- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Nuacht Reatha
- Acht um Míchumas 2005 & Inrochtaineacht
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Athbhreithniú ag an Choimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Alt 16 - Treoirleabhar
4.14 Rogha chun iarratais neamhbhailí a cheadú
Nuair a bhíonn iarratas ar athbhreithniú go hiomlán neamhbhailí, sa mhéid is go mbaineann sé le breith nach bhfuil aon dlínse ag an gCoimisinéir ina leith, ba chóir d’Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin, nó grád níos airde, diúltú dó faoi alt 34(9)(a)(ii). Nuair a bhíonn iarratas bailí go páirteach, ba chóir gurb é an gnáthchur chuige glacadh leis an iarratas sa mhéid is go bhfuil sé bailí agus sa mhéid sin amháin. I gcásanna eisceachtúla mar a bhfuil cur síos orthu thíos, áfach, is féidir a chinneadh de réir rogha an Imscrúdaitheora an t-iarratas a chur isteach ina iomlán. I gcás iarratas faoi alt 7 is é an cur chuige ba chóir a ghlacadh gur féidir an t-iarratas a chur isteach ina iomlán nuair is cosúil nach mbainfí leas ar bith as a iarraidh ar an iarratasóir iarratas nua a dhéanamh leis an gcomhlacht poiblí. Samplaí de thosca den sórt sin is ea iarrataí ar thaifid a bhfuil sé soiléir go bhfuil feidhm ag alt 22(1)(a) nó alt 46 maidir leo. I dtosca den sórt sin, faoi réir chomhaontú an chomhlachta phoiblí, is fearr glacadh leis an iarratas ar athbhreithniú ina iomlán, ach ba chóir an t-iarratasóir a chur ar an eolas go bhféadfaí, go teicniúil, diúltú géilleadh d’athbhreithniú ar dhiúltú ar rochtain nó go bhféadfaí dúshlán maidir le bailíocht athbhreithniú an Choimisinéara a thabhairt ina dhiaidh sin.
4.15 Bíonn na cúinsí céanna i bhfeidhm i gcás iarratais, déanta ag duine atá ag éileamh go ndearna gníomh chomhlachta phoiblí difear dó/di, ar athbhreithniú ar bhreith ar iarratas a rinneadh faoi alt 18 do ráiteas maidir leis na cúiseanna don ghníomh agus do thorthaí ábhartha ar bith den fhíric. Tá cúram áirithe ag teastáil, áfach, maidir le cinneadh a dhéanamh an bhfuil iarratais den sórt sin neamhbhailí. I ndáiríre, is féidir go mbeidh an chosúlacht air go bhfuil iarratasóirí ag tabhairt nithe nua chun cinn ag staid an athbhreithnithe inmheánaigh nó an Choimisinéara Faisnéise, nuair nach bhfuil á dhéanamh acu ach leordhóthanacht na bunbhreithe faoi alt 18 a cheistiú. Níor chóir glacadh le cásanna, áfach, nuair is beag gaoil, más ann dó ar chor ar bith, atá idir an ní atá tugtha chun cinn agus an bhuniarraidh chuig an gcomhlacht poiblí. Mar an gcéanna, ba chóir, de ghnáth, diúltú géilleadh do chásanna inar tháinig an iarraidh faoi alt 18 chun cinn ar dtús ag staid an athbhreithnithe inmheánaigh, spreagtha, b’fhéidir, ag rochtain ar thaifid a fuarthas i mbuniarraidh.