Alt 16 - Treoirleabhar

4.24 Ilathbhreithnithe

Áit a bhfuil athbhreithniú amháin nó níos mó ag an iarratasóir os comhair an Choimisinéara, ba chóir do cheann an aonaid tacaíochta a sheiceáil an mbaineann an t-iarratas ar athbhreithniú le hábhar atá ina ní d’athbhreithniú eile den sórt céanna cheana féin. Má bhaineann, ba chóir an t-iarratasóir a chur ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn glacadh leis an iarratas ach go ndéanfar an ní a mheas i gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh roimhe seo. I gcás den sórt sin, ba chóir an comhad a chur ar aghaidh chuig an Imscrúdaitheoir atá ag déileáil leis an athbhreithniú a rinneadh roimhe seo. Ba chóir a thabhairt faoi deara nár chóir diúltú d’iarratas ar na cúinsí seo ach amháin má bhíonn athbhreithniú iomlán le déanamh ar an mbreith lena mbaineann mar chuid den athbhreithniú eile.

4.25 Is féidir go dtarlódh sé uaireanta go mbainfeadh iarratas ar athbhreithniú, a bheag nó a mhór, le hábhar atá ina ní d’iarratas ar athbhreithniú ar leith ag an bpáirtí céanna. Níor chóir diúltú d’iarratais den sórt sin ach de ghnáth ba chóir iad a thabhairt don Imscrúdaitheoir atá ag déileáil leis an athbhreithniú eile, agus a aird/a haird a tharraingt orthu.

Back to contents