- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Alt 16 - Treoirleabhar
5.17 Cásanna ar cosúil iad a bheith inréitithe gan bhreith cheangailteach
Ar ndóigh, ní féidir gach cás den sórt sin a aithint ag tús an athbhreithnithe, mar gheall ar an bhfaisnéis teoranta a bhíonn ar fáil de ghnáth don Imscrúdaitheoir ag an bpointe sin. Go deimhin, i go leor cásanna, cabhróidh fiosrú eile ar an ábhar leis an Imscrúdaitheoir réiteach a mholadh ag staid níos deireanaí. Mar sin féin, léiríonn taithí gur féidir réiteach a fháil i roinnt cásanna nuair is léir go bhfuil breith an chomhlachta phoiblí ceart nó mícheart.
5.18 Áit a bhfuil an tImscrúdaitheoir de thuairim shoiléir, i ndiaidh na fianaise atá ar fáil a mheas, go bhfuil míthreorú déanta ag an gcomhlacht air féin nó go bhfuil an chosúlacht ann nár chuir sé breith ón gCoimisinéir a bhain leis go díreach san áireamh, is féidir le hImscrúdaitheoir ag an staid seo moladh a dhéanamh leis an gCoimisinéir deireadh a chur leis an athbhreithniú trí bhreith cheangailteach. De rogha air sin, in iarracht le féachaint teacht ar réiteach, is féidir le hImscrúdaitheoir dá rogha féin, a iarraidh go ndéanfadh an comhlacht poiblí athmhachnamh ar a sheasamh agus ba chóir a aird a tharraingt ar na hábhair iomchuí ar cosúil go ndearna sé neamhaird orthu agus a bhreith á tabhairt aige. Ba chóir go míneofaí go hiomlán sa litir chuig an gcomhlacht poiblí an bunús atá le réamhbhreith an Imscrúdaitheora go ndearna an comhlacht poiblí míthreorú air féin. Ba chóir tréimhse coicíse ar a laghad a chur ar fáil don chomhlacht poiblí chun freagra a thabhairt ar na pointí a rinne an tImscrúdaitheoir nó chun a thuilleadh aighneachtaí a dhéanamh maidir le ní ar bith eile a mheasann sé a bheith ábhartha don athbhreithniú. Ba chóir don litir a léiriú gur cosúil go bhfuil an cás oiriúnach do bhreith luath ón gCoimisinéir agus mura bhfaightear freagra laistigh de choicís go gcuirfear an comhad ar aghaidh chuig an gCoimisinéir le moladh go gcinnfeadh sé/sí an t-abhar ar aon dul leis an gcur chuige a glacadh sa litir. Mura bhfaightear freagra sásúil laistigh den tréimhse coicíse ba chóir an cás a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir le moladh do bhreith.
5.19 I roinnt cásanna, ní ghlacfaidh comhlacht poiblí leis go raibh a bhreith féin mícheart agus cuirfidh sé ar aghaidh a thuilleadh fíricí agus argóintí chun tacú lena bhreith. I gcásanna den sórt sin, ba chóir an t-ábhar breise a chuireann an comhlacht poiblí ar fáil a mheas go hiomlán. I ndiaidh é a mheas, má athraíonn an tImscrúdaitheoir a thuairim/a tuairim thosaigh go raibh breith an chomhlachta phoiblí mícheart ba chóir na treoracha i míreanna 5.25 agus 5.32 a leanúint. Ag an am céanna, is féidir leis an Imscrúdaitheoir a chinneadh go bhfuil a thuilleadh iniúchta ag teastáil agus ba chóir na treoracha i mír 5.28 a leanúint. De rogha air sin, is féidir go gcinnfeadh an tImscrúdaitheoir gur féidir críoch a chur leis an athbhreithniú ag an staid seo agus ba chóir na treoracha in alt 6 a leanúint.
5.20 Áit ar cosúil go bhfuil údar iomlán le breith an chomhlachta phoiblí agus go ndearnadh aighneachtaí an iarrthóra (má cuireadh ceann ar bith ar fáil) a mheas, is féidir ansin leis an Imscrúdaitheoir ag an staid seo moladh a dhéanamh don Choimisinéir críoch a chur leis an athbhreithniú trí bhreith cheangailteach. De rogha air sin, in iarracht le teacht ar réiteach, féadfaidh an tImscrúdaitheoir dá rogha féin teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir ag míniú cén fáth a meastar go bhfuil breith an chomhlachta phoiblí ceart. Ba chóir don Imscrúdaitheoir ról an Choimisinéara a mhíniú agus, más cuí, ba chóir a dhéanamh soiléir nach mbaineann sainchúram an Choimisinéara le díospóidí, nach bhfuil faoi théarmaí na nAchtanna um SF, a réiteach. Ba chóir don Imscrúdaitheoir scóip an athbhreithnithe a leagan amach go soiléir freisin agus ba chóir a léiriú go bhfuil sé ar intinn ag an Imscrúdaitheoir an comhad a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir le moladh do bhreith cheangailteach ar aon dul leis an gcur síos a bhí déanta. Ba chóir tréimhse coicíse ar a laghad, áfach, a thabhairt don iarratasóir chun aighneacht ar bith a dhéanamh maidir leis na hábhair a thug an tImscrúdaitheoir chun cinn nó maidir le ní ar bith eile a mheasann sé/sí a bheith iomchuí don athbhreithniú. Ba chóir aighneacht ar bith den sórt sin a mheas go hiomlán. I ndiaidh é a mheas, má athraíonn an tImscrúdaitheoir a thuairim/a tuairim thosaigh go raibh an ceart ag an gcomhlacht poiblí diúltú do rochtain, ba chóir don Imscrúdaitheoir smaoineamh ar theagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht poiblí.