Focal ón gCoimisinéir Faisnéise

Fáilte chuig láithreán gréasáin Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Chomh mai th le cur síos a dhéanamh ar na seirbhísí a chuireann m'Oifig ar fáil, tugann an láithreán seo deis dom féin agus do m'fhoireann an pobal i gcoitinne agus cleachtóirí FOI a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí i réimse na Saorála Faisnéise in Éirinn agus in áiteanna eile.

 Dearadh reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise d'fhonn athruithe suntasacha a chur ar an gcaoi a dtéann seirbhísigh phoiblí i mbun a gcuid oibre trí rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla a chur ar fáil. Cruthaíonn an reachtaíocht ceart ar fhaisnéis atá ag croílár ár n-idirbheart le comhlachtaí poiblí. D'uireasa faisnéise den sórt sin, ní féidir linn fiú tabhairt faoi fiafraigh cén chaoi agus cén fáth ar tugadh breitheanna. I mo thaithí féin mar Ombudsman, is minic a tharlaíonn sé gurb í an phríomhchúis taobh thiar de roinnt mhaith gearán i gcoinne comhlachtaí poiblí go dteipeann orthu faisnéis leordhóthanach nó faisnéis chuí a chur ar fáil. Chomh maith leis sin tugann an tAcht FOI ceart do dhuine ráiteas cúiseanna a fháil ar ghníomh comhlachta phoiblí i gcásanna ar leith, agus an ceart do dhuine faisnéis faoi nó fúithi féin a fháil ceartaithe má chruthaítear go bhfuil an fhaisnéis míchruinn.

Creidim gur féidir muinín na saoránach sa Rialtas agus i riarachán poiblí, atá chomh riachtanach do dhaonlathas atá ag feidhmiú mar is cuí, a chinntiú má bhíonn riarachán poiblí oscailte, cothrom agus freagrach, agus sa chás sin amháin. Meicníocht riachtanach chun é seo a bhaint amach is ea scrúdú poiblí. Creidim go bhfuil ról tábhachtach ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 maidir leis an gcuspóir seo a bhaint amach.

Trí mhéadú a chur ar inrochtaineacht ar fhaisnéis oifigiúil, cuirtear ar chumas an phobail baint a bheith acu freisin le beartais an lár-Rialtais, an rialtais áitiúil agus comhlachtaí stáit eile. Nuair a bhíonn rochtain ag daoine ar fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí an rialtais agus le gníomhaíochtaí a ndéanann difear dóibh féin, tacaíonn sé agus neartaíonn sé freagracht agus an próiseas daonlathais. Is féidir le daoine atá ar an eolas aon chúis imní nó dearcadh atá acu faoi shaincheisteanna tábhachtacha a chur in iúl ar bhealach níos soiléire agus is féidir leo dúshlán na mbreitheanna sin a dhéanann difear dóibh a thabhairt ar bhealach níos éifeachtaí.

Trí fhreagracht na nAirí, na mball tofa ar rialtas áitiúil agus na n-oifigeach poiblí i gcoitinne a chur chun cinn, creidim go gcuireann saoráil faisnéise déanamh breitheanna níos fearr, rialtas níos fearr agus riarachán poiblí níos fearr chun cinn.

Bíonn an láithreán gréasáin seo faoi athbhreithniú leanúnach agus cuirtear faisnéis nua leis de réir mar a bhíonn a leithéid ar fáil. Cuireann an láithreán naisc ar fáil le láithreáin eile faoi FOI go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon. Is féidir le taithí FOI i dtíortha eile a bheith an-úsáideach agus an-oiliúnach, agus tá sé tábhachtach dom féin agus do m'fhoireann a bheith mar pháirt de phobal FOI níos leithne. Bíonn tairbhe le baint as comhoibriú gairmiúil ar leibhéal idirnáisiúnta do gach rannpháirtí mar go bhfoghlaimímid óna chéile agus go gcuirtear tábhacht na saorála faisnéise chun cinn ar fud an domhain.

Forbraíodh an láithreán seo ionas go mbeadh sé inrochtana ag an oiread daoine agus is féidir. Tá an teicneolaíocht a úsáidtear deartha chun rochtain a chur ar fáil do gach úsáideoir agus tá an teanga a úsáidtear ar an láithreán soiléir agus sothuigthe. Tá súil agam go n-aimseoidh tú ábhar éigin ar spéis leat ar do chuairt. Inis dúinn le do thoil má bhíonn aon mholtaí agat chun feabhas a chur ar an láithreán.