bhun ailt 34(7). Baineann roinnt buntáistí le cásanna a réiteach gan bhreith cheangailteach. Ó thaobh an iarrthóra de, is féidir go mbeadh réiteach níos tapúla ar an ábhar agus go mbeadh rochtain, níos túisce, ar na taifid a rabhthas á gcuardach. Ó thaobh an chomhlachta phoiblí de, má fhaightear réiteach is féidir a thuilleadh aighneachtaí scríofa a thógann go leor ama a sheachaint. Ba chóir go ndéanfadh Imscrúdaitheoirí soiléir é nach cleachtadh é an réiteach atá deartha chun cearta iarrthóirí a laghdú ar bhealach ar bith. Ina ionad sin, is próiseas é atá dírithe ar na difríochtaí idir an dá thaobh a laghdú. I roinnt cásanna, tagann pointe ina mbíonn an t-iarratasóir sásta glacadh le breith an chomhlachta phoiblí mar a cóiríodh í le linn an nós imeachta a bhaineann leis an réiteach a fháil. I gcásanna eile, bíonn difríochtaí ann i gcónaí nach féidir a réiteach ach trí bhreith cheangailteach ón gCoimisinéir. Fiú má bhíonn breith cheangailteach ag teastáil, is féidir leis an bpróiseas socraíochta cabhrú le cinntiú go ndíríonn an bhreith ar riachtanais na díospóide idir na páirtithe.
5.22 I gcás ar bith ina measann an tImscrúdaitheoir go bhfuil féidearthacht ann an cás a réiteach nó na difríochtaí idir na páirtithe a laghdú, ba chóir dó/di teagmháil a dhéanamh le gach páirtí, ag taispeáint an bonn féideartha don socraíocht. Agus socraíocht féideartha á meas, ba chóir aird a thabhairt ní hé amháin ar ghéilleadh do rochtain ar na taifid ach ar na féidearthachtaí go bhféadfadh foirm eile rochtana a bheith inghlactha ag na páirtithe nó go mbeadh sé inghlactha rochtain a iarchur ar feadh tréimhse sonraithe. Ba chóir a thabhairt faoi deara gur cheart an fhéidearthacht ar shocraíocht a mheas i gcásanna a bhaineann le halt 29, alt 17 agus alt 18, chomh maith le cásanna rochtana simplí.