- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Na hAchtanna & na Rialacháin um Shaoráil Faisnéise
- Comhlachtaí Poiblí atá san áireamh
- Déan Iarratas FOI
- Achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir
- Cinntí an Choimisinéara
- Breitheanna Cúirte
- Foilseacháin
- Na Meáin & Óráidí
- Tagairt
- Rannóg na nDaltaí
- Nuacht Reatha
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: info@oic.ie
Dearcadh Oscailteachta a Chothú
Luann an tAcht FOI go spreagfaidh an Coimisinéir Faisnéise comhlachtaí poiblí le faisnéis a bhaineann leo féin a fhoilsiú, maidir lena ngníomhaíochtaí agus feidhmeanna, faisnéis atá mar ábhar spéise don phobal i gcoitinne. Faisnéis í seo sa bhreis ar an bhfaisnéis atá siad faoi cheanglas a fhoilsiú faoi alt 15 (faisnéis faoina struchtúr agus taifid atá ina seilbh), agus alt 16 (rialacha, nósanna imeachta, treoirlínte agus léirithe a úsáideann siad d'fhonn a ngnólachtaí agus a scéimeanna a riaradh).
Trí thuarascálacha bliantúla, tráchtaireachtaí agus tuarascálacha imscrúdaitheacha, cuireann an Coimisinéir béim ar an ngá atá le hoscailteacht agus trédhearcacht i ngníomhaíochtaí uile na gcomhlachtaí poiblí. Níl aon amhras ach go bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil anois faoin tseirbhís phoiblí thar a bheith difriúil ón bhfaisnéis a bhí ar fáil deich mbliana ó shin. Tá baint nach beag ag tionchar FOI laistigh de chomhthéacs nuachóiriúcháin iomláin na seirbhíse poiblí leis seo. Bhí ról na dteicneolaíochtaí láithreán-bhunaithe ríthábhachtach freisin maidir le roinnt faisnéise ach is féidir tuilleadh feabhsúcháin a dhéanamh sa réimse seo fós. Is í an cheist ar cheart do sheirbhísigh phoiblí a chur orthu féin nuair a iarrtar orthu faisnéis a thabhairt amach "cén fáth nach dtabharfainn?" in áit "cén fáth a dtabharfainn?".
Spreagann an Coimisinéir comhlachtaí poiblí, nuair is cuí, le faisnéis a thabhairt amach lasmuigh den Acht FOI. Tá na nósanna imeachta atá leagtha amach san Acht sách sonrach, agus is gá dóibh a bheith, d'fhonn leasanna na gcomhlachtaí poiblí, na n-iarrthóirí agus na dtríú páirtithe a chosaint. Ach nuair a fhaightear iarrataí sách simplí ar fhaisnéis nach bhfuil íogair, spreagann an Coimisinéir comhlachtaí poiblí iad a phróiseáil trí na gnáthchainéil riaracháin gan an gá le hiarrthóirí a chur trí choinníollacha dochta an Achta FOI.
Agus oscailteacht á chothú déanann an Coimisinéir agus a foireann cuir i láthair do ghrúpaí éagsúla laistigh agus lasmuigh den tseirbhís phoiblí. Méadaíonn sé sin feasacht agus úsáid na reachtaíochta agus tarraingíonn sé aird ar na buntáistí do dhea-rialtas a bhíonn ann de bharr seirbhís phoiblí atá oscailte agus freagrach.