Ról, Feidhmeanna agus Cumhachtaí an Choimisinéara Faisnéise

Tá an Coimisinéir Faisnéise go hiomlán neamhspleách ón Rialtas i gcomhlíonadh a feidhmeanna. Tá an neamhspleáchas seo á thacú ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.

Is féidir príomhfheidhmeanna an Choimisinéara a achoimriú mar seo a leanas:

athbhreithniú (ar iarratas) ar bhreitheanna comhlachtaí poiblí maidir le hiarrataí FOI agus nuair is gá, breitheanna ceangailteacha, nua a thabhairt;

athbhreithniú ar oibriú an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 ; arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 d'fhonn a chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí poiblí forálacha na reachtaíochta;

dearcadh oscailteachta a chothú i measc comhlachtaí poiblí ; trí fhoilsiú deonach a spreagadh ar fhaisnéis a sháraíonn an méid a bhfuil de dhualgas orthu a fhoilsiú faoin Acht;

tráchtaireachtaí a ullmhú agus a fhoilsiú ; ar oibriú praiticiúil na nAchtanna; agus

Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú.

Cuireann na hAchtanna FOI cumhachtaí ar leith ar fáil don Choimisinéir a chabhraíonn léi a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh.