- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Alt 16 - Treoirleabhar
5.1 Cuspóir an mheasúnaithe thosaigh
Nuair a thugtar cás d’Imscrúdaitheoir, ba chóir don Imscrúdaitheoir measúnú tosaigh a dhéanamh. Is é príomhchuspóir an mheasúnaithe thosaigh cur ar chumas an Imscrúdaitheora breith a dhéanamh ar an gcur chuige is fearr chun an cás a réiteach. Léiríonn an taithí go dtí seo go ndéantar breith ar chuid shuntasach d’athbhreithnithe (thart ar 50%) ar bhealach eile seachas breith cheangailteach an Choimisinéara faoi alt 34(2). I roinnt mhaith cásanna, críochnaítear athbhreithnithe trí shocraíocht idir páirtithe (mar atá i gceist le halt 34(7)), tríd an iarratas ar athbhreithniú a tharraingt siar nó trína scor. I gcásanna den sórt sin, is iondúil go n-athraíonn ceann amháin de na páirtithe nó ceann eile acu a seasamh. De ghnáth, is ar an fhaisnéis a bhíonn le fáil sa chomhfhreagras a iarrtar ar an gcomhlacht poiblí ag staid an scagtha (féach míreanna 4.1 agus 4.3 thuas), ar scrúdú na dtaifead, agus más féidir, ar ábhar na n-aighneachtaí ó na páirtithe iomchuí, amháin a bhunaítear an measúnú tosaigh.
5.2 Mar chuid den mheasúnú tosaigh ba chóir don Imscrúdaitheoir iarracht na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- measúnú a dhéanamh an gá fógra a thabhairt d’aon pháirtí eile, seachas iad sin a bhfuil tagairt déanta dóibh i mír 4.29, (féach treoracha i míreanna 5.8 go 5.16),
- measúnú a dhéanamh ar ar thug an comhlacht poiblí ráiteas leordhóthnach maidir leis na cúiseanna ar a bhreith don iarrthóir (murar thug, is féidir fógra faoi alt 35 a eisiúint – féach mír 5.3),
- cásanna ar féidir go bhfuil siad inréitithe gan bhreith cheangailteach a aithint,
- go háirithe cásanna a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach do réiteach a aithint, agus
- measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis nó aighneachtaí breise, más ann dóibh, ar gá iad a fháil ó na páirtithe.