Alt 16 - Treoirleabhar

4.1 Admháil ar iarratais agus teagmháil le comhlachtaí poiblí

4.1 Admháil ar iarratais agus teagmháil le comhlachtaí poiblí

Ba chóir admháil a thabhairt ar an iarratas láithreach agus ba chóir an t-iarratasóir a chur ar an eolas go bhfaighidh sé/sí fógra maidir leis, a luaithe agus a chinneann an Coimisinéir glacadh leis an iarratas ar athbhreithniú nó gan glacadh leis. Ba chóir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Idirchaidrimh um SF an chomhlachta phoiblí ar an teileafón, ríomhphost nó facs. I gcás iarratas ar athbhreithniú, seachas cásanna a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir leo, ba chóir a iarraidh ar an Oifigeach Idirchaidrimh cóipeanna de na nithe seo a leanas a chur ar aghaidh ar facs nó sa phost :

  • an bhuniarraidh um SF,
  • breith thosaigh an chomhlachta phoiblí,
  • an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach, agus
  • breith an chomhlachta phoiblí ar athbhreithniú inmheánach.

4.2 Má léiríonn an tOifigeach Idirchaidrimh nár cuireadh an iarraidh trí phróiseas an athbhreithnithe inmheánaigh, ba chóir a iarraidh ansin ar an gcomhlacht poiblí é seo a dhearbhú i scríbhinn agus cóip den bhuniarraidh agus de bhreith thosaigh an chomhlachta phoiblí a chur ar aghaidh.

4.3 Más léir go bhfuil feidhm ag alt 29 (féach mír 4.9) maidir leis an iarraidh as a dtáinig an t-iarratas ar athbhreithniú, ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Idirchaidrimh agus cóipeanna de na nithe seo a leanas a iarraidh air/uirthi:

4.4 Má thagann an t-iarratas ar athbhreithniú ó dhuine a bhfuil feidhm ag alt 29(2) maidir leis/léi agus atá i gcoinne géilleadh molta ar rochtain ón gcomhlacht poiblí don iarrthóir, ba chóir aird an Oifigigh Idirchaidrimh um SF a dhíriú láithreach ar fhorálacha ailt 44 den Acht. Éilíonn sé seo nach dtabharfaidh an comhlacht poiblí éifeacht dá bhreith le taifid a chur ar fáil go dtí go gcinntear nó go dtarraingítear siar an t-iarratas ar athbhreithniú. Ba chóir dul i dteagmháil leis an Oifigeach Idirchaidrimh ar an teileafón agus ba chóir dearbhú a eisiúint ar facs nó ar ríomhphost. (Áit nach bhfaightear táille don iarratas faoi alt 29, ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Idirchaidrimh freisin).

4.5 Ba chóir comhad ar leith a oscailt do gach iarratas ar athbhreithniú.

Back to contents