Alt 15 - Treoirleabhar

pdf File icon   (PDF) TreoirLeabhair - Alt 15 (pdf, 78 kb)

 

OIFIG AN CHOIMISINÉARA FAISNÉISE

 

TREOIRLEABHAR FAOIN STRUCHTÚR, AN EAGRAÍOCHT, NA FEIDHMEANNA, NA CUMHACHTAÍ, NA DUALGAISÍ, NA TAIFID & FAOI NA SEIRBHÍSÍ A CHUIRTEAR AR FÁIL

Foilsithe de réir alt 15 den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997

arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003

 

An tAcht um Shaoráil Faisnéise (SF)

Bunaíonn an tAcht um SF cearta reachtúla áirithe do gach uile dhuine:

  • an ceart rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí;
  • an ceart faisnéis oifigiúil a bhaineann leis an duine féin a leasú más rud é go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach;
  • an ceart na cúiseanna a bhaineann le breitheanna a dhéanann difear don duine féin a fháil.

Cuireann an tAcht um SF ar chumas daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid is féidir é i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta daoine aonair.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Faisnéise (an Oifig) faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 1997 chun foráil a dhéanamh d'athbhreithniú neamhspleách ar bhreitheanna a thug comhlachtaí poiblí ar iarrataí ar rochtain ar thaifid agus chun oibriú an Achta um SF i gcoitinne a choimeád faoi athbhreithniú, a chumasú. Leasaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 an tAcht um SF, 1997. Is cóir glacadh le gach tagairt a dhéantar don Acht um SF mar thagairt d'Acht bunaidh na bliana 1997 agus d'Acht Leasaithe na bliana 2003.

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Is comhlacht poiblí chun críocha an Achta um SF í an Oifig féin, atá faoi stiúir an Choimisinéara Faisnéise (an Coimisinéir), agus dá bhrí sin d'fhéadfaí rochtain a fháil ar a taifid, faoi réir ag eisceachtaí áirithe, trí iarraidh SF a dhéanamh.

Ullmhaíodh agus foilsíodh an treoirleabhar seo de réir riachtanais alt 15 den Acht um SF.

Rochtain a éascú ar fhaisnéis oifigiúil atá i seilbh na hOifige an cuspóir atá aige. Tugann sé breac-chuntas ar:
  1. struchtúr agus feidhmeanna na hOifige;
  2. sonraí faoi na seirbhísí a chuirtear ar fáil;
  3. faisnéis faoi na cineálacha taifead atá ina seilbh; agus
  4. faisnéis faoi cé mar a dhéanfaí iarraidh ar an Oifig faoin Acht um SF
  5. faisnéis faoi cé mar a dhéanfaí iarratas ar athbhreithniú ar bhreith a thug an Coimisinéir struchtúir na dtáillí.

Tá an treoirleabhar seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara Faisnéise www.oic.gov.ie. Tá leagan clóbhuailte le fáil saor in aisce ón Oifig.

Feidhmeanna an Choimisinéara

Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna an Choimisinéara:

  • athbhreithniú a dhéanamh (ar iarratas chuige sin) ar bhreitheanna a thug comhlachtaí poiblí i ndáil le hiarrataí SF agus na breitheanna sin a dhaingniú, a athrú nó a neamhniú; má neamhnítear an bhreith féadfaidh an Coimisinéir breith nua a thabhairt;
  • oibriú an Achta a choimeád faoi athbhreithniú ag féachaint don chomhlíonadh is iomláine a chinntiú (d'fhéadfadh imscrúdú ar oibriú an Achta um SF, i gcoitinne agus i ndáil le comhlachtaí ar leith araon a bheith i gceist leis sin);
  • meon oscailteachta a chur chun cinn i measc comhlachtaí poiblí trína spreagadh le faisnéis faoina ngníomhaíochtaí a fhoilsiú go deonach - faisnéis sa bhreis ar a bhfuil d'oibleagáid orthu a fhoilsiú faoin Acht um SF;
  • tráchtaireachtaí a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le hoibriú praiticiúil an Achta um SF.

Athbhreithniú ar Bhreitheanna SF

Breitheanna Faoi Réir ag Athbhreithniú

Féadfaidh an Coimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar na breitheanna seo a leanas a tugadh faoin Acht um SF:

  1. Breith ag diúltú gach taifead iarrtha a chur ar fáil;
  2. Breith ag diúltú taifead iomlán a chur ar fáil;
  3. Breith ag diúltú taifead a chur ar fáil san fhormáid a lorgaíodh;
  4. Breith a tugadh maidir leis an ngéilleadh do rochtain ar an taifead a iarchur;
  5. Breith ag diúltú faisnéis phearsanta a cheartú;
  6. Breith faoi alt 18 trínár mhór na cúiseanna, a bhíonn le gníomhartha comhlachtaí poiblí a dhéanann difear ábhartha don duine, a thabhairt;
  7. Breith maidir le táille a ghearradh nó éarlais a lorg sula scaoilfí an fhaisnéis;
  8. Breith maidir le taifid a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail más rud é go bhfuil faisnéis phearsanta sna taifid, gur tugadh an fhaisnéis don chomhlacht poiblí faoi mhodh rúin nó gur faisnéis í atá íogair ó thaobh na tráchtála de;
  9. Breith maidir leis an teorainn ama, inar mhór breith a thabhairt ar iarraidh ar rochtain, a fhadú.

Ní féidir leis an gCoimisinéir, i bhformhór na gcásanna, glacadh le hiarratas ar athbhreithniú mura bhfuil leas bainte ag an iarrthóir as an meicníocht i gcomhair athbhreithniú inmheánach atá i bhfeidhm ag an gcomhlacht féin. Dá mba rud é, áfach, gurbh é nó gurbh í ceann an chomhlachta phoiblí a thug an bhreith bhunaidh, ba chóir iarratas ar athbhreithniú ar an mbreith sin a dhéanamh go díreach ar an gCoimisinéir gan dul trí chéim an athbhreithnithe inmheánaigh. Ar an gcaoi chéanna is cóir na breitheanna a gcuirtear síos orthu ag 7, 8 agus 9 thuas agus roinnt de na breitheanna iarchurtha a chuimsítear ag 4 thuas a chur go díreach chuig an gCoimisinéir gan dul trí chéim an athbhreithnithe inmheánaigh.

Ní féidir leis an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna a tugadh ar iarrataí SF a rinneadh ar an Oifig ná ar Oifig an Ombudsman (is é an duine céanna atá ina hOmbudsman agus ina Coimisinéir). Faoi réir ag forálacha an Achta um SF féadfar achomharc a dhéanamh díreach chun na hArd-Chúirte i gcoinne breitheanna den sórt sin.

Ní féidir leis an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith a tugadh ar chás más rud é go bhfuil deimhniú aireachta faoi alt 25 den Acht um SF i bhfeidhm. Is foráil atá in alt 25 ina bhféadfaidh Aire den Rialtas a dhearbhú, i ndeimhniú, gur taifead díolmhaithe ó scóip an Achta um SF an taifead, ar na forais go bhfuil an taifead "sách íogair nó sách tromaí chun gur chóir dó nó di déanamh amhlaidh"

Ní féidir leis an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith a tugadh ar chás más rud é go bhfuil deimhniú faoi alt 20 den Acht um SF i bhfeidhm. Is foráil atá in alt 20 ina bhféadfaidh Ard-Rúnaí de Roinn Stáit deimhniú a eisiúint a shonraíonn go bhfuil ábhar i dtaifead "a bhaineann le próisis phléite" Roinne Stáit.

Féadfaidh an Coimisinéir diúltú géilleadh d'iarratas ar athbhreithniú más rud é go meastar go bhfuil an t-iarratas suaibhreosach nó cráiteach nó más rud é go mbaineann an t-iarratas le hábhar atá faoi réir ag athbhreithniú eile.

Tá breith an Choimisinéara ar athbhreithniú ina ceangal ar na páirtithe lena mbaineann. Féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí amháin i gcoinne breithe den sórt sin agus ina dhiaidh sin chun na Cúirte Uachtaraí.

Iarratais ar Athbhreithniú

Ní mór do dhuine a bhíonn ag lorg athbhreithniú ar bhreith iarratas a dhéanamh ar an gCoimisinéir taobh istigh de theorainneacha ama sonraithe. Is cóir, de ghnáth, iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh ar an gCoimisinéir taobh istigh de shé mhí tar éis don bhreith a bheith fógartha don duine. Féadfaidh an Coimisinéir dá rogha féin an teorainn ama a fhadú – ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh sí – más rud é go mbraitheann sí go bhfuil forais réasúnacha ann chun sin a dhéanamh.

Is iondúil gur teorainn ama coicíse a bhíonn i bhfeidhm más rud é:

  • go mbaineann an bhreith a bhfuiltear le hathbhreithniú a dhéanamh uirthi le fadú na teorann ama atá infheidhme i leith an chomhlachta phoiblí ar mhaithe le hiarraidh SF a phróiseáil é féin;
  • gur breith í an bhreith a bhfuiltear le hathbhreithniú a dhéanamh uirthi a bhreithnigh an comhlacht ar mhaithe le leas an phobail, taifead ina bhfuil faisnéis ar faisnéis phearsanta í nó ar tugadh don chomhlacht poiblí faoi mhodh rúin, nó atá íogair ó thaobh na tráchtála de, a scaoileadh agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le tríú páirtí leasmhar faoina bhreith mholta.

Féadfaidh an Coimisinéir dá rogha féin an tréimhse coicíse a fhadú i gceachtar den dá chás más rud é go bhfuil sí den tuairim go bhfuil na forais réasúnacha ann chun sin a dhéanamh.

Más rud é go ndéantar iarratas ar athbhreithniú, ní mór don Choimisinéir cóip den iarratas sin a sholáthar don chomhlacht atá i gceist.

Más rud é go gcinneann an Coimisinéir glacadh le hiarratas ar athbhreithniú, cuirfear an t-iarratasóir, an comhlacht poiblí lena mbaineann agus duine iomchuí ar bith eile ar an eolas agus tabharfar cuireadh dóibh aighneachtaí a dhéanamh ar an ábhar faoi bhreithniú le linn an athbhreithnithe.

Féadfar iarratas ar athbhreithniú a tharraingt siar ag céim ar bith suas go dtí go bhfógraítear an bhreith ar an athbhreithniú.

Féadfaidh an Coimisinéir, tar éis iarratas ar athbhreithniú ar bhreith a bheith faighte aici, más rud é go dtugann sí an tuairim nach leor na cúiseanna atá tugtha ag an gcomhlacht lena mbaineann ar a bhreith, ordú a thabhairt don chomhlacht sin faisnéis níos iomláine a thabhairt don iarrthóir agus di féin araon faoin mbreith.

Sonraíonn an tAcht um SF, más indéanta déanamh amhlaidh, gur chóir don Choimisinéir breith a thabhairt ar iarratas ar athbhreithniú taobh istigh de cheithre mhí tar éis a fhaighte. Cuirfidh an Coimisinéir na páirtithe in iarratas ar athbhreithniú ar an eolas faoin mbreith agus faoi na cúiseanna a bhfuil an bhreith bunaithe orthu. Soláthraíonn an Coimisinéir sonraí sa Tuarascáil Bhliantúil faoin líon iarratas ar athbhreithniú nár eisíodh breitheanna maidir leo taobh istigh den teorainn ama roghnaithe.

Féadfaidh an Coimisinéir aon cheist dlí a éireoidh le linn athbhreithniú a tharchur chuig an Ard-Chúirt lena cinneadh, agus féadfaidh an Coimisinéir déanamh breithe tar éis an athbhreithnithe a chur siar go dtí cibé tráth is cuí léi tar éis chinneadh na hArd-Chúirte.

Faoi réir riachtanais an Achta um SF, is í an Coimisinéir a roghnaíonn a nósanna imeachta féin chun athbhreithniú a sheoladh. Tugann an tAcht um SF chomh maith údarás don Choimisinéir iarracht a dhéanamh le socraíocht a dhéanamh idir na páirtithe mar mhalairt ar bhreith fhoirmiúil. Más rud é go n-aontaíonn na páirtithe le cur chuige den sórt sin, féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú na bpáirtithe, an t-athbhreithniú a chur ar fionraí, agus más rud é go n-aontaítear ar shocraíocht, scor den athbhreithniú sin.

Taifid i Seilbh na hOifige

Tagann an raon taifead atá i seilbh na hOifige taobh istigh de na catagóirí leathana seo a leanas (d'fhéadfadh go dtrasnódh roinnt acu a chéile).

Taifid ar an Riarachán Inmheánach

  • Taifid Phearsanra
  • Taifid Chuntas
  • Clár Sócmhainní
  • Treoirlínte agus Imlitreacha don Státseirbhís / don tSeirbhís Phoiblí
  • Ábhar foilsithe sna Meáin Chumarsáide, lena n-áirítear Giotaí Preasa
  • Óráidí agus Cur i Láthair leis an gCoimisinéir / le Foireann na hOifige
  • Teagmhálacha le comhlachtaí poiblí lena n-áirítear ainmneacha oifigigh idirchaidrimh na gcomhlachtaí go léir a chlúdaítear faoin Acht um SF.
  • Nótaí agus Miontuairiscí Cruinnithe Bainistíochta agus doiciméid ghaolmhara.
  • Taifid a bhaineann le foilsiú Tuarascálacha mar shampla an Tuarascáil Bhliantúil, lena n-áirítear taifid a bhaineann le cúrsaí aistriúcháin, tairisceana, deartha agus priontála.
  • Bainistíocht ar Shuíomh Gréasáin an Choimisinéara
  • Bainistíocht ar Athbhreithnithe Cásanna
  • Staitisticí ar Athbhreithnithe Cásanna
  • Iarrataí SF ar rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na hOifige
  • Iarratais ar athbhreithniú ar bhreitheanna SF a bhíonn taobh amuigh de dhlínse an Choimisinéara
  • Iarrataí faoin Acht um Chosaint Sonraí ar rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na hOifige
  • Gnáthfhiosruithe agus Gnáthchomhfhreagras

Polasaí

  • Teagmhálacha leis An Roinn Airgeadais
  • Teagmhálacha le Coistí de chuid an Oireachtais
  • Breitheanna/Comhfhreagras le hoifigí coibhéiseacha i ndlínsí eile

Reachtaíocht agus Nithe Gaolmhara

  • Plé leis an Roinn Airgeadais maidir le hoibriú an Achta um SF
  • Plé le Comhlachtaí Poiblí maidir le hoibriú an Achta um SF
  • Lámhleabhair Alt 15 agus Alt 16 de chuid Comhlachtaí Poiblí a chlúdaítear faoin Acht um SF

Treoracha/Treoirlínte don Fhoireann

  • Nósanna Imeachta chun Iarratais ar Athbhreithniú agus Fiosruithe a láimhseáil
  • Socruithe Idirchaidrimh le Comhlachtaí Poiblí

Athbhreithnithe/Imscrúduithe an Choimisinéara

  • Teagmhálacha leis an Iarratasóir, leis an gComhlacht Poiblí agus le Tríú Páirtí iomchuí ar bith
  • Taifid a bhaineann le breitheanna SF atá faoi athbhreithniú ag an gCoimisinéir
  • Aighneachtaí ó Pháirtithe lena mBaineann i dtaca le hAthbhreithniú / le hImscrúdú
  • Comhairle dlí a cuireadh ar an Oifig
  • Breitheanna an Choimisinéara Faisnéise
  • Taifid eile a bhaineann le hathbhreithnithe agus le himscrúduithe, lena n-áirítear sonraí socraíochta, sonraí faoi chásanna a críochnaíodh, imscrúduithe, anailísí, tráchtaireachtaí ó oifigigh na hOifige

Feidhmeanna agus dualgais eile an Choimisinéara faoin Acht um SF

  • Tuarascálacha ar oibriú an Achta um SF (alt 36)
  • Tuarascálacha Bliantúla (alt 40).
  • Taifid a bhaineann le Deimhnithe Aireachta (alt 25)
  • Taifid a bhaineann le neamhnochtadh taifead (alt 32)

Faisnéis Foilsithe ag an Oifig

Tá sé i gceist faoin Acht um SF rochtain a thabhairt ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus nach mbeadh fáil uirthi de ghnáth trí aon mhodh eile faoi réir ag díolúintí, nósanna imeachta agus teorainneacha ama áirithe. Tá an fhaisnéis seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí agus faoi fheidhmeanna na hOifige ar fáil gan aon chall dul i muinín an Achta um SF:

Tuarascálacha Bliantúla

Cuireann an Coimisinéir tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais gach bliain i ndáil le gníomhaíochtaí na hOifige le linn na bliana roimhe sin.  Is féidir Tuarascálacha Bliantúla a fháil:  

  • ón Oifig ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
  • ar an suíomh gréasáin ag www.oic.gov.ie
  • ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2.

Lámhleabhar Tagartha SF

  • Treoirleabhar faoi na Rialacha, na Nósanna Imeachta, na Cleachtais, na Treoirlínte agus faoin Léiriú a úsáideann Oifig an Choimisinéara Faisnéise (arna bhforordú le halt 16 den Acht um SF).

Foilseacháin Eile

Foilsíonn an Coimisinéir tuarascálacha ar oibriú an Achta um SF chomh maith.

Tá na tuarascálacha seo a leanas foilsithe go dáta:

  • Staidéar ar Lámhleabhair Alt 15 & 16 arna bhfoilsiú ag comhlachtaí poiblí
  • An tAcht um Shaoráil Faisnéise – Comhlíonadh na gComhlachtaí Poiblí Tráchtaireacht an Choimisinéara Faisnéise ar an Acht um SF
  • Tuarascáil ar Fhorálacha Neamhnochta an Achta um SF i gcomhair Chomhchoiste an Oireachtais ar Airgeadas agus ar an tSeirbhís Phoiblí (alt 32 ).
  • Bileog Eolais ar an Acht um SF agus ar Ról an Choimisinéara Faisnéise

Tá na foilseacháin go léir seo thuas ar fáil saor in aisce ón Oifig nó ar an suíomh gréasáin www.oic.gov.ie

Suíomh Gréasáin

Tá faisnéis bhreise faoin Oifig le fáil ar an suíomh gréasáin chomh maith.  Áirítear uirthi sin:

  • Faisnéis faoin gCoimisinéir agus faoin ról atá aici
  • Faisnéis faoin Oifig lena n-áirítear a bheith de réir Scéim na Gaeilge, de réir an Achta um Míchumas 2005 agus de réir Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí.
  • Téacs iomlán na nAchtanna um SF 1997 agus 2003 agus Rialacháin a rinneadh fúthu sin
  • Liosta de na Comhlachtaí Poiblí go léir taobh istigh de scóip an Achta um SF
  • Cé mar a dhéanfaí iarraidh SF ar an Oifig
  • Cé mar a dhéanfaí iarratas ar an gCoimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith SF a thug comhlacht poiblí.
  • Breitheanna suntasacha uile an Choimisinéara
  • Breithiúnais uile na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí maidir le hachomhairc ar bhreitheanna an Choimisinéara.
  • Óráidí agus Cur i Láthair leis an gCoimisinéir agus le foireann na hOifige

Iarrataí SF ar an Oifig

Tá duine ar bith i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí ar shlí eile. Tá sé de cheart ag duine, i gcoitinne:

  1. Rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na hOifige
  2. Faisnéis phearsanta atá i seilbh na hOifige maidir leis an duine féin a cheartú más rud é go bhfuil faisnéis den sórt sin míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach
  3. Rochtain a fháil ar chúiseanna na mbreitheanna arna dtabhairt ag an Oifig a dhéanann difear díreach don duine féin.

Ní chlúdaíonn an tAcht um SF na taifid go léir atá i seilbh na hOifige. Níl feidhm ag an Acht um SF maidir le taifid a bhaineann le hathbhreithnithe faoi alt 34 ná le himscrúduithe faoi alt 36 seachas le taifid a cruthaíodh roimh thús an athbhreithnithe nó an imscrúdaithe lena mbaineann, nó le taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige. D'fhéadfadh taifid eile – mar shampla taifid a bhaineann le riarachán na hOifige cosúil le nithe pearsanra nó le teagmhálacha ginearálta le comhlachtaí poiblí – a bheith ar fáil faoin Acht um SF (faoi réir ag díolúintí caighdeánacha)

Is cóir iarrataí SF a bhaineann le taifid na hOifige a chur chuig:

Phyllis Flynn

Oifigeach Idirchaidrimh SF

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395619 Facs: (01) 6395676

Ríomhphost: foi@oic.gov.ie

Is cóir iarrataí a dhéanamh i scríbhinn agus is cóir go sonrófaí iontu go bhfuiltear á ndéanamh faoin Acht um SF. Is cóir go sonrófaí san iarraidh an fhoirm ina bhfuil na taifid á lorg – mar shampla fótachóipeanna / diosca ríomhaireachta. Is cóir d'iarrthóirí cur síos chomh mion is is féidir é a dhéanamh ar na taifid d'fhonn na taifid a bhfuiltear á lorg a aithint. Más féidir ar chor ar bith é is cóir uimhir theagmhála a d'fhéadfaí a úsáid le linn uaireanta oifige a chur ar fáil chun sonraí na hiarrata SF a shoiléiriú. Cabhróidh foireann na hOifige chun an iarraidh SF a chur le chéile, más gá sin.

Tabharfaidh an Oifig admháil ar iarraidh faoin Acht um SF taobh istigh de choicís. Beidh fógra san admháil faoin gceart maidir le hathbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an mbreith i gcás nach mbeidh an t-iarrthóir sásta leis an mbreith SF a eisíodh. Eiseofar an bhreith taobh istigh de cheithre seachtaine. Meastar go ndiúltaítear d'iarraidh SF más rud é nár eisíodh breith taobh istigh de cheithre seachtaine tar éis an iarraidh SF a fháil.

An Ceart maidir le hAthbhreithniú Inmheánach ar Bhreith

Forálann an tAcht um SF do cheart maidir le hathbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna comhlachtaí poiblí. Féadfar athbhreithniú inmheánach a iarraidh más rud é gur diúltaíodh d'iarraidh SF nó gur géilleadh do chuid d'iarraidh nó go ndearnadh rochtain a iarchur. Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh chomh maith más rud é go ndéantar agóid in aghaidh an chineáil rochtana nó in aghaidh an leibhéil táillí a ghearrtar.

Is cóir iarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna na hOifige a dhéanamh i scríbhinn, chuig:

Phyllis Flynn

Oifigeach Idirchaidrimh SF

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2.

Teileafón: (01) 6395619 Facs: (01) 6395676

Ríomhphost: foi@oic.gov.ie

agus cinnteoidh sí go ndéanfaidh oifigeach atá ar scála níos airde ná an t-oifigeach a thug an bhunbhreith SF, an t-athbhreithniú. Is cóir iarraidh den sórt sin a dhéanamh taobh istigh de cheithre seachtaine tar éis na bunbhreithe a bheith tugtha. Ní mór an bhreith, tar éis athbhreithniú inmheánach, a eisiúint taobh istigh de thrí seachtaine tar éis a faighte.

Athbhreithniú an Choimisinéara

Mar is iondúil, féadfaidh an Coimisinéir athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna comhlachtaí poiblí tar éis athbhreithniú inmheánach a bheith déanta acu. Ní fhéadfaidh an Coimisinéir, áfach, athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna na hOifige tar éis athbhreithniú inmheánach a bheith déanta ag an Oifig. I gcúinsí den sórt sin agus faoi réir ag forálacha an Achta um SF, féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne breitheanna den sórt sin taobh istigh de cheithre seachtaine tar éis thoradh an athbhreithnithe inmheánaigh a fhógairt.

Tá na rialacha lena rialaítear an t-achomharc chun na hArd-Chúirte leagtha amach i Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 3) (An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997) 1998 (I.R. Uimh. 325 de 1998) arna leasú ag Rialacha na nUaschúirteanna (Na Rialacha um Ordú 130 (Leasú)), 2004 (I.R. Uimh. 471 de 2004).

Tá na rialacha lena rialaítear an t-achomharc chun na Cúirte Uachtaraí leagtha amach i Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986).

Táillí

Forálann an tAcht um SF do tháillí iarratais agus do tháillí cuardaigh/aisghabhála/cóipeála araon.

Táillí Iarratais 
An Cinéal Iarratas An Bhuniarratas Iarratas ar Athbhreithniú Inmheánach Iarratas ar Athbhreithniú chuig an gCoimisinéir
Rochtain a fháil ar thaifead €15 €75 €150

Rochtain a fháil ar thaifead ag sealbhóir cárta liachta / cleithiúnaí ar shealbhóir cárta liachta

€10 €25 €50

Tríú páirtí ag déanamh achomhairc in aghaidh breith comhlachta phoiblí a fhaisnéis a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail

Gan Táille Gan Táille €50

Rochtain ar Fhaisnéis Phearsanta a bhaineann leis an Iarrthóir (lena n-áirítear más rud é go lorgaíonn an t-iarrthóir taifid a bhaineann

(a) lena leanbh, nó (b) le céilí nó le gaol éagtha)

Gan Táille Gan Táille Gan Táille

Achomharc in aghaidh breithe táille a ghearradh

Gan Táille Gan Táille Gan Táille
Leasú ar Thaifid (Alt 17 den Acht um SF) Gan Táille Gan Táille Gan Táille
Ráiteas Cúiseanna (Alt 18 den Acht um SF) Gan Táille Gan Táille Gan Táille

Táillí Cuardaigh/Aisghabhála/Cóipeála

Tá na táillí bunaithe ar rátaí arna bhforordú ag an Aire Airgeadais.

Ní ghearrtar táillí cuardaigh ná táillí aisghabhála/cóipeála más rud é:

  • go mbeadh scaoileadh na dtaifead iarrtha ina chúnamh ar leith do dhuine aonair nó do ghrúpa ar bith a bheadh ag iarraidh saincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta léi a thuiscint.
  • go mbeadh an costas a ghabhann leis an táille a bhailiú níos mó ná an táille í féin.

Táille Cuardaigh/Aisghabhála:

€20.95 san uair

Táille Cóipeála:

Fótachóipeanna

€ 0.04 an leathanach

Diosca Bog

€ 0.51 an ceann

CD ROM

€ 10.16 an ceann

X-gha

€ 6.35 an ceann

Tá an líon uaireanta a bheidh gafa leis an gcuardach agus leis an aisghabháil a bhféadfaí táille a ghearradh orthu teoranta don líon uaireanta a thógfadh sé na taifid a aimsiú i gcóras comhadaithe dea-eagraithe. Is ar an gcuardach fisiciúil amháin a ghearrtar an táille. Ní mór don chomhlacht poiblí éarlais de 20% ar a laghad a lorg más rud é gur dóigh go mbeadh an táille cuardaigh agus aisghabhála níos daoire ná €50.79. Is cóir an t-iarrthóir a chur ar an eolas faoi ghearradh na táille cuardaigh/aisghabhála taobh istigh de 2 sheachtain den iarraidh um SF. Is cóir meastachán den líon uaireanta a mheastar a thógfaidh an cuardach a chur ar fáil dóibh chomh maith. Ní thosóidh an comhlacht an cuardach go dtí go n-íocfar éarlais. Is féidir leis an iarrthóir teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht chun a fháil amach cé mar a d'fhéadfaí an éarlais a laghdú nó a chealú mar shampla tríd an iarraidh a bheith níos sonraithe rud a laghdódh an líon taifead a gcaithfí cuardach a dhéanamh orthu. Má dhiúltaítear d'iarraidh aisíocfar an éarlais.

Cén t-achomharc a d'fhéadfadh an t-iarrthóir a dhéanamh?

Is féidir leis an iarrthóir achomharc a dhéanamh in aghaidh na héarlaise arna lorg agus in aghaidh mhéid na táille iomláine arna ghearradh. Is í an táille amháin áfach, a bhreithneofar. Ní dhéanfar scrúdú ar na taifid atá faoi réir ag an iarraidh SF más rud é go ndéantar achomharc ar éarlais nó ar an táille dheiridh.

Struchtúr na hOifige

An Coimisinéir:

Emily O'Reilly

An tArd-Stiúrthóir

Pat Whelan

Imscrúdaitheoir Sinsearach:

Fintan Butler

Imscrúdaitheoirí:

Melanie Campbell, Elizabeth Dolan, Alison McCulloch, Marie O'Brien, Desmond O'Neill

Imscrúdaitheoir Sinsearach:

Seán Garvey

Imscrúdaitheoirí:

Ciara Burns, Anne Moran, David Nutley, Colin Stokes, Cathal Duffy.

Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin:

Phyllis Flynn

Oifigigh Feidhmiúcháin:

Frank Forde, Elizabeth Martin

Oifigigh Chléireachais:

Roseanne Browne, David Stone

Tá feidhmeanna seirbhísí corparáideacha na hOifige – acmhainní daonna, cúrsaí airgeadais, riaracháin agus theicneolaíocht na faisnéise – arna dtacú ag Oifig an Ombudsman.

Feabhra 2007