Alt 16 - Treoirleabhar

BROLLACH

Faoi Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003, ("na hAchtanna um SF"), éilítear go bhfoilseoidh comhlachtaí poiblí na nithe seo a leanas:

"…na rialacha, na nósanna imeachta, na cleachtais, na treoirlínte agus na léirithe a úsáideann an comhlacht, agus innéacs d'aon fhasaigh a choimeádann an comhlacht, chun críocha breitheanna, cinntí nó moltaí faoi réim nó chun críocha aon achtacháin nó scéime a riarann an comhlacht maidir le cearta, pribhléidí, sochair, oibleagáidí, pionóis nó smachtbhannaí eile a bhfuil nó a bhféadfadh sé go mbeidh daoine den phobal ina dteideal nó faoina réir…"

Forálann Alt 16 freisin go ndéanfar foilseachán den sórt sin a nuashonrú gach trí bliana nó i ndiaidh athruithe suntasacha ar bith ar na rialacha nó nósanna imeachta iomchuí agus gur féidir foilseachán den sórt sin a sheachadadh go leictreonach. De réir na gceanglas in alt 16, tá na sonraí a bhaineann leis na nósanna imeachta um athbhreithniú agus na socruithe idirchaidrimh cothrom le dáta á gcur ar fáil faoi láthair ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara - www.oic.ie. Is féidir cóipeanna den fhoilseachán seo a fháil freisin ón Oifig seo ach iad a iarraidh.

Seolann an Coimisinéir Faisnéise athbhreithnithe, faoi alt 34 de na hAchtanna um SF, ar bhreitheanna a thugann comhlachtaí poiblí faoi na hAchtanna um SF. Is beag rialach, nós imeachta agus araile a rialaíonn an chaoi a sheolann an Coimisinéir agus a foireann athbhreithnithe den sórt sin. Forálann na hAchtanna um SF, gurb é an nós imeachta a bhaineann le hathbhreithniú a sheoladh cibé nós imeachta is cuí leis an gCoimisinéir in imthosca uile an cháis. Forálann siad freisin go mbeadh na nósanna imeachta chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir ach é a bheith i gcomhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna an Choimisinéara.

Tá sraith nósanna imeachta forbartha ag an Oifig chun athbhreithnithe a meastar a bheith cuí i bhformhór na gcásanna a sheoladh. Tá sraith socruithe idirchaidrimh ag an Oifig freisin le comhlachtaí poiblí a thagann faoi choimirce na nAchtanna um SF. Tá siad sin le fáil san fhoilseachán alt 16 seo.

Ina theannta sin, tagraíonn Alt 16 de na hAchtanna um SF d'fhoilseachán comhlachta poiblí ar innéacs d’aon fhasaigh a choimeádann an comhlacht. Cuireann an Coimisinéir an chuid is suntasaí dá breitheanna ar fáil ar shuíomh gréasáin na hOifige. Cé nach fasaigh iad na breitheanna seo mar nach gcuireann siad an Coimisinéir faoi cheanglas maidir le breitheanna a thabhairt amach anseo, leanfaidh an Coimisinéir, den chuid is mó, an réasúnaíocht ó bhreitheanna a tugadh cheana. Ina theannta sin, tagraíonn an Coimisinéir dóibh, nuair is cuí, agus í ag teacht ar bhreitheanna i gcásanna a thagann ina ndiaidh agus cuirtear ar fáil iad freisin d’fhonn treoir a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí agus d’úsáideoirí na nAchtanna um SF maidir le cur chuige an Choimisinéara i leith léiriú na nAchtanna in imthosca ar leith.

Is mise, le meas,

Patrick Whelan

Ard-Stiúrthóir

Back to contents