Athbhreithniú ar Bhreitheanna FOI Comhlachtaí Poiblí

Ceann d'fheidhmeanna an Choimisinéara Faisnéise is ea athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna tugtha ag comhlachtaí poiblí maidir le hiarrataí ar fhaisnéis déanta faoin Acht FOI. Tugtar forléargas leathan ar an bhfeidhm sin anseo. Is féidir cur síos mionsonraithe a fháil i Lámhleabhar Nósanna Imeachta na hOifige seo (ar a dtugtar lámhleabhar Alt 16 mar gurb é sin an t-alt san Acht FOI a éilíonn a tháirgeadh). Faoi láthair tá os cionn 400 comhlacht poiblí san áireamh faoin Acht FOI. Gheobhaidh tú faisnéis maidir le conas iarratas a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise ar athbhreithniú ar bhreith tugtha ag comhlacht poiblí sa chuid dar teideal "Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir" ar an láithreán gréasáin seo.

Iarraidh ar fhaisnéis

Faoin Acht FOI, déanann iarrthóir iarraidh ar thaifid (doiciméid leictreonacha nó pháipéir) agus ní mór don chomhlacht poiblí breith a thabhairt ar an iarraidh sin laistigh de cheithre seachtaine. Féadfaidh an comhlacht poiblí cinneadh leis an fhaisnéis uile a iarradh a chur ar fáil, cuid de a chur ar fáil, nó diúltú í ar fad a chur ar fáil. Áit a bhfuil sé ag diúltú rochtana ar fhaisnéis, ní féidir leis an gcomhlacht poiblí é sin a dhéanamh ach amháin de réir an Achta FOI a dhéanann foráil do chosaint faisnéise ar leith trína chlásail "díolúinte". Tá ailt den Acht freisin a dhéanann cur síos ar fhaisnéis nach bhfuil san áireamh faoin Acht agus is féidir le comhlachtaí poiblí brath ar na hailt sin chun rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú.

Athbhreithniú inmheánach an chomhlachta phoiblí

Má bhíonn an t-iarrthóir míshásta leis an mbreith, ní mór dó/di achomharc a dhéanamh ar an mbreith leis an gcomhlacht poiblí ar dtús (laistigh de cheithre seachtaine). Ní mór don chomhlacht poiblí breith ar "athbhreithniú inmheánach" a thabhairt ansin. Nuair nach dtugtar freagra laistigh d'fhráma ama ar leith, meastar gur diúltú a bhíonn i gceist agus is féidir leis an iarrthóir leanúint ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile - athbhreithniú inmheánach, nó achomharc leis an Oifig seo. Áit nach bhfuil aon mheicníocht athbhreithnithe inmheánaigh ar fáil, rud is annamh, is féidir iarratas a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir. Bíonn roinnt bheag de bhreitheanna "tosaigh" nach mbíonn orthu tabhairt faoi nós imeachta athbhreithnithe inmheánaigh. Tá táille iníoctha ag gach ceann de na trí chéim den phróiseas, ach ní bhaineann an táille ach le hiarrataí neamhphearsanta. Níl costas ar bith ar iarrataí ar fhaisnéis a bhaineann leat féin go pearsanta.

Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise

Más rud é, i ndiaidh breithe ar athbhreithniú inmheánach, go bhfuil an t-iarrthóir fós míshásta, is féidir leis nó léi achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise a dhéanfaidh athbhreithniú neamhspleách ar an mbreith. Déanfaidh an Coimisinéir scrúdú ar na taifid atá i gceist agus tabharfaidh sí cuireadh d'aighneachtaí ón iarrthóir agus ón gcomhlacht poiblí freisin. Is féidir leis an gCoimisinéir dul i gcomhairle freisin le tríú páirtithe ar bith a mheasann sí a ndéanfadh a breith difear dóibh (mar shampla, más rud é gur iarr duine faisnéis faoi iomaíocht tairisceana, rachadh an Coimisinéir i gcomhairle leis na gnólachtaí a bhí i gceist). I ndiaidh an athbhreithnithe seo, féadfaidh an Coimisinéir seasamh (dearbhú) leis an mbreith nó an bhreith a athrú, nó an bhreith a neamhniú agus breith nua a thabhairt.

Ualach an chruthúnais

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go ndeir an tAcht FOI gur ar an gcomhlacht poiblí a bhíonn ualach an chruthúnais. Ciallaíonn sé seo nach mór don chomhlacht poiblí léiriú don Choimisinéir go raibh údar lena bhreith. Is féidir leis é seo a dhéanamh trí fhianaise a chur i láthair agus tríd a chás a chur i láthair maidir leis an alt/na hailt iomchuí den Acht FOI. An t-aon eisceacht a bhaineann leis an riail seo is ea áit a bhfuil duine ag iarraidh faisnéis phearsanta a leasú má mheasann sé nó sí go bhfuil an fhaisnéis míchruinn: sa chás sin is ar an duine atá ag iarraidh an leasaithe a bhíonn ualach an chruthúnais.

Socraíochtaí

Is féidir go leor achomharc a dhéantar leis an gCoimisinéir a shocrú go neamhfhoirmiúil gan bhreith fhoirmiúil. Labhróidh Oifig an Choimisinéara leis an dá pháirtí (taobh) agus déanfar iarracht teacht ar thoradh sásúil do gach duine. Is é taithí an Choimisinéara go laghdaítear míthuiscintí ar cheachtar taobh má labhraítear leis an dá thaobh agus is féidir go mbeadh toradh níos fearr ann don iarrthóir. Críochnaítear gach céim de na caibidlí le comhaontú na bpáirtithe uile.

Faisnéis tríú páirtí

Deir an tAcht FOI nach mór dul i gcomhairle le tríú páirtithe má tá comhlacht poiblí le faisnéis a nochtadh fúthu ar mhaithe le leas an phobail a mbeadh faoi chosaint seachas sin. Más í breith an chomhlachta phoiblí faisnéis a nochtadh, féadfaidh an tríú páirtí achomharc a dhéanamh go díreach leis an gCoimisinéir Faisnéise laistigh de choicís. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar an bpróiseas seo in alt 4.9 de Lámhleabhar Nósanna Imeachta na hOifige seo (Alt 16).